Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo

7 Aibreán, 2008

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta san Áislann i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Dé hAoine seo caite (4 Aibreán).

Ag an chruinniú sin ceadaíodh os cionn €1 milliún mar thacaíocht do chomhlachtaí léiriúcháin sa Ghaeltacht le tabhairt faoi dhá chlár faoi leith:

  • deontas oiliúna €150,000 le clár oiliúna dírithe ar fhorbairt scríbhneoireachta scripte agus stiúrthóireachta a sholáthar.
  • deontas oiliúna €1 milliún thar tréimhse dhá bhliain le tacú leis na comhlachtaí léiriúcháin ábhar smaointe do chláir a fhorbairt do TG4 agus do chraoltóirí eile.

Tá na cláir seo á gcur i bhfeidhm i gcomhar agus le tacaíocht ó TG4 agus na comhlachtaí léiriúcháin Gaeltachta.

Ceadaíodh na tograí seo a leanas chomh maith:

Comhar Iorrais Teo, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
Ceadaíodh deontas caipitil €80,000 do Chomhar Iorrais Teo le athchóiriú a dhéanamh ar seanstór de chuid an chomharchumainn in Áit Uí Chonáin. Beidh an foirgneamh seo a athfhorbairt mar spás fiontraíochta agus a chur ar fáil d’fhiontraithe áitiúla atá ag lorg spás le gnó a fhorbairt.

Eastát Tionscail Bhaile Bhúirne, Co. Chorcaí
Ceadaíodh soláthar caipitil €150,000 le aonad réamhdhéanta ina mbeidh spás fiontraíochta agus oifige a fhorbairt ar Eastát Tionscail Bhaile Bhúirne.

Comhar Iorrais Teo, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
Ceadaíodh deontas caipitil €110,000 do Chomhar Iorrais Teo le tacú leis an chomharchumann forbairt a dhéanamh ar chuid den fhoirgnimh atá acu i Sráid an tSéipéil i mBéal an Mhuirthead. Beidh an spás a athchóiriú agus a chur in oiriúint mar áis oiliúna agus oifige.