Preas Ráiteas

Údarás na Gaeltachta: Athbhreithniú 2009

  • 710 post nua lánaimseartha cruthaithe ainneoin na ndeacrachtaí trádála
  • An aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda fós ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta
  • 605 post caomhnaithe trí chistí nua náisiúnta
  • Méadú 9.4% ar easpórtálacha i gcomhlachtaí Gaeltachta
  • Bliain dhúshlánach amach romhainn ó thaobh cruthú poist de bharr laghdú substaintiúil ar bhunús maoinithe a chuireann srian ar cheadú poist
  • Ré nua i Stair na Gaeilge agus An tÚdarás á réiteach féin do ról lárnach i gcur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Stáid na Fostaíochta sa Ghaeltacht
Cruthaíodh 710 post nua i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis in 2009. Mar sin féin, chuir an ghéarchéim eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda isteach go mór ar chomhlachtaí Gaeltachta agus dá thoradh sin tháinig titim de 721 nó 8.8% ar fhostaíocht i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis. Tá sé tábhachtach a thógáil san áireamh go bhfuil an glan-chaillteanas de 8.8% i bpoist ar aon dul leis an treocht i ngeilleagar na tíre go ginearálta, áit a raibh titim 11.8% i bhfostaíocht lánaimseartha le bliain anuas. Tá 7,472 fostaithe anois i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis.

Cailleadh tromlach na bpost de bharr fiontair Ghaeltachta a bheith ag athstruchtúrú, ag laghdú méide nó a gcuid forchostas lena gcumas iomaíochta a choimeád slán. Chuir roinnt comhlachtaí siar na pleananna méadaithe agus infheistíochta a bhí acu. Ach is údar misnigh é gur cailleadh tromlach na bpost de bharr comhlachtaí a bheith ag iarraidh a ngnó a choinneáil slán seachas iad a bheith ag dúnadh go hiomlán. Tá an tÚdarás dóchasach go dtiocfaidh na poist a cailleadh le bliain anuas ar ais in am trátha de réir mar a bhisíonn an eacnamaíocht náisiúnta agus domhanda agus beidh muid ag oibriú le comhlachtaí chun go mbeidh siad ullamh le leas iomlán a bhaint as an téarnamh domhanda.

Ba bhliain dhúshlánach dheacair í 2009 do chomhlachtaí Gaeltachta, mar a bhí do chomhlachtaí ar fud na tíre. Lean an t-easpa creidmheasa gnó, an brú a chruthaigh rátaí malairte laga agus an titim ar chorrlaigh bhrabúsachta dá bharr sin, agus an laghdú ar ghnó sna margaí domhanda, ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí. Taispeánann na figiúirí gur lean an fhostaíocht sna hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha ag fás ach gur lean an titim san fhostaíocht sna hearnálacha tógála agus déantúsaíochta traidisiúnta.

Luach Eacnamaíoch don Ghaeltacht agus don Stáit
Is é an meán tréimhse saoil atá ag post i gcliant-chomhlachtaí an Údaráis ná ocht mbliana. Aisíoctar infheistíocht an státchiste laistigh de thrí bliana ar an meán. Cailltear 12% ar an meán de phoist i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis go bliantúil mar ghnáthchuid den saolré gnó de réir mar a athraíonn treochtaí na n-earnálacha agus mar a dhéanann fiontair athstruchtúrú ar a ngnó chun feabhas a chur ar a gcumas iomaíochta.

Taispeánann torthaí ón Annual Business Survey of Economic Impact 2008 (ABSEI) a rinne Forfás i gcomhlachtaí Gaeltachta in 2009 go bhfuil tionchar suntasach ag gnólachtaí a fuair cúnaimh ón Údarás ar an nGaeltacht agus go deimhin, ar an ngeilleagar náisiúnta. Léiríonn an ABSEI, a rinne suirbhé ar chliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ina bhfuil 79% den fhostaíocht iomlán, gur fiú €834m díolachán iomlán na gcomhlachtaí. Bhain 47.6% den díolachán seo le heaspórtáil, méadú de 9.4% ar an mbliain roimhe sin. Léiríonn an suirbhé chomh maith go bhfuil 43.5% dar gcliant-chomhlachtaí ag plé le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha le caiteachas de thart ar €17m.

