Duaiseanna Réigiúnacha na Scéime Forbartha Pobail Gníomh don Ghaeltacht bronnta ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

5 Nollaig, 2006

nóiméad léite

Ag ócáid in Óstán na Páirce, An Spidéal tráthnóna (7 Nollag) inniu bhronn Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta duaiseanna Réigiúnach an Iarthair agus Gaeltacht na Mí sa scéim Gníomh don Ghaeltacht 2006 .

Tá an scéim seo oscailte do choistí deonacha pobail, comharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe atá cláraithe leis an Údarás. Bronnadh luach €61,500 i nduaiseanna mar seo a leanas:

Rannóg na gComharchumann / na gComhlachtaí Pobalbhunaithe

An Chéad Duais Comharchumann Forbartha Árann Teo €10,000

An Dara Duais Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla €5,000

An Tríú Duais Comharchumann Shailearna Teo €4,000

Duais Aitheantais Comharchumann Ráth Chairn €3,000

Duais Aitheantais Comharchumann Ionad Deirbhle Teo €2,000

Duais Aitheantais Comhairle Ceantar na nOileán €1,500

Duais Aitheantais Comharchumann Inis Meáin Teo €1,500

Duais Aitheantais Comhar Dún Chaocháin Teo €1,500

Duais Aitheantais Comhar Caomhán Teo €1,500

Duais Aitheantais Comharchumann Dhúiche Sheoigheach €1,500

Rannóg na nEagras Pobail

An Chéad Duais Coiste Pobail Rosmuc €10,000

An Dara Duais Comhairle Pobail an Spidéil €5,000

An Tríú Duais Cumann Forbartha Chois Fharraige €4,000

An Ceathrú Duais Seirbhís Cúraim Chill Choimín Teo €3,000

An Cúigiú Duais Coiste Forbartha na bhForbacha €2,000

Duais Aitheantais Coiste Pobail Chorr na Móna €1,500

Duais Aitheantais Coiste Pobail Ros a’ Mhíl €1,500

Duais Aitheantais Coiste Pobail Chill tSéadhna €1,500

Duais Aitheantais Coiste Pobail Thuar Mhic Éadaigh €1,500