Preas Ráiteas

Tionscnamh Forbartha Bainistíochta

Tá forbairt straitéiseach na hearnála turasóireachta aitheanta ar cheann de na mór-earnálacha eacnamaíochta a bhfuil poitéinseal suntasach forbartha ag dul léi. Tá forbairt straitéiseach na hearnála seo ar cheann de na tosaíochtaí atá aontaithe mar chuid lárnach de straitéis nua forbartha agus infheistíochta an Údaráis 2018-2020. Chuige sin tá sé aontaithe ag an Údarás feidhm a thabhairt don chuspóir seo trí Thionscnamh Forbartha Bainistíochta d’Oifigigh Turasóireachta a bhunú ar bhonn píolótach ar feadh 2 bliain chun tacú le forbairt tograí turasóireachta straitéiseacha sa Ghaeltacht.

Tábhacht agus Tionchar na hEarnála Turasóireachta

Is í an turasóireacht ceann de na hearnálacha eacnamaíochta is tábhachtaí in Éirinn agus tá ról lárnach ag an earnáil chun athbheochan agus forbairt eacnamaíochta na tíre a thabhairt chun cinn. In 2016 bhí luach easpórtála de €4.6 billiún ar an earnáil seo, sin caiteachas ar sheirbhísí agus táirgí trasna na tíre. Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig méadú 10.9% ar líon na gcuairteoirí go hÉirinn in 2016, is ionann sin agus 9.6 milliún turasóir. San earnáil lóistíochta agus bia amháin tá an earnáil turasóireachta ag tacú le 148,000 post agus tá 220,000 fostaithe san earnáil in iomlán.
In 2016 tháinig 8.8 milliún daoine ó thíortha eile ar cuairt go hÉirinn, suas 20% ar an mbliain roimhe sin. Cruthaíonn 1,000 cuairteoir 14 post san earnáil turasóireachta. Tá an cineál turasóra ag athrú, tá siad ag lorg saoire éagsúil, suimiúil agus gníomhach. Cé nach bhfuil staitisticí sonracha maidir le cuairteoirí chuig an nGaeltacht ar fáil, i measc na 8 milliún cuairteoir a thaistil go hÉirinn ó thíortha eile in 2015, tá figiúirí de réir contae ar fáil. Is iad seo a leanas na figiúirí do na contaetha ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Comhthéacs Polasaithe agus Pleanála Náisiúnta
Le seoladh tionscadail phleanála de chuid Fháilte Éireann, ‘Slí an Atlantaigh Fhiáin’ (The Wild Atlantic Way), in 2015, tugadh aitheantas ar leith do chósta thiar na hÉireann mar ‘tháirge’ ar leith a raibh ról fíor-thábhachtach aige i bhforbairt na hearnála turasóireachta in Éirinn. Agus an tionscadal pleanála, forbartha agus margaíochta seo de chuid Fáilte Éireann tagtha in inmhe, tá athrú fíor-bhunúsach le feiceáil ar leagan amach bunstruchtúir na hearnála seo agus ar chur chuige na n-eagras forbartha agus maoinithe atá freagrach as a stiúradh agus a fhorbairt go straitéiseach. Faoin bhfrámaíocht pleanála nua seo, tá go leor de na míbhuntáistí a bhí luaite go stairiúil sa dioscúrsa forbartha a bhain le mór-cheantar an Iarthair, agus leis an nGaeltacht, ach go háirithe, curtha de dhroim seoil, tá lárú déanta anois ar an nGaeltacht mar cheartlár na gceantar turasóireachta atá cuimsithe faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá cuid mhór de limistéir fhorbartha na Gaeltachta ag síneadh taobh leis nó i lár chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Áirítear suas le 25% de na limistéir seo i gcontaetha Thír Chonaill, Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chiarraí agus Chorcaí a bheith mar chuid lárnach, dílis i leagan amach na gcreatlach pleanála seo.

Anuas air seo, sheol Fáilte Éireann tionscadal gaolmhar pleanála eile, Oirthear Ársa na hÉireann (Ireland’s Ancient East), in 2016. Cuimsítear na limistéir Ghaeltachta i gcontaetha na Mí agus Port Láirge faoin leagan amach sainiúil seo. Mar mhór thionscadal pleanála eile, i dtaca le forbairt na hearnála turasóireachta in Éirinn, tá an tionscnamh seo ar aon dul le Slí an Atlantaigh Fhiáin mar idirghabháil straitéiseach a bhfuil poitéinseal fíor-shuntasach aige d’fhorbairt gheilleagrach na Gaeltachta.

