Taighde Mara Teo le scor

29 Iúil, 2008

nóiméad léite

Tá cinneadh déanta Taighde Mara Teo, fochomhlacht taighde mara Údarás na Gaeltachta, a scor. D’eascair an cinneadh seo as grinnscrúdú a rinne Údarás na Gaeltachta ar thodhchaí an chomhlachta i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe i réimse an taighde mara le blianta beaga anuas.

Bhí ról tábhachtach ceannródaíochta ag Údarás na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann roimhe i bhforbairt an tionscail uisceshaothraithe sa Ghaeltacht – idir shliogéisc agus iasc eite – sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Bunaíodh Taighde Mara Teo i 1983 mar phríomhfhoinse chomhairle agus thaighde don Údarás tráth nach raibh fáil ar a leithéid ar bhonn chomh fairsing agus atá faoi láthair. Sna blianta tosaigh bhí an-bhéim ar bhunobair thaighde sna réimsí oibre seo a leanas:

  • trialacha ar fhás muiríní;
  • béim ar sholáthar seirbhísí comhairleacha;
  • maoiniú taighde ar ghalair bhradán;
  • trialacha ar an gcóras Bouchot d’fhás diúilicíní;
  • taighde ar aimsiú síl do bhreallaigh, muiríní, oisrí agus diúilicíní.

Chomh maith leis sin, rinneadh buntaighde ar oisrí agus breallaigh i gCuanta na Beirtrí Buí agus Chill Chiaráin agus rinneadh mórthaighde ar bheathú cuáin mhara. Le blianta beaga anuas, is ról comhairleach is mó a bhí ag an chomhlacht agus ba bheag soláthar a bhí ar fáil do chuspóirí taighde.

Chuaigh an réimse leathan saineolais atá ar fáil anois ó Fhoras na Mara in Órán Mór, Institiúid Mháirtín Uí Riain in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhfuil fo-ionad taighde aige i gCarna i gConamara, agus na gníomhaíochtaí taighde mara atá ar siúl in institiúidí tríú leibhéal ar nós Ollscoil Chorcaí agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo i bhfeidhm go mór ar mheasúnú Údarás na Gaeltachta ar an ngá atá le leanúint lena ghníomhaíochtaí taighde mara féin trína fhochomhlacht. Tógadh san áireamh freisin moltaí in dhá thuarascáil thábhachtacha faoi fhorbairt acmhainní mara a foilsíodh ag deireadh na bliana 2006, siad sin, ‘Tuarascáil Cawley’ na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (mar a bhí) agus ‘Casadh an Taoide’ de chuid Fhoras na Mara. Baineann na moltaí go léir atá ábhartha do ról Údarás na Gaeltachta sna tuarascálacha sin le tacaíocht a sholáthar d’fhorbairt na hearnála táirgeachta san uisceshaothrú agus sa phróiseáil.

Bhí cead rialtais ag an Údarás Taighde Mara Teo a mhaoiniú thar thréimhse chúig bhliana suas go 2008 ach cead bliantúil laistigh den tréimhse sin a bheith faighte ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Agus é ag teacht chuig deireadh na tréimhse maoinithe cúig bhliana Thaighde Mara, is é tuairim an Údaráis gur cheart don eagraíocht díriú ar chur i bhfeidhm a chlár forbartha agus an saineolas taighde a aimsiú ó eagrais taighde-bhunaithe de réir mar a theastaíonn sé. Tá buiséad suntasach náisiúnta ar fáil anois d’eagrais agus d’institiúidí atá ag gabháil do thaighde mara agus beidh an tÚdarás in ann tarraingt ar an saineolas sin go díreach seachas é a dhéanamh trí fhochomhlacht mar a bhí á dhéanamh le blianta beaga anuas.

Is mian le bord agus bainistíocht Údarás na Gaeltachta an deis seo a ghlacadh chun a mbuíochas a chur in iúl don fhoireann de chúigear atá fostaithe ag Taighde Mara Teoranta, agus dóibh siúd a d’oibrigh sa chomhlacht ó bunaíodh é, as an méid atá déanta acu i gcur chun cinn na hearnála uisceshaothraithe sa Ghaeltacht.