Preas Ráiteas

Údarás na Gaeltachta: Athbhreithniú 2008

■ An líon post sa Ghaeltacht coinnithe slán in 2008
■1,269 post nua lánaimseartha cruthaithe
■1,024 post nua lánaimseartha ceadaithe le hinfheistíocht iomlán de €100m
■Na hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha fós ag fás
■Fás i bhfostaíocht i bhfiontair dhúchasacha
■An aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta.

Cruthaíodh 1,269 post nua lánaimseartha in 2008. Tháinig fás ar fhostaíocht sna hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha agus laghdú ar fhostaíocht sna hearnálacha déantúsaíochta traidisiúnta ar nós teicstílí, éadach agus obair ar línte táirgeachta chomh maith le titim ar fhostaíocht sa tionscal tógála.

San iomlán, is údar dóchais go bhfuil srian ar chaillteanas post agus go bhfuil ár gcuid spriocanna fostaíochta á mbaint amach againn ainneoin an t-athrú san aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda.

Earnálacha ag Fás agus Tionchar Eacnamaíoch

Tá athrú suntasach tagtha ar chomhdhéanamh na n-earnálacha fostaíochta sa Ghaeltacht le deich mbliana anuas. Bíonn poist á gcruthú agus á gcailleadh gach bliain i ngach geilleagar de réir mar a bhíonn earnálacha áirithe ag laghdú agus cuid eile ag fás. Is é an taithí náisiúnta agus Gaeltachta ná go bhfuil earnálacha déantúsaíochta traidisiúnta laghdaithe go mór ó lár na nóchaidí. Tháinig laghdú de 5.5% ar fhostaíocht sa déantúsaíocht traidisiúnta i gcliaint-chomhlachtaí an Údaráis in 2008. Tháinig ardú, áfach, de 9.7% ar na hearnálacha déantúsaíochta nua-aimseartha, seirbhísí, closamhairc agus léirithe teilifíse neamhspleácha. Tá 3,046 fostaithe anois sa tionscal seirbhísí – is ionann sin agus 37% den fhostaíocht iomlán. Is fiontair dhúchasacha an chuid is mó acu seo a chuireann poist ardoilte ar fáil ar mian leis an Údarás tacú leo sa Ghaeltacht. Léiríonn na figiúirí go bhfuil athstruchtúrú ag teacht ar gheilleagar na Gaeltachta de réir a chéile ó earnálacha le beagán teicneolaíochta agus leibhéal íseal scileanna go hearnálacha déantúsaíochta agus seirbhísí a bhfuil ard teicneolaíocht ag baint leo agus mar sin fórsa oibre níos oilte ag teastáil uathu.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé Annual Business Survey of Economic Impact 2007 (ABSEI) a rinne Forfás i gcomhlachtaí Gaeltachta in 2008 go bhfuil tionchar suntasach ag an Údarás ar an nGaeltacht agus go deimhin, ar an ngeilleagar náisiúnta. Léiríonn an ABSEI, a rinne suirbhé ar chliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ina bhfuil 75% den fhostaíocht iomlán, go bhfuil €421m á chur isteach go díreach i ngeilleagar na hÉireann, agus gur fiú díolachán iomlán na gcomhlachtaí sin €784m, 44% a bhain le heaspórtáil. Léiríonn an suirbhé chomh maith go bhfuil 42% de chomhlachtaí na Gaeltachta ag plé le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha ar caiteachas de thart ar €11.5m in 2007.

Cothú Fostaíochta agus Cruthú Post

Tá 8,193 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis faoi láthair. Léiríonn na figiúirí fostaíochta iomlán na bhfostaithe lánaimseartha agus an líon páirtaimseartha comhshuimithe go poist lánaimseartha. Go dtí seo, bhí an líon post páirtaimseartha a bhí comhshuimithe go poist lánaimseartha teoranta don earnáil uisceshaothraithe agus próiseála éisc amháin. Tá comhshuimiú á dhéanamh ar na poist pháirtaimseartha chun go mbeidh tomhas comónta ann le comparáid a dhéanamh ar nádúr solúbtha na fostaíochta. Agus na figiúirí fostaíochta á léiriú againn ar an tslí seo tá An tÚdarás ag tuairisciú ar an mbonn céanna le gníomhaireachtaí forbartha eile. Tá 300 post i gceist leis an gcomhshuimiú. Léiríonn an modh tuairiscithe seo an

t-ionchur atá ag earnálacha na meáin, fáilteachas, agus an geilleagair sóisialta sa Ghaeltacht. Roimhe seo bhí na poist áirithe seo á dtuairisciú sna figiúirí páirtaimseartha.