Ag tarraingt ar na múnlaí pleanála agus forbartha seo de chuid Fáilte Éireann a thugann buntáiste tábhachtach dúinn d’fhorbairt na hearnála turasóireachta, is é mian Údarás na Gaeltachta ná pobail Ghaeltachta a spreagadh chun na deiseanna nua in earnáil na turasóireachta a thapú trí cibé socruithe agus comhordú gur gá a aontú le Fáilte Éireann, leis na Comhairlí Contaetha (agus le heagrais eile stáit agus poiblí de réir riachtanais), agus leis na geallsealbhóirí eile ón earnáil phríobháideach agus phobail, chun go mbeidh comhlánú déanta ar na deiseanna nua forbartha agus fostaíochta a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar na beartais phleanála, fhorbartha agus mhargaíochta seo.

Plean Turasóireachta An Údaráis – An Fhís agus na Cuspóirí Straitéiseacha
Is í an fhís gur mian leis an Údarás a bhaint amach i bhfeidhmiú an chur chuige forbartha seo ná:

  • Go ndéanfaí forbairt ar an nGaeltacht mar cheann scríbe turasóireachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar cheantar uathúil ina ndéantar ceiliúradh agus forbairt ar acmhainn nádúrtha na teanga, an chultúir, na timpeallachta agus na hoidhreachta.
  • Déanfar é seo trí bheartais forbartha, infheistíochta agus margaíochta chun áiseanna agus seirbhísí turasóireachta ar chaighdeáin aitheanta domhanda a sholáthar i dtaca leis an luach is fearr agus is féidir a bhaint as acmhainn na turasóireachta do na pobail áitiúla agus le deiseanna fostaíochta nua a chur chun cinn.
  • Is trí fheidhmiú na gcuspóirí straitéiseacha seo a leanas a bhainfear amach bunús na físe forbartha seo:
  • Go mbeidh léiriú ar theanga, ar chultúr, timpeallacht agus ar oidhreacht shaibhir na Gaeltachta mar ghné lárnach i bhforbairt na dtáirgí, na seirbhísí agus na hacmhainní atá riachtanach chun an oiread de luach eacnamaíochta agus fostaíochta a shaothrú chun tairbhe na bpobal áitiúil.
  • Go nglacfaidh An tÚdarás ról lárnach, comhordaithe agus maoinithe air féin i bhforbairt roinnt tograí straitéiseacha a spreagfaidh infheistíocht ón earnáil phoiblí, phríobháideach agus phobail agus a chuirfidh go suntasach le forbairt inmharthana na hearnála turasóireachta chultúrtha.
  • Go gcuirfear réimse tacaíochtaí (trí scéimeanna deontais, oiliúna agus comhairle) ar fáil chun soláthraithe táirgí turasóireachta a spreagadh agus a chumasú chun gnólachtaí reatha a fhorbairt agus a fhás agus chun gnólachtaí nua a chur chun cinn atá ag teacht le leagan amach na físe forbartha atá léirithe thuas.
  • Coincheap na Gaeltachta mar bhranda agus mar cheann scríbe turasóireachta a fhorbairt chun cur le próifíl na gceantar seo go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar láthair turasóireachta agus léargas a thabhairt do chuairteoirí ar na háiseanna agus ar na seirbhísí atá ar fáil.
  • Tionscnamh Forbartha Bainistíochta: Oifigeach Turasóireachta

    Aidhm an Tionscnaimh:
    Tacú le forbairt tograí turasóireachta straitéiseacha atá áirithe mar thograí a mbeidh ról suntasach, straitéiseach acu i bhforbairt na gceantar éagsúla Gaeltachta agus i gcur chun cinn na hearnála turasóireachta sna réigiúin éagsúla.
    Faoin tionscnamh cuirfear tacaíocht airgeadais le huasmhéid de €60,000, thar thréimhse dhá bhliain, mar dheontas oiliúna ar fáil do dhá chineál togra turasóireachta:
    1. ‘Tograí Straitéiseacha Caipitil’ nó
    2. ‘Gréasáin Turasóireachta Réigiúnacha’

    Glacfar le hiarratas a bhfuil na cuspóirí seo a leanas thíos aige, agus a bhfuil plean lena aghaidh sonraithe go soiléir san iarratas aige:

