Údarás na Gaeltachta lena fheidhmeanna fiontraíochta a choinneáil

3 Meitheamh, 2011

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an chinneadh atá déanta ag an Rialtas feidhmeanna reatha an Údaráis a fhágáil mar atá, na cúraimí fiontraíochta ach go háirithe. Fáiltíonn muid roimh an chinneadh go bhforbrófar meicníocht nua chun an próiseas comhoibrithe atá idir an tÚdarás agus na háisíneachta forbartha fiontraíochta eile a chur ar bhunús foirmeálta ar mhaithe le hinfheistíocht agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Beidh an tÚdarás ag súil go mbeidh ról lárnach aige in aontú an mheicníocht nua seo i gcomhar leis na háisíneachtaí forbartha eile chun a chinntiú go bhfuil an bhuntáiste is fearr á fháil ag pobal na Gaeltachta.

Fáiltíonn an tÚdarás chomh maith roimh na gcéimeanna atá á nglacadh ag an Rialtas i dtaca le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus go mbeidh Bille Gaeltachta á dhréachtú san Fhómhar ina mbeidh sainmhíniú úr ar an Ghaeltacht a thabharfaidh pobail Ghaeilge eile taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh; go bhfuil stádas reachtúil faoi leith á thabhairt do bhailte a chuireann seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta. Beidh an tÚdarás freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Léirigh tromlach an Bhoird go raibh siad i bhfabhar próiseas toghchánaíochta agus mhol siad go n-aimseofaí córas a chinnteoidh go mbeidh eilimint láidir daonlathach ag baint le ceapadh Bhord an Údaráis.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis “Is ionann an cinneadh seo agus vóta muiníne san Údarás as an sár-obair atá déanta ag an eagraíocht le blianta anuas i gcur chun cinn na fiontraíochta agus i gcruthú fostaíochta sa Ghaeltacht ar mhaithe le pobal na Gaeltachta. Fáiltím roimh an méid a dúirt an tAire chomh maith go mbeidh tús á chur leis an phróiseas le post an Phríomhfheidhmeannaigh nua a fhógairt.”