Preas Ráiteas

Buann Comhlacht Cáise Gaeltachta Ór ag Gradaim Cáise an Domhain i San Sebastian na Spáinne

Déanann Údarás na Gaeltachta comhgháirdeachas le Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teoranta ar Ghradam Ór Cáise Domhanda 2016 (World Cheese Award 2016) a bhaint amach.

Ór Domhanda don Fheirmeoir Déiríochta Buabhall, Johnny Lynch (ar dheis) ó Chill na Martra, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí le Seán Ferry, Déantóir Cáise, an bheirt ó cliantchomhlacht Údarás na Gaeltachta - Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teo - a bhuaigh Gradam Cáise Domhanda i San Sebastian na Spáinne. Pic: Valerie O’Sullivan

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta comhgháirdeachas ó chroí a dhéanamh lena clianchomhlacht Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teoranta ar a mbua iontach ar an stáitse domhanda an tseachtain seo caite ag na Gradaim Cáise Domhanda. Thug an comhlacht Gaeltachta atá lonnaithe i gCill na Martra Gradam Óir Domhanda Cáise leo dá Mozzarella Buabhaill Mhaigh Chromtha ag an searmanas gradaim i San Sebastian na Spáinne an tseachtain seo caite.

“Tá ríméad orainn go bhfuil an deis againn a ngradam a thréaslú le chuile dhuine ag Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha agus a ngradam tuilte go maith acu,” a dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta. “Léiríonn an gradam seo scoth na dtáirgí bia gur féidir a chuir ar fáil ar an stáitse domhanda ónár gceantair Gaeltachta trí obair chrua na dtáirgeoirí agus leis an tacaíocht agus comhoibriú gur féidir le Údarás na Gaeltachta a chuir ar fáil.”

Bhí iontrálacha de chuile chineál ó 31 tír éagsúil ar fud na cruinne ag tarraingt ar San Sebastian na Spáinne dona Gradaim Cáise Domhanda i mbliana. Lean 266 saineolaí cáise as 26 tír éagsúil go Tír na mBascach iad chun blaiseadh agus measúnú a dhéanamh ar 3,000 cáis chuile lá ag bronnadh gradaim Cré Umha, Airgid, Óir agus Sár-Ór ar na hiarratais ab fhearr.

Déantar ‘Macroom Buffalo Mozzarella’ as bainne buabhall úr a tháirgtear ar fheirm Johnny Lynch i gCill na Martra i gContae Chorcaí. Tá an t-aon tréad bleánach buabhall in Éirinn ag Johnny Lynch agus i 2015, tar éis foireann a chuir le chéile ar an taobh gnó de agus Seán Ferry, a bhfuil cáil na gcáiseanna ‘Desmond’ agus ‘Gabriel’ air, ar thaobh na cáise de, thosaigh sé ag táirgeadh ‘Macroom Buffalo Mozzarella’ ag áitreabh nua-aimseartha saintógtha déanta cáise ceardaí ar a fheirm. Tá tréad d’os cionn 200 buabhall ar a fheirm 140 acra lonnaithe i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí agus tá rath mhór ar na hainmhithe i dtimpeallacht na hÉireann. Le tacaíocht bhreise ó Údarás na Gaeltachta, tá Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teo anois ag táirgeadh mozzarella, ricotta, sailéad cáis Ghréagach agus haloumi ag a n-aonad táirgeadh nua-aimseartha ar an bhfeirm.