  • Líon na gcuairteoirí agus fad a gcuairte ar an nGaeltacht a mhéadú;
  • Líon agus caighdeáin na dtáirgí agus na seirbhísí turasóireachta a mhéadú agus a uasghrádú;
  • Feasacht agus próifíl na Gaeltachta mar láthair chun saoire a chaitheamh inti a mhéadú agus a chur ar shúile an domhain mhóir;
  • Infreastruchtúr agus áiseanna áitiúla nua a fhorbairt agus uasghrádú a dhéanamh ar áiseanna atá ann cheana féin.
    Ní mór cur síos cuimsitheach a dhéanamh san iarratas ar an gcaoi a mbainfear amach na spriocanna seo.
  • 1. Tograí Straitéiseacha Caipitil
    Is é an sainmhíniú atá ar Thograí Straitéiseacha Caipitil ná togra ar scála suntasach atá á fhorbairt ag grúpaí áitiúla nó ag grúpaí áitiúla i gcomhar le heagrais stáit/phoiblí. Mar shampla d’fhéadfadh sé gur ionad mínithe/oidhreachta/léirithe a bheadh i gceist nó infreastruchtúr turasóireachta eile mar shampla bealach glas Gaeltachta, siúlóid Gaeltachta a bhfuil aitheantas náisiúnta aici (Fáilte Éire/Oifig na gCosán Náisiúnta/National Trails Office).

    Go sonrach, is tograí iad na tograí straitéiseacha turasóireachta caipitil ina bhfuil/mbeidh:

  • scála agus méid na hinfheistíochta suntasach – beidh clár caiteachais chaipitil níos mó ná €750,000 i gceist;
  • beidh an infheistíocht iomlán comhdhéanta d’fhoinsí eile stáit, príobháideacha nó pobail, mar aon le maoiniú an Údaráis;
  • léiríonn/léireoidh an plean gnó atá le cur faoi bhráid an Údaráis, go gcuirfidh an togra go suntasach leis an infreastruchtúr turasóireachta sa réigiún trí áiseanna agus seirbhísí ar chaighdeáin aitheanta a sholáthar agus a bhfuil an poitéinseal léirithe acu chun tuilleadh turasóirí a mhealladh chuig na ceantair seo ó mhargaí náisiúnta agus idirnáisiúnta;
  • go bhfuil bunús an togra fréamhaithe i gcultúr, oidhreacht agus acmhainní nádúrtha sainiúil na Gaeltachta agus go mbeidh ceiliúradh agus forbairt na Gaeilge mar acmhainn pobail agus turasóireachta mar chuid dhílis, lárnach den choincheap turasóireachta atá le forbairt.
  • 2. Gréasáin Turasóireachta Réigiúnacha
    Tá an ghné áitiúil agus pobail d’fhorbairt córasach na hearnála turasóireachta rí-thábhachtach. I gcás na Gaeltachta, is mó de thábhacht fós atá ag baint le cur chuige mar seo chun a chinntiú go bhfuil próifíl, scála, méid agus toirt na forbartha ag teacht le mianta an phobail agus gur féidir aidhm na forbartha a chomhlíonadh ar bhealach atá tuisceanach agus inniúil ar stádas agus ról na Gaeilge mar acmhainn forbartha agus mar theanga phobail.

    Go sonrach, tacófar le hiarratas a bhfuil mar aidhm aige forbairt a dhéanamh ar ghréasáin thurasóireachta réigiúnacha sna ceantair sin ina bhfuil riachtanais fhorbartha aitheanta agus ina bhfuil struchtúir chomhordaithe ag feidhmiú (nó le bunú); agus ina mbeidh:

  • struchtúr réigiúnach atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar earnáil na turasóireachta i réigiún Gaeltachta trí fhorbairt agus fheidhmiú plean margaíochta ceantair (destination marketing plan),
  • go mbeidh an gréasán ag freastal ar réigiún le daonra níos mó ná 3,000 duine,
     ionadaíocht leathan ar na struchtúir fhorbartha turasóireachta réigiúnacha seo, ionadaithe ó na heagrais phobail agus áitiúla (cuid acu atá á maoiniú ag an Údarás cheana féin) i réigiún, ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus soláthraithe eile atá ag trádáil i margaí na turasóireachta, agus ionadaithe freisin ó na heagrais stáit agus forbartha, macasamhail na gComhairlí Contaetha, Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí agus araile,
  • clár oibre cuimsitheach aontaithe leis an Údarás agus i gcomhar le Fáilte Éireann agus na Comhairlí Contaetha lena chinntiú go bhfuil luach sa bhreis le tairiscint ag struchtúr den chineál seo, go bhfuil na beartais fhorbartha ag teacht le mór-aidhmeanna forbartha earnála de chuid Fáilte Éireann agus go bhfuil dlúthcheangal leis na pleananna maoinithe agus forbartha a bhfuil na Comhairlí Contaetha freagrach astu,
  • gné láidir oiliúna sna cláir oibre seo mar go bhfuil gá le huasghrádú agus forbairt a dhéanamh ar scileanna, ar cháilíochtaí agus ar chumasú ginearálta na ngnóthaí sin atá ag trádáil (nó gur mian leo trádáil) sna margaí iomaíocha seo agus go mbeidh caighdeáin aitheanta luaite le seirbhísí agus le táirgí atá ar fáil sa Ghaeltacht,
  • feachtais mhargaíochta agus bholscaireachta ar mhaithe leis an gceantar, freastal ar aontaí trádála, ceapadh agus dáileadh ábhair margaíochta agus imeachtaí áitiúla i dtaca le forbairt na hearnála a chur chun cinn,
  • go bhfuil bunús an togra fréamhaithe i gcultúr, oidhreacht agus acmhainní nádúrtha sainiúla na Gaeltachta agus go mbeidh ceiliúradh agus forbairt na Gaeilge mar acmhainn pobail agus turasóireachta mar chuid dhílis, lárnach den choincheap turasóireachta atá le forbairt.
  • Critéir Incháilithe d’iarratasóirí