Le linn 2008, ceadaíodh 1,024 post nua a raibh infheistíocht iomlán de os cionn €100m i gceist leo. Tá súil go gcruthófar na poist seo ar an bhfód sna trí bliana seo romhainn. Tá fostaíocht i bhfiontair dhúchasacha ag fás go leanúnach agus is fianaise é seo go bhfuil ag éirí le straitéis an Údaráis fiontair áitiúla a spreagadh. Tá na tacaíochtaí seo a chuireann an tÚdarás ar fáil do lucht gnó thar a bheith tábhachtach ionas go mbeidh ar a gcumas fanacht iomaíoch agus mar sin poist a choimeád slán.

Tá an aeráid eacnamaíochta domhanda, áfach, fós ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta. Bhí roinnt comhlachtaí Gaeltachta a bhí ag trádáil i margaí Sterling agus Dollar faoi bhrú ag deireadh na bliana mar bhí a gcuid brabúis ídithe de thoradh na rátaí malairte. Tá an cúngú creidmheasa chomh maith ag cur brú ar chomhlachtaí agus leanfaidh an tÚdarás, laistigh de na treoirlínte um chúnamh stáit, ag obair leis na comhlachtaí seo chun caillteanas post a mhaolú in 2009.

Bliain Dhúshlánach Romhainn

Níl aon dabht ach gur bliain dhúshlánach a bheidh sa bhliain 2009 ó thaobh cothú agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Dúshlán ollmhór a bheidh ann dúinn ár spriocanna forbartha agus fostaíochta a bhaint amach. De bharr laghdú bheith ar an soláthar airgid atá ar fáil ón Státchiste, an lagú atá ar dhíol maoine agus an aeráid eacnamaíochta a bheith ag dul in olcas, beidh sé níos deacra ag an eagraíocht a chuid spriocanna fostaíochta a bhaint amach. Beidh an líon post a cheadófar sa chéad leath den bhliain íseal mar go mbeidh an eagraíocht ag díriú ar an fhostaíocht atá ann a choimeád slán agus acmhainní a choinneáil don dara leath den bhliain, tréimhse atá tuartha a bheith níos deacra.

Dá ainneoin sin, leanfaidh an tÚdarás leis go fuinniúil le straitéis forbartha agus caomhnaithe fostaíochta. Cuirfear béim ar thacaíocht iarchúraim agus díreofar ar fhostaíocht a choinneáil slán agus a chruthú i gcomhlachtaí atá ann cheana. Cuirfear réimse tacaíochtaí, laistigh de na treoirlínte cúnaimh stáit, ar fáil do chomhlachtaí chun a gcumas iomaíochta a fheabhsú, go háirithe comhlachtaí a bheidh faoi bhrú ollmhór. Tá réimse maith de spás tionsclaíochta d’ardchaighdeán agus foirgnimh le seirbhísí nua-aimseartha ar fáil ar fud na Gaeltachta do ghnóthaí nua.

Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do thacaíocht IDA Ireland, Fiontraíocht Éireann agus na húdaráis áitiúla i gcur i bhfeidhm ár gclár forbartha fiontraíochta agus táimid ag tnúth le comh-oibriú níos dlúithe leo sa todhchaí.

An Earnáil Uisceshaothraithe

Tá an fheirmeoireacht bradán fós ar an bpríomh-ghníomhaíocht uisceshaothraithe sa Ghaeltacht. Tá an t-athrú i dtreo táirgeadh bradán orgánach tar éis fuinneamh nua a chur sa tionscal, agus cé go raibh roinnt deacrachtaí le galair in 2008, tá fás fós ag teacht ar an tionscal. Tá lucht tionscal bhradán na hÉireann tar éis a bheith ag comhoibriú le hionadaithe an tionscail Ioruach agus Albanach chun teacht ar leigheas ar chuid de na galair agus tugann an dul chun cinn atá déanta dóchas dúinn go sroichfear arís na leibhéil tonnáistí a bhí ann sna blianta a caitheadh.