Tá muid sásta go léiríonn na torthaí seo go bhfuil an stát ag fáil luach a chuid airgid ar an infheistíocht atá á dhéanamh i bhforbairt fiontar agus i gcruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Straitéis Chothaithe Gnó agus Poist
I rith 2009, lean an tÚdarás le straitéis chun poist a chaomhnú agus a fhorbairt i gcomhlachtaí reatha. Díríodh go leor dár n-acmhainní ar mhaoiniú thograí a bhí ceadaithe le cúpla bliain anuas agus a bhí ag tosú nó ag forbairt in 2009. Cuireadh béim ar bheartais iarchúraim agus tacaíochta chun cuidiú le comhlachtaí feabhas a chur ar a gcumas iomaíochta. Rinne an tÚdarás riarachán ar An Ciste um Forbairt Fiontair agus An Scéim Fóirdheontas Fostaíochta sa Ghaeltacht i gcomhar le Fiontraíocht Éireann. Bhunaigh an rialtas an dá thionscnamh sin chun poist a chosaint agus gnóthaí atá inmharthana ach leochaileach a choinneáil slán. Faoin dá thionscnamh seo ceadaíodh maoiniú iomlán de €5.4m do 23 chomhlacht Gaeltachta agus mar thoradh air sin coinníodh slán agus cothaíodh 605 post (375 agus 230 faoi seach).

Tá Fiontraíocht Éireann freagrach as na cláir seo a riaradh ag leibhéal náisiúnta agus riarann Údarás na Gaeltachta na cláir sa Ghaeltacht. Leanfaidh an tÚdarás air ag riaradh an dara glaoch a bheidh á chur i bhfeidhm in 2010. Tá rí-thábhacht ag baint leis na tionscnaimh Rialtais seo chun poist a chaomhnú, rud atá soiléir ón tionchar a bhí acu sa Ghaeltacht.

Laghdú Substaintiúil ar Bhunús Maoinithe agus Ceadú Poist
Ba bhliain dhúshlánach amach agus amach a bhí in 2009 ó thaobh ceadú poist. Le cúpla bliain anuas bhí An tÚdarás ag brath ar dhíolachán sócmhainní mar fhoinse tábhachtach maoinithe dá chlár caipitil. Bhí níos lú maoinithe caipitil ar fáil don eagraíocht de bharr an titim san ioncam ó dhíol sócmhainní, mar gur thit an tóin as an margadh maoine, le cois na gciorruithe Státchiste. Chuir sé seo srian an-mhór ar obair na heagraíochta agus ar cheadú tograí agus infheistíocht nua. Mar gheall ar an srian a bhí ar mhaoiniú, thit an líon post nua a ceadaíodh in 2009 i gcomparáid le blianta eile go 352 post. Leanfaidh na dúshláin maoinithe céanna in 2010 de bharr ciorruithe breise sa státchiste agus an margadh réadmhaoine a bheith fós lag. Tá maoiniú iomlán Státchiste de €30.4m ar fáil don Údarás don bhliain 2010 i gcomparáid le €37.6m in 2009.

Is léir ónar dtaithí go dteastaíonn timpeall 1,000 post nua a cheadú go bliantúil lena chinntiú go mbaintear amach na spriocanna cruthaithe fostaíochta. Cruthaíonn aon titim siar air sin fadhbanna do na blianta ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, beidh sé deacair ag an Údarás a chuid spriocanna fostaíochta a bhaint amach sna cúpla bliain atá romhainn cé go bhfuil an líon fiosrúcháin atá sa bpíblíne faoi láthair sláintiúil go leor.

