Preas Ráiteas

Tuarascáil ar Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta

D’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta tuarascáil inniu (29 Bealtaine) ina dtugtar léiriú ar staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tugann an tuarascáil Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 faisnéis ar na hathruithe i bpróifíl teanga na bpobal Gaeltachta le linn na tréimhse sin.

Ba é cuspóir an tionscadail taighde seo ná faisnéis teanga a chur ar fáil do na Ceanneagraíochtaí atá ag tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT). Cuirtear an fhaisnéis ar fáil ag úsáid na modheolaíochtaí céanna anailíse agus a úsáideadh sa bhunanailís a foilsíodh in 2007. Cinntíonn an múnla anailíse seo leanúnachas agus cuirtear próifíl suas chun dáta ar fáil i dtaca leis na limistéir pleanála teanga atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Léiríonn an anailís atá déanta sa tuarascáil nár tháinig aon mhaolú ar an ráta ag a bhfuil an Ghaeilge á creimeadh mar theanga phobail sa Ghaeltacht ón uair a foilsíodh an chéad thuarascáil taighde An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht in 2007. Dar leis na húdair go bhfuil an creimeadh ag tarlú ag ráta níos tapúla ná mar a bhí á thuar sa bhunstaidéar agus go n-éilíonn sé gníomh práinneach idirghabhála.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Is áis agus acmhainn eolais don Údarás, don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus do na Ceanneagraíochtaí ach go háirithe an fhaisnéis atá curtha ar fáil sa Nuashonrú agus iad ag dul i ngleic le próiseas pleanála le todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú. Aithníonn muid go dtugann an fhaisnéis atá sa tuarascáil seo léargas ar na dúshláin mhóra atá ann do phobal na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Stáit araon. Léirítear sa tuarascáil go mion an cúngú atá tagtha ar labhairt na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go háirithe sna ceantair is láidre Gaeltachta.
Dúirt an Cathaoirleach go bhfuil scagadh níos mine le déanamh ar an fhaisnéis seo ag an leibhéal áitiúil agus go gcaithfear iarracht a dhéanamh tuigbheáil a fháil ar na cúinsí áitiúla atá i réim agus atá ag imirt tionchair ar iompar teanga an phobail go háitiúil. Oibreoidh an tÚdarás go dícheallach le tacaíocht a chur ar fáil do na Ceanneagraíochtaí agus do phobal na Gaeltachta agus iad ag tabhairt faoin obair phráinneach seo, a dúirt sí.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, go léiríonn na staitisticí atá sa taighde nach bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge sa Ghaeltacht. “Tá an tÚdarás tiomanta i dtreo oibriú i bpáirt le pobal na Gaeltachta trí na Ceanneagraíochtaí le haird a dhíriú ar cheist na Gaeilge ar bhonn áitiúil agus iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a aisghabháil mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Tá plé le déanamh ag ardleibhéal sa chóras Stáit agus ag an leibhéal áitiúil ar na torthaí atá léirithe sa taighde seo.”
Dúirt an Príomhfheidhmeannach, “Is fiú aitheantas a thabhairt inniu do dhíograis daoine atá ag coinneáil an Ghaeilge beo sa Ghaeltacht. Tá a rian sin le feiceáil inniu, go háirithe i bpobail a bhfuil an líon cainteoirí Gaeilge íseal iontu. Níl tomhas ar an díograis sin agus leanfaidh an obair le pobal na Gaeltachta le todhchaí na teanga sa Ghaeltacht a chinntiú.”

Is féidir cóip den Tuarascáil iomlán a íoslódáil anseo:

Is féidir cóip de Phríomhfhaisnéis na Limistéar Pleanála Teanga a íoslódáil anseo

Cúlra:
I mí Bealtaine 2013 bhronn Údarás na Gaeltachta conradh ar fhoireann taighde de chuid Ollscoil na Éireann Gaillimh agus Ollscoil Mhá Nuad (An Institiúid um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad) le athnuachan a dhéanamh ar na príomhfhoinsí staitistiúla a bhain leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007. Is iad na príomh fhoinsí nua ná an t-eolas a bailíodh le linn Daonáirimh 2006 agus 2011 agus na torthaí a bhain le Scéim Labhairt na Gaeilge dona tréimhsí céanna.
Bhí sé mar aidhm go léireoidh an taighde nua seo na hathruithe i bpróifíl teanga na bpobal Ghaeltachta le linn na tréimhse sin agus go mbainfear leas as an bhfaisnéis nua mar bhunsraith ar a mbunófar na pleananna teanga atá le réiteach i ngach limistéir pleanála teanga.
Bhain an taighde le:
– Bonn comhaimseartha staitistiúil a chuir ar fáil maidir le cúinsí sochtheangeolaíochta na Gaeltachta
– Athruithe i bpróifílí teanga na gceantar éagsúil ó 2002 a léiriú – ag úsáid eolas a bailíodh le linn Daonáirimh 2006 agus 2011 agus na torthaí a bhain le Scéim Labhairt na Gaeilge don tréimhse céanna
– Bonn faisnéise a bheidh ar fáil do na pobail a bhfuil sé ar intinn acu pleananna teanga a ullmhú.