Tuarascáil Bhliantúil 2009 seolta ag Údarás na Gaeltachta agus ráiteas eisithe maidir le clúdach sna meáin faoi chaiteachas an Údaráis ar thaisteal thar lear

10 Samhain, 2010

nóiméad léite

De réir Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais agus Táblaí Údarás na Gaeltachta do 2009 a foilsíodh an tseachtain seo, d’éirigh leis an Údarás 710 post nua a chruthú i gcliant-chomhlachtaí dá chuid in 2009. Léiríonn an Tuarascáil, mar sin féin, gur chuir an ghéarchéim eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda isteach go mór ar chomhlachtaí agus dá thoradh sin tháinig titim de 721 nó 8.8% ar fhostaíocht i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis. Bhí 7,472 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ag deireadh 2009.

Ag tagairt do thorthaí na bliana 2009 dúirt Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta go raibh an glan-chaillteanas de 8.8% i bpoist ar aon dul leis an treocht i ngeilleagar na tíre go ginearálta, áit a raibh titim 11.8% i bhfostaíocht lánaimseartha don bhliain sin. Dúirt sé gur cailleadh tromlach na bpost i gcliant-chomhlachtaí an Údaráis de bharr fiontair Ghaeltachta a bheith ag athstruchtúrú, ag laghdú méide nó ag laghdú forchostais lena gcumas iomaíochta a choimeád slán. “Tá an tÚdarás dóchasach go dtiocfaidh na poist a cailleadh le bliain anuas ar ais in am trátha de réir mar a bhisíonn an eacnamaíocht náisiúnta agus domhanda agus beidh muid ag oibriú le comhlachtaí chun go mbeidh siad ullamh le leas iomlán a bhaint as an téarnamh domhanda”.

Thagair sé do thorthaí ón Annual Business Survey of Economic Impact 2008 (ABSEI) a rinne Forfás i gcomhlachtaí Gaeltachta in 2009 agus a léiríonn go bhfuil tionchar suntasach ag gnólachtaí a fuair cúnaimh ón Údarás ar an Ghaeltacht. “Léiríonn an ABSEI, a rinne suirbhé ar chliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ina bhfuil 79% den fhostaíocht iomlán, gur fiú €834m díolachán iomlán na gcomhlachtaí. Bhain 47.6% den díolachán seo le heaspórtáil, méadú de 9.4% ar an mbliain roimhe sin. Léiríonn na staitisticí seo go bhfuil an Stát ag fáil luach a chuid airgid ar an infheistíocht atá á dhéanamh i bhforbairt fiontar agus i gcruthú fostaíochta sa Ghaeltacht”, a deir sé.

Thug Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin le fios gur bhliain dhúshlánach amach agus amach a bhí in 2009 ó thaobh ceadú poist de siocair go raibh níos lú maoinithe caipitil ar fáil don eagraíocht de bharr an titim san ioncam ó dhíol sócmhainní, mar gur thit an tóin as an margadh maoine, le cois na gciorruithe Státchiste. Thug sé le fios gur chuir seo “srian an-mhór ar obair na heagraíochta agus ar cheadú tograí agus infheistíocht nua agus mar gheall ar an srian ar mhaoiniú, thit an líon post nua a ceadaíodh in 2009 i gcomparáid le blianta eile go 352 post. Is léir ónar dtaithí go dteastaíonn timpeall 1,000 post nua a cheadú go bliantúil lena chinntiú go mbaintear amach na spriocanna cruthaithe fostaíochta. Cruthaíonn aon titim siar air sin fadhbanna do na blianta ina dhiaidh sin agus dá bhrí sin, beidh sé deacair ag an Údarás a chuid spriocanna fostaíochta a bhaint amach sna cúpla bliain atá romhainn cé go bhfuil líon sláintiúil fiosrúcháin sa bpíblíne.”

Is é príomhfhócas an Údaráis don bhliain 2010 ná an bonn fostaíochta atá ann a choimeád slán. Déanfar é seo trí oibriú go dlúth le comhlachtaí, tógáil ar na teagmhálacha infheistíochta atá déanta, teorainn a chur le comhaontuithe nua conartha a mhéadódh ceangaltais na heagraíochta reatha ach ag an am céanna an méid is féidir de na tionscnaimh atá tábhachtach do ghníomhaíocht gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta ag leibhéal an phobail a choimeád slán. Thagair an Príomhfheidhmeannach fosta don tábhacht atá le leorsholáthar infheistíochta a bheith ar fáil chun go bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar sheanfhoirgintí de chuid an Údaráis ionas go mbeadh siad oiriúnach le fiontair nua-aimseartha a mhealladh.

