Gradam SMEDIA 07 tagtha chun na Gaeltachta

2 Aibreán, 2007

nóiméad léite

Rinne Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, comhghairdeas inniu le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair agus An Cheathrú Rua as ucht an chéad duais a bhaint amach ag na gradaim SMEDIA a bhí ar siúl sa Tripod i mBaile Átha Cliath ar an Mháirt seo caite (27 Márta).

Tá na gradaim SMEDIA dírithe ar mhic léinn in earnáil na meáin sna institiúid tríú leibhéal. Bíonn suas le 25 catagóir ina iomlán i gceist – ina measc gearr scannán, iriseoireacht raidió agus teilifíse, grianghraifeadóireacht, eagarthóir na bliana, script scannán agus rl.

I mbliana don chéad uair bhí catagóir Gaeilge ann – Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge -urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus TG4. As na h-iarratais go léir bhí cúigear ainmnithe ar an ghearrliosta – trí cinn ó chúrsa WIT/Nemeton agus péire ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ, Gaillimh.

Bhuaigh an clár Siúlach Scéalach a léirigh mic léinn as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair agus ar An Cheathrú Rua an chéad duais. Is clár faisnéise é seo agus rinneadh é a thaifead i nGaoth Dobhair. Ba é réalt TG4, Daithí Ó Sé, a bhronn an gradam.