Preas Ráiteas

Tuairisc ar Iascaigh Shruthlíonta i gCorca Dhuibhne foilsithe ag Údarás na Gaeltachta

Foilsíodh inniu (18 Aibreán) an tuairisc a réitigh an comhlacht comhairleoireachta Mc Iver Consulting ar thionchar iascaigh shruthlíonta ar réigiún Chorca Dhuibhne. Is ar iarratas ó iascairí Bhaile na nGall a choimisiúnaigh Taighde Mara Teo. an tuarascáil seo. Rinne Mc Iver Consulting staidéar ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus oidhreachta an iascaigh shruthlíonta bradán ar son Taighde Mara Teo., fo-chomhlacht de chuid an Údaráis.

Taispeánann an staidéar go raibh luach €610,000 ag na bradáin a maraíodh le linn 2005. Is é €15,600 meánluach an mharaithe de réir an cheadúnais. Is iad Iasc Uí Mhathúna Teo., De Brún Iasc Teo. agus Iasc Uí Chatháin Teo. na príomhchomhlachtaí próiseála atá gníomhach i bpróiseáil bradán sa réigiún. Cuireann na comhlachtaí seo fostaíocht ar fáil do beagnach céad duine agus cothaíonn an fhostaíocht seo ioncam bliantúil de thart ar €1.1 m don réigiún. Rinneadh próiseáil ar thart ar 16,000 bradán i 2005 agus thug sé seo ioncam thart ar €1.8 m ar tháirgí bradán do na próiseálaithe.

Is iad na príomh-chonclúidí atá sa tuairisc ná

  • Cé nach cuid mhór de thionscal iascaigh na hÉireann é iascach sruthlíonta i gCorca Dhuibhne, tá sé suntasach sa chomhthéacs áitiúil agus tá tionchar díreach aige ar shlí bheatha na ndaoine sin páirteach san iascach. Tá tábhacht áirithe aige don tionscal próiseála iascaigh agus do na bialanna áitiúla ach níos lú tábhacht do thionscal na n-óstlanna.
  • Níl aon cheist ach go bhfuil réimse fórsaí, laistigh agus lasmuigh den tír, ag oibriú chun deireadh a chur le hiascach sruthlíonta in Éirinn agus dá bharr seo gur dóichí go mbeidh laghdaithe leanúnacha i méid na gcuótaí sna blianta amach romhainn.
  • Is ceist fíorthábhachtach í caomhnú stoc bradán san Aontas Eorpach agus in Éirinn, ach tá difríochtaí an-mhór ann maidir leis na slite chun déileáil leis an gceist sin.
  • Is cuid shuntasach é iascach sruthlíonta bradán de theacht isteach an phobail iascaigh áitiúil agus má imíonn sin beidh tionchar mór aige ar na daoine sin atá ag braith ar an bhfarraige dá slí bheatha.
  • D’fheadfadh sé gur bás fada fadálach de réir a chéile atá i ndán don tionscal iascaigh sa réigiúin. Sa chomhthéacs sin bheadh sé níos fearr gníomhú go dearfach anois chun réiteach a aimsiú in áit fanacht go dtí go mbíonn sé níos deacra an scéal a réiteach.
  • D’aontódh formhór na ndaoine, laistigh agus lasmuigh den réigiúin, go bhfuil sé tábhachtach go mairfeadh cultúr agus slí mhaireachtála na háite. Dá bhrí sin tá gach seans go mbeadh tacaíocht forleathan ar fáil ó réimse leathan den phobal d’aon chéimeanna a chuideodh leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
  • Molann an tuairisc

  • De bharr tábhacht an iascaigh do na hiascairí áitiúla ní mór d’Údarás na Gaeltachta, ainneoin go bhfuil freagracht reachtúil an Údaráis san earnáil seo teoranta, scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna chun an acmhainn iascaigh beo bríomhar seo a fhorbairt mar fhoinse leanúnach ioncaim don cheantar Gaeltachta. Ni mór sin a dhéanamh i bpáirt le Fáilte Ireland, Bord Iascaigh Réigiúnach an Iardheiscirt agus Bord Iascaigh Mhara. San áireamh anseo bheadh soláthar tacaíochta don phobal áitiúil iascaigh chun cabhrú leo gníomhaíochtaí eacnamaíochta breise a fhorbairt bunaithe ar a gcuid scileanna agus taithí, agus ar úsáid na n-acmhainní atá ar fáil dóibh.
  • Tá an deis ann tógáil ar thréithe uathúla na Gaeltachta agus ar thraidisiún iascaigh an réigiúin trí cjomharchumann turasóireachta iascaigh mhara a fhorbairt, áit a d’fhéadfaí ceadúnais a mhalartú ar son infheistíochta i dtionscnamh uathúil iascaigh mara, tionscnamh a d’fhéadfadh feidhmiú thar thréimhse roinnt mionna in áit an tséasúir iascaigh bradáin dhá mhí atá ann i láthair na huaire.
  • Ní mór do gach gníomhaireacht Stáit tacú leis an gcás do chúiteamh cuí do na hiascairí sin atá sásta scaoileadh lena gceadúnas iascaigh sruthlíonta ionas gur féidir leo deiseanna infheistíochta a thapú i ngníomhaíochtaí mara agus eacnamaíochta eile.
  • Sa chás go gcuirfear deireadh leis an réim ceadúnais reatha, nó go gcuirfí srian suntasach leis, ní mór do gach gníomhaireacht Stáit comhoibriú i rith na bliana reatha ar thionscnamh chun teacht ar mhalairt stoic éisc do na hiascairí.
  • Ní mór d’Údarás na Gaeltachta oibriú i gcomhar le le gníomhaireachtaí eile Stáit le fiosrú a dhéanamh ar na deiseanna chun saineolas agus scileanna iascairí a úsáid i ngníomhaíochtaí ar nós stocfheirmeoireacht bhradán. Chuideodh sin le leibhéil an stoic bhradáin a ardú, rud a chinnteodh leanúnachas na hacmhainne seo.