Staidéar sochtheangeolaíochta na pictiúrlainne

3 Feabhra, 2008

nóiméad léite

Tá comhlacht comhairleoireachta teangeolaíochta Cwmni Iaith na Breataine Bige i gcomhar leis an Dr. Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh, ceaptha ag Údarás na Gaeltachta le taighde sochtheangeolaíoch a dhéanamh ar na himpleachtaí a thiocfadh a bheith le bunú pictiúrlainne ilscáileáin i nGaoth Dobhair ar theanga agus ar chultúr an cheantair i nGaoth Dobhair agus i bParóistí Chloich Chionnaola agus na Rosann. Tá tús curtha leis an staidéar sochtheangeolaíochta seo agus tá Kathryn Jones agus Gareth Ioan, Cwmni Iaith, An Bhreatain Bheag agus An Dr. Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh, chomh maith le Carmel Ní Bhriain, Cúntóir Taighde, ag tosú ar an obair thaighde sa cheantar láithreach bonn. Beidh ceardlanna eolais a reáchtáil sna trí paróistí le tuairimí agus moltaí a lorg ón phobal mar chuid den anailís theangeolaíochta seo.

Is Cwmni Iaith, an phríomh ghníomhaireacht pleanála teanga sa Bhreatain Bheag agus tá taithí fhairsing acu sa chineál seo taighde teanga agus tá an staidéar seo a chur le chéile acu leis an sochtheangeolaí An Dr. Tadhg Ó hIfearnáin a bhfuil staidéar leitheadach déanta aige ar chleachtais phleanála teanga.