    1. Glacfar le hiarratais ó thograí incháilithe, neamh-bhrabúis amháin.
    Léireofar san iarratas bunús dlíthiúil an iarratasóra. Léireoidh siad seo, mar shampla, gur fiontar sóisialta, neamh-bhrabúis atá i gceist i gcás comhlachtaí fiontair phobail, comharchumainn, agus roinnt struchtúr carthanachta.
    2. Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh ina léireofar an cás le haghaidh maoinithe agus cuirfear cóip den phlean gnó ar fáil, más ann do. Ní mór go dtiocfadh an togra atá le forbairt go dílis leis cuspóirí straitéiseacha turasóireachta de chuid Údarás na Gaeltachta atá luaite thuas.
    3. Léireoidh an t-iarratas an ról bainistíochta atá le comhlíonadh ag an Oifigeach Turasóireachta a bhfuil maoiniú lorgtha ina leith i bhforbairt an togra.
    4. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag an iarratasóir agus beidh tearmaí fostaíochta an Oifigigh Turasóireachta le haontú roimh ré leis an Údarás.
    5. Reáchtálfar an próiseas ceapacháin do na hOifigigh Turasóireachta trí Ghaeilge agus beidh líofacht sa Ghaeilge ag an té a cheapfar faoin tionscnamh.
    6. Mar choinníoll leis an maoiniú seo caithfidh an tOifigeach Turasóireachta freastal ar chlár oiliúna foirmeálta le linn tréimhse an cheapacháin. Beidh cúrsa ar leith le forbairt chuige seo ina mbeidh cáilíochtaí aitheanta agus taithí phraiticiúil curtha ar fáil do na hOifigigh Turasóireachta.
    7. Tá sé i gceist go mbeidh líonra foghlama le forbairt chun tacú le forbairt na dtograí agus na gréasáin turasóireachta Gaeltachta.
    8. Tá sé i gceist go gcuimseofar na modúil seo a leanas mar chuid d’fhorbairt an chúrsa:

  • Coincheap na Turasóireachta Cultúrtha (gnéithe náisiúnta agus idirnáisiúnta)
  • Ról na Turasóireachta sa bhForbairt Réigiúnach agus sa bhForbairt Pobail
  • Acmhainn na Turasóireachta agus an Phleanáil Teanga
  • Forbairt, Pleanáil agus Bainistiú Tograí
  • Polasaí Forbartha Turasóireachta in Éirinn, san A.E. agus an Córas Pleanála
  • Bainistiú Airgeadais agus Socruithe Feidhmiúcháin Gnó agus Rialachais
  • Forbairt Foirne agus Scileanna Cumarsáide
  • Scileanna Margaíochta, na Meáin Shóisialta agus Cúrsaí Caidrimh Poiblí
  • Próiseas Meastóireachta agus Roghnúcháin
    Is ar bhunús iomaíocha trí ghlaoch oscailte atá na hiarratais á iarraidh ó thograí incháilithe.

    Déanfar na hiarratais a mheas bunaithe ar an eolas a chuirfear ar fáil san iarratas agus in aon cháipéisíocht eile a chuirtear ar fáil, plean gnó mar shampla. Bunófar an cinneadh i leith maoinithe ar na critéir seo a leanas:

  • Cumas an togra cur le forbairt na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht, gnéithe teanga, oidhreachta agus cultúrtha san áireamh
  • Luach ar airgead
  • Tionchar eacnamaíochta an togra
  • Cumas an togra méadú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí sa réigiún
  • Taithí an iarratasóra i réimse na forbartha turasóireachta
  • Caighdeán agus cur chuige an chláir oibre agus an phlean margaíochta atá molta
  • Inmharthanacht an togra ó thaobh maoinithe de
  • Is féidir an foirm iarratais a íoslodáil anseo

  • Breis eolais le fáil ó:

    Rannóg Taighde agus Forbairt Earnálacha
    Údarás na Gaeltachta
    Na Forbacha
    Contae na Gaillimhe
    turasoireacht@udaras.ie