An chéad fhómhar TROSC ó fheirm mhara in Éirinn ag dul ar an margadh

12 Eanáir, 2007

nóiméad léite

Inniu d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. an chéad fhómhar trosc ó fheirm mhara in Éirinn. Tionscnaithe ag Trosc Teo., is iad na troisc seo na chéad éisc eite mhara, gortha, tógtha agus fásta go méid an mhargaidh in Éirinn.

Is triúr feirmeoirí áitiúla bradán as Conamara, agus Taighde Mara Teo., fochomhlacht taighde agus forbartha muirshaothrú de chuid an Údaráis a bhunaigh an comhlacht Trosc Teo. sa bhliain 2005. Fuair an togra tacaíocht chomh maith ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh (Institiúid Martin Ryan i gCarna), Foras na Mara, Coimisiún Forbartha an Iarthair, Bord Iascaigh Mhara agus an Roinn Cumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

Ag labhairt dó ag an bhfógra, dúirt An tAire Ó Cuív “go raibh ceannródaíocht déanta ag Trosc Teo. ar thaighde agus ar fhorbairt an táirge seo. Laistigh de thréimhse gearr dhá bhliain, tá sé cruthaithe ag an gcomhlacht go bhfuil todhchaí tráchtála inmharthana ag feirmeoireacht trosc agus go mbeidh sé mar bhunchuid de thionscal an uisceshaothrú in Iarthar na hÉireann.”

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “gur dea shampla é seo den bhuntáiste is féidir a thabhairt chuig ceantar tré an earnáil príobháideach agus poiblí a bheith i gcomhpháirtíocht le chéile. Sa chás áirithe seo, tá ionad taighde mara tríú leibhéal, comhlacht speisialaithe margaíochta éisc, feirmeoirí éisc gustalacha sa cheantar, agus tacaíocht ar fáil ón bpobal áitiúil agus ón earnáil stát. Tá an tÚdarás ag tnúth go mór le tacaíocht a thabhairt do thograí a dhéanfaidh forbairt ar thionscail shubstaintiúil feirmeoireacht troisc in Éirinn.”

Ag rá dó go raibh an-áthas ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh obair go dlúth leis an togra a thabhairt go pointe réalaíoch tráchtála, dheimhnigh an tOllamh Michael Guiry, Stiurthóir Institiúid Martin Ryan i gCarna, go leanfaidh an Ollscoil orthu ag tacú leis an tionscal uisceshaothrú trí nuálaíocht thaighde fheidhmeach.

Dúirt An Dr. Peter Heffernan, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara go raibh áthas air chomh maith agus a d’éirigh leis an togra. Leis an imní mhór atá léirithe ag ár n-eolaithe san Stoc leabhar bhliantúil faoi thodhchaí an iascaireacht throisc fhiáin, is iontach a fheiceáil gur féidir rud éigin nithiúil a dhéanamh, tré thaighde agus nuálaíocht a chur i bhfeidhm chun soláthar roghnaíoch inmharthana den iasc thábhachtach seo a chruthú.

Tá sé mar aidhm ag Trosc Teo. fómhar a dhéanamh ar 80 tonna trosc i mbliana agus beidh an comhlacht ina tháirgeoir trosc orgánach lán-dheimhnithe faoin mbliain 2008.