Tús le próiseas le stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a fháil do An Clochán Liath

20 Feabhra, 2018

nóiméad léite

Iarratais á lorg ó eagraíochtaí ar suim leo plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú

Tá iarratais á lorg ag Údarás na Gaeltachta ó eagraíochtaí nó grúpaí pobail sna Rosa i dTír Chonaill a mbeadh suim acu feidhmiú mar Cheanneagraíocht pleanála teanga le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú le stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach do bhaile An Clochán Liath.

Tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin. Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta aitheanta chun críche Acht na Gaeltachta 2012.

Dúirt Micheál Ó hEanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá an fógra seo déanta in am tráthúil mar go bhfuil plean teanga do Limistéar Pleanála Teanga Na Rosa á ullmhú faoi láthair. Tá pobal an Limistéir sin ag brath go mór ar bhaile an Chlocháin Léith ó thaobh áiseanna agus seirbhísí de agus cuirfidh an chéim seo dlús leis an obair sin agus an iarracht thar a bheith tábhachtach atá ar bun le todhchaí na Gaeilge a threisiú agus a chinntiú sa cheantar.”

Is é an 15 Márta 2018 an spriocdháta le hiarratais a bheith curtha faoi bhráid an Údaráis. Beidh cruinniú eolais á eagrú ag Feidhmeannaigh an Údaráis ar an gClochán Liath ar an 27 Feabhra 2018 in Ionad Teampall Chróine ag tosú ag 8.15in.

Más mian le grúpa/eagraíocht iarratas a dhéanamh is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín an Údaráis nó trí theagmháil a dhéanamh le hoifig Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair ag 074 9560100.