Rinne an tÚdarás ceannródaíocht roimhe seo ar fheirmeoireacht speiceas nua in Éirinn agus tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh le feirmeoirí éisc atá faoi láthair ag plé le fás speicis ar nós an chluas mhara, turbard agus trosc. Tá trí fheirm chluas mhara ag feidhmiú sa Ghaeltacht faoi láthair agus tá triail á baint as feirmeoireacht turbard i gcóras uisce athfhillte in Acaill, i gCo. Mhaigh Eo. Má éiríonn leis na fiontair seo, spreagfar tuilleadh infheistíochta i bhfeirmeoireacht na speiceas seo sna blianta atá romhainn. De bharr an obair cheannródaíochta atá déanta ag Trosc Teoranta ar fheirmeoireacht trosc i gConamara, le tacaíocht ón Údarás, tá tacaíocht á fháil anois ag an togra Eir-Cod de chuid Fhoras na Mara faoi chlár Sea Change an Fhorais. Is fianaise bhreise é an tionscnamh chun gorstoc trosc Éireannach a fhorbairt, ar an slí a gcruthaíonn comhoibriú idir gníomhaireachtaí ar nós An tÚdarás agus Foras na Mara deiseanna nua san earnáil seo.

Rinneadh cinneadh i rith 2008 Taighde Mara Teo, fochomhlacht taighde mara an Údaráis, a scor. D’eascair an cinneadh seo as grinnscrúdú a rinne Údarás na Gaeltachta ar thodhchaí an chomhlachta i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe i réimse an taighde mara le blianta beaga anuas.

Cé nach bhfuil amhras ar bith ach gur chuidigh Taighde Mara go mór le forbairt na hearnála uisceshaothraithe sa Ghaeltacht agus go deimhin go náisiúnta sna cúig bhliana fichead a raibh an comhlacht ar an bhfód, chuir an réimse leathan saineolais atá ar fáil anois ó Fhoras na Mara, Institiúid Mháirtín Uí Riain in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta deireadh leis an ngá a bhí ag an Údarás le bheith ag maoiniú eagraíocht eile taighde mara. Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh ag tacú le forbairt táirgiúlachta sna hearnálacha uisceshaothraithe agus phróiseála éisc agus tarraingeoidh an tÚdarás ar an saineolas sin go díreach ó na heagrais sainiúla sin de réir mar is gá.

Bonneagar Gnó

I rith 2008, lean an tÚdarás lena chuid iarrachtaí chun a chinntiú go raibh dóthain spáis oibre ar fáil, áiseanna agus seirbhísí tionscal nua-aimseartha ach go háirithe, aonaid fhiontraíochta, ionaid ilfheidhmeacha agus gorlainn ghnó. Is acmhainn thar a bheith luachmhar iad na háiseanna seo chun cuidiú le hinfheistíocht bhreise a mhealladh chuig an nGaeltacht:

