Scéimeanna Oiliúna

Cuireann Údarás na Gaeltachta roinnt scéimeanna oiliúna ar fáil le deis a thabhairt d’iarratasóirí Gaeltachta cáilíochtaí, scileanna agus taithí a fháil san ionad oibre. Ina measc, tá an An Scéim Phrintíseachta, Scéim Forbartha Bainisteoirí agus an Scéim Thaithí Oibre.

Déantar glaoch maidir leis na scéimeanna gach bliain. Le tuilleadh eolais a fháil faoi aon cheann de na scéimeanna, déan teagmháil leis an Rannóg Oiliúna agus Oideachais, Údarás na Gaeltachta. (Doirí Beaga, Béal an Mhuirthead, Na Forbacha, Daingean Uí Chúis nó Baile Mhic Íre) nó ar r-phost: fff@udaras.ie