€318,000 Bronnta ag Ealaín na Gaeltachta Teo. ar 45 Tionscnamh Ealaíne sa Ghaeltacht

2 Bealtaine, 2007

nóiméad léite

Inniu d’fhógair Ealaín na Gaeltachta Teo. sonraí na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoi Scéim Fhorbartha na nEalaíon 2007.

Tá an scéim maoinithe seo dírithe ar thionscnaimh faoi stiúir ealaíontóirí, ar chleachtas comhoibritheach agus ar imeachtaí ealaíon sna gnéithe uile ealaíon dúchasacha agus comhaimseartha. Tá €318,000 bronnta i mbliana ar 45 tionscnamh ar fud na Gaeltachta.

Tháinig méadú suntasach 13.8 % ar luach na Scéime i mbliana, ó €290,000 go €330,000.

Ag caint dó faoin scéim, dúirt Louis de Paor, Stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta Teo:

“Cinnteoidh an tacaíocht seo go mbainfear leas iomlán as na healaíona chun saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch na Gaeltachta a shaibhriú. Tá ról tábhachtach ag ealaíontóirí i saol na Gaeltachta agus go deimhin tá ról tábhachtach ag ealaíontóirí Gaeltachta i saol ealaíon na tíre seo.”

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na dtionscnamh ealaíon a chuirtear ar bun sa Ghaeltacht ó bunaíodh an pháirtnéireacht idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon naoi mbliana ó shin.

“Feicfear torthaí na páirtnéireachta arís i mbliana i stiúideonna, in amharclanna, i seomraí scoile agus i hallaí bhailte beaga na Gaeltachta”, a dúirt De Paor.

I measc na n-iarratas ar ceadaíodh tacaíocht dóibh, bhain ocht gcinn le tionscnaimh ceoil, 4 le litríocht, 11 leis na dearcealaíon, ceann amháin le damhsa, 6 le drámaíocht, 2 le tionscnaimh idirdhisciplíneach agus14 le féilte ealaíon ina measc dhá fhéile scannánaíochta.