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Agus é ag caint faoi chúrsaí teanga, thagair Pádraig Ó hAoláin do na pleananna atá beartaithe athstruchtúrú a dhéanamh ar an Údarás mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le cur os comhair an Rialtais roimh dheireadh na bliana. Dúirt sé gurb é an dúshlán teanga don Stát agus don Údarás ná a léiriú gur féidir an creimeadh teanga sa Ghaeltacht a stopadh agus athghabháil a dhéanamh ar an teanga i líonraí pobail agus tógáil ar na hiarrachtaí seo gan lagú ar na hiarrachtaí chun infheistíocht a ghiniúint agus fostaíocht nua a chruthú. “Cé go bhfuil sé molta sa dréacht Straitéis feidhmeanna teanga an Údaráis a leathnú go náisiúnta, molann an tuarascáil go láidir ‘Forbairt gheilleagair agus bhonneagair na Gaeltachta a fhágáil mar phríomh-chúram ar Údarás na Gaeltachta’, agus tá seo ag teacht go hiomlán le mian an Údaráis féin”, a dúirt sé.

Clúdach sna meáin maidir le taisteal thar lear
Thapaigh an Cathaoirleach an deis le tagairt a dhéanamh do líomhaintí tromchúiseacha a rinneadh sna meáin le gairid maidir le caiteachas an Údaráis ar chaiteachas thar lear. “Cé gur léir go raibh bunús áibhéalach leo seo”, a dúirt sé, “ is léir go raibh siad dochrach agus go gcaitheann siad smál nach bhfuil tuillte ar fhoireann agus Bord an Údaráis. Séanaim go bhfuil aon bhunús leis na líomhaintí seo. Is mian leis an Údarás a dhearbhú nach bhfuil ceist ar bith faoi mhíchleachtas de shaghas ar bith a bheith déanta ag a chuid feidhmeannaigh ná ag comhaltaí an Bhoird maidir le costaisí. Tá olc orainn mar gheall ar na tagairtí agus na comparáidí gan bhunús a rinneadh le cásanna faoi mhí-úsáid chruthaithe chistí poiblí i ngníomhaireacht phoiblí áirithe, a tuairiscíodh le bliain anuas. Ceartaíodh líomhaintí áirithe faoin Údarás, cuid acu a d’admhaigh meáin áirithe a raibh bunús míchruinn leo, agus cuireann sé as go mór dúinn gur dearnadh athchúrsáil arís orthu le déanaí.”

“Arís, ba mhaith linn a rá in athuair gur eagraíocht oscailte agus follasach é Údarás na Gaeltachta a chloíonn go hiomlán le treoirlíne na Roinne Airgeadais. Tá comhlacht cuntasóirí proifisiúnta neamhspleách fostaithe ag Údarás na Gaeltachta chun feidhmeanna iniúchta inmheánaigh na heagraíochta a chur i gcrích. Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar ráitis airgeadais bhliantúil na heagraíochta agus tuairiscíonn sé go bliantúil chuig Tithe an Oireachtais. Léiríonn na hiniúchtaí seo go bhfuil dea-chleachtais i bhfeidhm san Údarás agus go gcomhlíontar treoirlínte na Roinne.”

“Comhlíonann an tÚdarás go hiomlán na treoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Airgeadais maidir le caiteachas ar thaisteal. Bíonn na heitiltí fada chuig na Stáit Aontaithe agus chuig áiteanna eile taobh amuigh den Eoraip curtha in áirithe de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag An Roinn Airgeadais do thaisteal thar lear. Cuirtear na heitiltí gearra chun na hEorpa in áirithe ar bheagchostas de réir na dtreoirlínte céanna. Déantar measúnú roimh ré ar fhiúntas na dturas go léir thar lear agus déantar iad a údarú ag an leibhéal is sinsearaí. Is é polasaí an Údaráis ná go n-aisíoctar amháin caiteachas riachtanach an turais agus an gnó a bhain leis, de réir mar a bhí údaraithe roimh ré. Ní áirítear ná ní íoctar in aon am an costas a bhaineann le duine muinteartha. Coinníonn an tÚdarás an costas a bhaineann le taisteal thar lear chomh híseal agus is féidir agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna maidir le riachtanais ábhair infheisteoirí thar lear agus daingniú ar chuid cliaint reatha.

Tá ráiteas iomlán faoin ábhar seo, ina bhfuil eolas maidir le ceisteanna ar leith, le fáil ar ár suíomh idirlín.”