Duaiseanna Réigúnacha “An Baile Beo” Bronnta

14 Samhain, 2006

nóiméad léite

Bronnadh na duaiseanna réigiúnacha do Thír Chonaill sa chomórtas “An Baile Beo” ag ócáid in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall (8.00 i.n. Déardaoin 16 Samhain). ‘Siad Éanna Ó Cnáimhsí, Méara Dhún na nGall agus Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, a bhronn na duaiseanna.

Roinneadh an duaischiste mar seo a leanas:

Rannóg na gComharchumann/Comhlachtaí Pobalbhunaithe

An chéad duais – Cumann Turasóireachta & Trádála an Fhál Charraigh Teo. €3,000

An dara duais – Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo. €2,000

An tríú duais – Comharchumann na nOileán Beag Teo €1,000

Rannóg na gCoistí Pobail:

An chéad duais – Coiste Pobail Ghort an Choirce €3,000

An dara duais – Coiste Miontograí Loch an Iúir €2,000

An tríú duais – Comhairle Paróiste Chill Charthaigh €1,000

Duaiseanna Aitheantais:

Coiste Forbartha Charraig Airt €1,000

Coiste Forbartha na nDúchoradh €1,000

Coiste Forbartha na Carraige €1,000

Tá sé mar aidhm ag “An Baile Beo”, íomhá Ghaelach a shaibhriú sa Ghaeltacht. Ní hamháin go mbeidh an teanga le cluinstin i mbailte Gaeltachta ach go mbeidh an teanga bréa feicéalach iontu agus go mbeidh a fhios ag cuairteoirí agus ag lucht turasóireachta go bhfuil siad i gceantar faoi leith nuair a thugann siad cuairt ar cheantar Gaeltachta.

Is é GaelSaoire, Rannóg Turasóireachta Údarás na Gaeltachta, urraí an chomórtais i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall. Tugann na duaiseanna seo aitheantas do choistí a d’fhorbair agus a neartaigh an bonneagar teanga agus an turasóireacht chultúrtha ina gceantar féin.