Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

28 Iúil, 2008

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta san Ionad Fiontraíochta ar Árainn Mhór, Dé hAoine seo caite (25 Iúil 2008).

I measc na dtograí a ceadaíodh bhí:

Spás oifige a athchóiriú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh soláthar caipitil €185,000 le spás oifige in iarmhonarcha MDR ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a athchóiriú agus a athfhorbairt.

Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Chomharchumann Sliogéisc Chonamara Teo le cuidiú leis an Chomharchumann clár forbartha a chur chun cinn agus a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt.

Forbairt na Dromoda Teo, Cillín Liath, Co. Chiarraí
Ceadaíodh deontas caipitil d’Fhorbairt na Dromoda Teo le tacú leis an chomhlacht trealamh a cheannach do chúrsaí a bheidh a reáchtáil in Ionad na Dromoda i mí Meán Fómhair na bliana seo.

Chas Bord an Údaráis le toscaireachtaí ó Comharchumann Oileán Árainn Mhór agus Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór. Chuir toscaireacht ó iascairí an oileáin aighneacht faoina gcás os comhair an Bhoird. Thug an Bord cuairt ar roinnt tograí ar an oileán.