Is é príomhfhócas an Údaráis don bhliain 2010 ná an bonn fostaíochta atá ann a choimeád slán chomh fada agus is féidir. Déanfar é seo trí oibriú go dlúth le comhlachtaí, tógáil ar na teagmhálacha infheistíochta atá déanta, teorainn a chur le comhaontuithe nua conartha a mhéadódh ceangaltais na heagraíochta don bhliain reatha ach ag an am céanna an méid is féidir de na tionscnaimh atá tábhachtach do ghníomhaíocht gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta ag leibhéal an phobail a choimeád slán. Leanfaidh an tÚdarás air ag comhoibriú le Fiontar Éireann i gcur i bhfeidhm na gclár reatha agus ag riaradh an dara glaoch den Scéim Fóirdheontas Fostaíochta a fógraíodh le gairid.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhoilsiú an dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a foilsíodh le déanaí. Dhírigh an Straitéis Teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh in 2002, aird ar a leochailí agus atá an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus ar an ngá atá le céimeanna éigeandála chun í a chosaint agus a neartú. Tá an dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 mar fhreagra an Rialtais ar an nglaoch chun gnímh sin agus fáiltíonn an tÚdarás roimh chur chuige an Rialtais mar atá léirithe sa dréacht straitéis seo.

Aithnítear bunphrionsabail thábhachtacha sa Straitéis ar a n-áirítear an gá atá le gníomhaireacht láidir le réimse leathan feidhmeanna agus cumhachtaí le tabhairt faoi dhúshláin teanga agus forbartha fiontair na Gaeltachta; an gá atá le cur chuige radacach sa réimse oideachais ag gach leibhéal den chóras chun na laigeachtaí atá ann ó thaobh na Gaeilge a chur ina gceart; an gá atá le hatheagar ar fhorbairt na Gaeilge go náisiúnta trí ról náisiúnta a bheith ag Údarás na Gaeilge/na Gaeltachta; agus thar aon ní eile sprioc shoiléir uaillmhianach de 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bheith mar mhórsprioc náisiúnta don tréimhse.

Is údar misnigh é, de réir na moltaí atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, go mbeidh ról níos lárnaí ag an Údarás um Ardoideachas i soláthar maoinithe d’fhorbairt oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Le sé bliana anuas, chuir Údarás na Gaeltachta maoiniú substaintiúil ar fáil mar thacaíocht d’fhorbairt oideachais tríú-leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Bhí sé mar straitéis ag an Údarás tacaíocht a chur ar fáil chun oideachas tríú-leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a ghríosadh chun forbartha agus a mhaoiniú go dtí go bhforbrófaí polasaí Rialtais a dhéanfadh lárshruthú ar mhaoiniú do chúrsaí incháilithe in ionaid sheachtracha ollscoile tríd an Údarás um Ardoideachas.

Mar thoradh ar na h-iarrachtaí sin, tá réimse leathan cúrsaí dioplóma, ard-dioplóma, céime agus iarchéime á gcur ar fáil ar fud na Gaeltachta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, don chuid is mó, ach chomh maith le sin ag Institiúid Theicneolaíochta na Gaillimhe Mhaigh Eo i gcomhar le Europus Teo agus Institiúid Theicneolaíochta Phort Láirge i gcomhar le Nemeton Teo. Tá ríthábhacht ag baint leis na cúrsaí tríú leibhéal seo ó thaobh an oideachais, na Gaeilge agus na fostaíochta de chomh maith leis an tairbhe suntasach socheacnamaíoch a eascraíonn astú do na ceantair ina bhfuil siad á reáchtáil.

Beidh tús á chur le ré nua i stair na Gaeilge le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain seo. Beidh athstruchtúrú á dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta in oiriúint don ré nua seo ag leibhéal boird agus feidhmiúcháin. Is ionann agus vóta muiníne san Údarás an ról atá leagtha amach dó sa straitéis. Tá an tÚdarás á réiteach féin don dúshlán nua sin agus is údar misnigh don Bhord agus don fhoireann go mbeidh ról leanúnach forbairt fiontair aige chomh maith le ról náisiúnta aige amach anseo maidir le tograí forbartha teanga.

