Coiste Réigiúin Chonnacht Laighean

19 Meán Fómhair, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in Áras Pobail Ros an Mhíl ar an 18ú Meán Fómhair 2007.

Chas an Coiste le toscaireachtaí ó Choiste Pobail Ros an Mhíl, ó Iasc Mara Teo. agus ó Chomharchumann Iascairí Ghaillimh agus Árann Teo. Pléadh na hábhair seo leanas:

  • Moltaí maidir le forbairt a dhéanamh ar thalamh an Údaráis ag Calafort Ros an Mhíl.
  • An gá le áiseanna ag an gcalafort le freastal ar lucht taistil go hÁrainn.
  • Géarchéim na hiascaireachta agus an éiginnteacht faoi thodhchaí Iasc Mara Teo.

Ceadaíodh cúnamh do 17 togra éagsúil ag an gcruinniú. San áireamh anseo tá na cinn seo leanas:

  • Gnó seirbhísí innealtóireachta atá le bunú i gCunga le sprioc fostaíochta de thriúr.
  • Comhlacht nua foilsitheoireachta atá le lonnú i dTír an Fhia le sprioc fostaíochta de dheichniúr lánaimseartha.
  • Oireachtas na Gaeilge a bhfuil spás nua oifige agus stórála le cur in oiriúint dó ar Eastát Chasla.
  • Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i gCorr na Móna ar an 25 Deireadh Fómhair 2007.