  • Cuireadh tús leis an obair fhorbartha ar an gcéad chéim d’Áislann Ghaoth Dobhair, áit a mbeidh ionad cultúrtha, ealaíona, oideachasúil, fiontraíochta agus áiseanna cúram leanaí ar fáil amach anseo;
  • Críochnaíodh an obair fhorbartha agus leathnúchán ar Ionad Comhtháite Forbartha Bia agus Spás Gorlainne ag Cé Mhachaire Rabhartaigh ar chostas €1.1m. ina bhfuil 5 aonad caighdeánach do chothú fiontar bia, cistin oiliúna/oibre, bialann, aonad taispeántais agus oifigí. Tá iarratais á lorg ag an Údarás anois ó dhaoine/grúpaí a bhfuil suim acu an áis seo a bhainistiú agus a fhorbairt;
  • Cuireadh tús leis an obair thógála le hionad seirbhísí agus fiontraíochta nua á thógáil i gCarna ar chostas de €1.6m. Beidh sé seo críochnaithe luath in 2009;
  • Osclaíodh Nuálann Mhaigh Eo atá á chómhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus Co. Chontae Mhaigh Eo agus atá lonnaithe in Áisleann Bhéal an Mhuirthead. De thairbhe na Nuálainne tá fiosrúcháin idir lámha le timpeall 30 fiontraí nua; bunaíodh grúpa taighdeoirí; eagraíodh seimineáir nuálaíochta do chomhlachtaí; agus tá taighde ar bun maidir le cultúr na fiontraíochta a chothú sna bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal;
  • Cuireadh tús leis an obair thógála ar Áislann Rann na Feirste. Tá an t-ionad acmhainne, fiontair, oidhreachta agus pobail seo á thógáil le maoiniú ón Údarás, an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn, An Roinn Gnóthaí Pobail agus Gaeltachta, agus an pobal áitiúil ar chostas iomlán de €1.38 m;
  • Ceannaíodh suíomh i mBaile an Fheirtéaraigh agus tá cead pleanála iomlán faighte le Lárionad Oideachais a fhorbairt i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus chun oifigí nua a thógáil do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo;
  • Cuireadh tús le hobair fhorbartha ar Pháirc an Phobail ina mbeidh áiseanna caitheamh aimsire agus súgartha do pháistí óga ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá an fhorbairt á maoiniú ag an Údarás agus beifear á oscailt go luath i 2009;
  • Bhunaigh Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí ionad taighde sna hacmhainní nádúrtha ar eastát an Údaráis i mBaile na Buaile le tacaíocht deontais ón Údarás;
  • Osclaíodh Fiontarlann i Baile Mún, Cill Charthaigh le tacaíocht ón Údarás agus eagraíochtaí eile. Is spás fiontraíochta atá san Fhiontarlann atá á reáchtáil faoi stiúir Ionad Forbartha Gnó Chill Charthaigh. Cuirfidh an togra seo le bunstruchtúr gnó, fiontair agus nuálaíochta Ghaeltacht Dheisceart Dhún na nGall.
  • D’oscail Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh oifigí nua chun freastal níos iomláine a dhéanamh ar riachtanais forbartha pobail, teanga agus fiontraíochta an cheantair le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ón Údarás;
  • Fuarthas cead pleanála le spás oifige, oideachais, gnó agus traenála de thart ar 1200 m.cr a fhorbairt ar thalamh an Údaráis i mBaile na nGall Beag, sa Rinn;
  • Cuireadh tús leis an obair phleanála maidir le forbairt Choláiste Íosagáin. Réitíodh léaráidí d’athchoiriú an fhoirgnimh mar acmhainn oifige, oideachais, turasóireacht agus chultúrtha agus chuathas trí phróiseas comhairliúcháin le grúpaí leasmhara áitiúla.

An Bonneagar Fisiciúil

Tá béim curtha ag an Údarás arís agus arís eile ar an tábhacht atá ag baint le huasghrádú infreastruchtúir sna réigiúin Ghaeltachta le go mbeidh siad níos tarraingtí ó thaobh infheistíochta de. Fáiltíonn muid roimh thús a bheith curtha leis an obair fhorbartha ar chéibh Inis Mór, Oileáin Árann i rith na bliana, an t-uasghrádú ar chéibh Inis Meáin a bheith críochnaithe agus roimh phleananna forbartha do chéibh Inis Oírr. Cuirfidh na forbairtí seo taca láidir faoi inbhuanaitheacht na n-oileán agus beidh tionchar dearfach acu ar dhaonra na n-oileán. Aithnítear an géarghá atá le forbairt chalaphoirt domhainmhara agus seirbhísí gaolmhara ag Ros a’Mhíl mar gheall ar an acmhainneacht a bheadh ag an bhforbairt sin mar thiománaí forbartha do Chonamara agus Árainn.

Cuireadh fáilte chomh maith roimh chinneadh ESB Networks dhá iarratas a chur chuig an mBord Pleanála le fo-stáisiúin 110kv agus líne nua cumhachta 110 kv a sholáthar i gConamara agus in Iarthar Dhún na nGall. Tá géarghá an líonra leictreachais a threisiú le freastal ar bhreis éilimh cumhachta i gConamara agus i nGaeltacht Dhún na nGall chun forbairt tráchtála agus infheistíocht leanúnach sa Ghaeltacht a éascú.

