Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sa Rinn, Co. Phort Láirge

26 Feabhra, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge ar an Aoine 23 Feabhra 2007. Ag an chruinniú sin ceadaíodh na tograí thíosluaite:

Monarcha 1, Eastát Tionscail na nDúnaibh, Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh soláthar caipitil de €650,000 do Mhonarcha 1, Eastát Tionscail na nDúnaibh, chun an foirgneamh seanthógtha a athfhorbairt agus a thabhairt go caighdeán ina mbeidh spás táirgíochta agus oifigí.

Institiúid Náisiúnta Traenála agus Forbartha (Rehabcare), Casla, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh soláthar airgid de €335,000 le obair fheabhsúcháin agus athchóirithe a dhéanamh ar an bhfoirgneamh ina bhfuil Institiúid Náisiúnta Traenála agus Forbartha i gCasla chun a chur in oiriúint do riachtanaisí an togra.

Ionad Fiontraíochta Scríb, Co. na Gaillimhe
Tá cinneadh déanta ag Bord Soláthair an Leictreachtais agus ag an Údarás go gcuirfí Ionad Fiontraíochta Scríb ar an margadh oscailte le díol.

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Ceadaíodh deontas taighde agus forbartha d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le tacú leis an Acadamh réamhobair thaighde agus forbartha a dhéanamh do bhunú Ionaid Bhreisoiliúna agus Thaighde i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus i gCarna, Co. na Gaillimhe.