Fógraíonn Euró Iompú Teo. go bhfuil leachtaitheoir le ceapadh

31 Lúnasa, 2007

nóiméad léite

Is buile trom an scéala seo go bhfuil an cinneadh glactha Euró Iompú Teo a ghabháil i dtreo próiseas leachtaithe.

Chuir Euró Iompú Teo. in iúl dá gcuid oibrithe, ar an 1.00 inniu(31.08.07), ag cruinniú ina monarcha ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, go ndearna Bord Stiúrtha Euró Iompú Teo. cinneadh críoch a chur lena gcuid trádála agus go ndéanfadh siad cruinniú a thionól dá gcuid creidiúnaithe, ar an 12 Meán Fómhair, le cinneadh a dhéanamh leachtaitheoir a cheapadh don chomhlacht.

Tá 45 fostaithe ag an chomhlacht ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus beidh siad seo a ligean chun bealaigh ón lá inniu amach. Ghlac Bord Stiúrtha an chomhlachta an cinneadh seo mar go raibh an comhlacht an gníomhú in earnáil déantúsaíochta a raibh géarchoimhlint sa mhargadh ó dhéantóirí busanna i dtíortha íseal chostais.

Tháirg Euró Iompú Teo. réimse leathan coistí do mhótair busanna, ó bhusanna turasóireacht go busanna cathracha agus busanna scoile do mhargadh na hÉireann agus na hEorpa. Rinne siad athchóiriú ar bhusanna aonaracha chomh maith. Bhí an comhlacht ag gníomhú sa ghnó déantús busanna i nGaoth Dobhair ó bhí 1985.

Beidh gach uile iarracht a dhéanamh ag an Údarás togra eile a mhealladh ina áit. Tá an tÚdarás dóchasach gur féidir gnó eile den saghas seo a bhunú ar na scileanna atá forbartha san earnáil ghnó seo le blianta fada. Beidh socraithe á ndéanamh leis na hoibrithe clarú leis an Údarás má tá suim acu i ndeiseanna fostaíochta eile sa cheantar.