Fáiltíonn muid roimh an soláthar airgid a ceadaíodh le dearadh a ullmhú do bhóthar nua Chonamara agus cé gur ábhar díomá é nár thug an Bord Pleanála cead iomlán do sheachbhóthar na Gaillimhe, tá súil go n-ullmhófar athiarratas leasaithe gan rómhoill ar an gcuid sin ar diúltaíodh cead pleanála dó.

Rinneadh dul chun cinn suntasach i soláthar seirbhísí leathanbhanda i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Dhún na nGall i rith na bliana. Tugadh líonra teileachumarsáide nua ardluais, a chuirfidh seirbhís leathanbanda ardluais ar fáil, chuig Gaeltachtaí Chonamara agus Dhún na nGall mar thoradh ar chomh-thionscnamh idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, HEAnet agus Údarás na Gaeltachta. Cuireadh an líonra nua atá á sholáthar ag Airspeed Telecom, ar fáil ag sé cinn d’ionaid Ghaeltachta de chuid OÉ Gaillimh, agus beidh fáil ag lucht gnó laistigh de dheisceart Chonamara ar an tseirbhís chomh maith. Chuir CNS (Community Network Services Ltd) an tseirbhís ar fáil ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus mar thoradh ar chomhthionscnamh idir Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, An Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn agus Interreg tá líonra nua leathanbhanda ar fáil ar fud Dhún na nGall. Rinneadh uasghrádú ar sé mhalartán Gaeltachta go caighdeán DSL i rith na bliana agus tá uasghrádú le déanamh ar ocht malartán i rith 2009.

An Teanga

Tá 32 Ionad Seirbhísí Teanga bunaithe ag an Údarás ar fud na Gaeltachta go dáta agus d’fhreastal os cionn 900 ar chúrsaí sna hionaid sin in 2008. Tá thart ar 350 de na foghlaimeoirí seo ag déanamh scrúduithe creidiúnaithe ar nós dioplóma tríú leibhéal nó Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Mar chuid de straitéis pleanála teanga na heagraíochta, bheartaigh an tÚdarás i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, taighde ar riachtanais teanga a dhéanamh in ocht bpobal Gaeltachta is fiche. Cuireadh na hionaid teanga chuí ar an eolas maidir le torthaí an tsuirbhé agus tabharfar na riachtanais san áireamh i gclár oibre na n-ionad i rith 2009. Tá pleananna gníomhaíochta teanga á gcur i bhfeidhm in ocht bpobal Gaeltachta eile ar fud na Gaeltachta.

Cuireadh soláthar substaintiúil maoinithe ar fáil mar thacaíocht do sholáthar oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht áit a bhfuil cúrsaí creidiúnaithe dioplóma, ard-dioplóma, céime agus iarchéime ar fáil anois. Sé Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, go príomha atá ag soláthar na gcúrsaí sna hionaid bhuana atá a bhforbairt aige sa Ghaeltacht ach cuireadh maoiniú ar fáil freisin i leith chúrsaí a sholáthair Institiúid Theicneolaíochta Phort Láirge i gcomhar le Nemeton Teo sa Rinn agus Institiúid Theicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo i gcomhar le Europus Teo i gCarna.

I rith na bliana, rinne an tÚdarás athbhreithniú ar a pholasaí do chur chun cinn na Gaeilge i ngnóthaí a chuid cliaint-chomhlachtaí. Rinneadh an t-athbhreithniú seo chun an earnáil phríobháideach sa Ghaeltacht a fhaigheann cabhair stáit a chur ar chomhréim le treoirlínte atá leagtha síos do chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Léiríonn an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a d’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta in 2007 an staid chriticiúil leochaileach ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht. I rith na bliana 2008 bunaíodh Coiste Comh-Aireachta, faoi Chathaoirleacht an Taoisigh, le moltaí agus tátail an staidéir a scrúdú agus le gníomhphlean a chur le chéile. Choimisiúnaigh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta saineolaithe teanga chun Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a ullmhú. Tá an tÚdarás tiomanta lena pháirt ghníomhach féin a ghlacadh i bhfeidhmiú an ghníomhphlean agus na straitéise a eascróidh as an bpróiseas reatha Rialtais.

Maoiniú Státchiste 2009

Tá maoiniú iomlán Státchiste de €38m ar fáil don Údarás don bhliain 2009 i gcomparáid le €43m i 2008.