Ceardlann ar phleanáil teanga

29 Meán Fómhair, 2008

nóiméad léite

Reáchtáilfear lá eolais ar an bpleanáil teanga do chomharchumainn agus eagrais phobalbhunaithe Ghaeltachtaí na Mumhan in Óstán an Malton i gCill Airne ar an Luan an 29 Meán Fómhair óna 9.30r.n. go dtí 5.00i.n.

Tá an seisiún seo á eagrú ag Údarás na Gaeltachta le haird na n-eagras phobalbhunaithe Gaeltachta a dhíriú ar riachtanais na pleanála teanga ina gceantar feidhme. Léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a leochailí agus atá staid na teanga sa Ghaeltacht faoi láthair agus an phráinn atá le gníomh idirghabhála le creimeadh leanúnach na teanga sa Ghaeltacht a laghdú.

Beidh bainisteoirí agus ionadaithe na gcomharchumann agus na n-eagras phobalbhunaithe ag freastal ar an ócáid chomh maith le hionadaithe óna gcoistí bainistíochta. Déanfaidh Gareth Ioan ó eagras atá i mbun cur chun cinn na Breatnaise cur síos ar mhodhanna dea-chleachtais atá in úsáid sa Bhreatain Bheag agus déanfar ceardlann plé, le Seosamh Mac Donnacha, duine de údair an Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíochta mar áisitheoir, a thionól san iarnóin leis na rannpháirtithe ar fad.

Tá próiseas comhairleach ar siúl faoi láthair ag Údarás na Gaeltachta i réigiún na Mumhan le geallsealbhóirí éagsúla i measc na bpobal Gaeltachta le haird níos mó a dhíriú ar an tionchar a imríonn siad ar iompar teanga an phobail.

Dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt d’Údarás na Gaeltachta:

“Tá ról thar a bheith lárnach ag na Comharchumainn Ghaeltachta i bhforbairt agus i gcaomhnú na Gaeilge mar theanga pobail sna ceantair sin ina bhfuilid ag feidhmiú. Tá obair thar a bheith tábhachtach ar siúl acu i réiteach agus i bhfeidhmiú na bpleananna teanga seo agus tá lán tacaíocht na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus An tÚdarás ar fáil dóibh mar chrann taca. Tabharfaidh an cheardlann oibre seo deis do na Comharchumainn dul i gcomhar lena chéile chun a sain-taithí a roinnt maidir le forbairt na Gaeilge go háitiúil agus beidh saineolaithe aitheanta ón Bhreatain Bheag agus ó Éirinn i láthair le cabhrú linn i gcur chun cinn na hoibre seo”