BRISEADH SÍOS AR AN FHOSTAÍOCHT DE RÉIR CHEANTAR GAELTACHTA

Dún na nGall
Cruthaíodh 204 post nua i nGaeltacht Thír Chonaill in 2009, ach bhí glan-chaillteanas 225 post i gceist nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh. Tharla formhór na gcaillteanas post de bharr dúnadh Euro Iompú Teo agus comhlachtaí éagsúla ag laghdú a líon foirne chun a gcuid gnóthaí a choinneáil slán.

Bhí 2,250 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Thír Chonaill ag deireadh na bliana.

Maigh Eo
Cruthaíodh 69 post nua i nGaeltacht Mhaigh Eo in 2009, ach bhí glan-chaillteanas 131 post i gceist nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh. Tharla formhór na gcaillteanas post de thairbhe dúnadh Eurotel Marketing Ltd i mBéal an Mhuirthead agus Caidéil M. P. Teo i dTuar Mhic Éadaigh agus laghduithe foirne i ngnólachtaí, go mór mhór iad siúd atá ag brath ar an tionscal tógála.

Bhí 733 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Mhaigh Eo ag deireadh na bliana.

Gaillimh
Cruthaíodh 293 post nua i nGaeltacht na Gaillimhe in 2009, ach bhí glan-chaillteanas 123 post i gceist nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh. Is fiú a nótáil nach raibh an céadátan laghduithe post chomh suntasach i nGaeltacht na Gaillimhe i gcomparáid le ceantair Ghaeltachta eile agus tá muid dóchasach go slánófar na poist sin a cailleadh de réir a chéile. Léiríonn na figiúirí gur i ngnólachtaí atá san earnáil déantúsaíochta agus atá ag brath ar an tionscal tógála is mó a tharla na laghduithe.

Bhí 2,840 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht na Gaillimhe ag deireadh na bliana.

Ciarraí
Cruthaíodh 109 post nua i nGaeltacht Chiarraí in 2009, ach bhí glan-chaillteanas 88 post i gceist nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh. Léiríonn na figiúirí gur tharla formhór na gcaillteanas post de bharr gnólachtaí a bheith ag laghdú foirne agus costais le linn na bliana lena gcumas iomaíochta a choinneáil slán

Bhí 760 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Chiarraí ag deireadh na bliana

Corcaigh
Cruthaíodh 22 post nua i nGaeltacht Mhúscraí in 2009, ach bhí glan-chaillteanas 89 post i gceist nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh. Léiríonn na figiúirí gur tharla formhór na gcaillteanas post de bharr gnólachtaí a bheith ag laghdú foirne le linn na bliana seachas comhlachtaí a bheith ag dúnadh go hiomlán.

Bhí 601 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Mhúscraí ag deireadh na bliana.

Port Láirge
Cruthaíodh 8 bpost nua i nGaeltacht na Déise in 2009, ach bhí glan-chaillteanas 12 post i gceist nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh. Léiríonn na figiúirí gur tharla formhór na gcaillteanas post de bharr gnólachtaí a bheith ag laghdú foirne le linn na bliana seachas comhlachtaí a bheith ag dúnadh go hiomlán.

Bhí 126 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge ag deireadh na bliana.

An Mhí
Cruthaíodh 5 phost nua i nGaeltacht na Mí in 2009, ach bhí glan-chaillteanas 53 post i gceist nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh. Léiríonn na figiúirí gur tharla formhór na gcaillteanas post de bharr gnólachtaí a bheith ag laghdú foirne le linn na bliana seachas comhlachtaí a bheith ag dúnadh go hiomlán.

Bhí 162 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht na Mí ag deireadh na bliana.

Ráiteas eisithe ag Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach agus Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach, Údarás na Gaeltachta