Úinéirí nua do Shnáth Kilcarra

1 Márta, 2006

nóiméad léite

Tá sé fógraithe ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil príomhaithe nua aimsithe acu do ghnó Shnáth Kilcarra Teo., i gCill Charthaigh.

Tá pacáiste cúnaimh ceadaithe ag an Údarás do na príomhaithe úra:

  • Martin Buckley ó Ghrúpa Reffond
  • Seán Crannigan ó Knoll le SC Yarns Ltd.
  • Paul Cullen ó Westend Knitwear agus
  • Tom Hayden ó TH Trading

le cur ar a gcumas gnó Snáth Kilcarra Teo. a ghlacadh ar láimh agus a fhorbairt. Bhí feidhmeannaigh an Údaráis, bord agus bainistíocht an comhlachta ag obair go dícheallach le príomhaithe nua a aimsiú don chomhlacht seo le tamall anuas. Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Pádraig Ó hAoláin “tá muid thar a bheith sásta gur éirigh linn príomhaithe nua a aimsiú do Snáth Kilcarra agus go mbeidh an branda aitheanta snátha seo agus an fhostaíocht a ghineann sé ag leanacht ar aghaidh sa todhchaí.”

Tá sé i gceist ag na príomhaithe úra leanacht ag soláthar snátha don mhargadh baile, táirgí nua a fhorbairt agus margaí easportála a aimsiú. Táthar ag súil go mbeidh suas le 25 fostaithe sa chomhlacht as seo go ceann trí bliana.