Sraith Seimineáir – Conas dul i nGleic leis na Deacrachtaí Eacnamaíochta

22 Feabhra, 2010

nóiméad léite

Cruthaíonn an cúlú eacnamaíochta atá ann faoi láthair a lán dúshláin do ghnóthaí agus ionas gur féidir leo maireachtáil, ní mór dóibh pleanáil straitéiseach éifeachtach a ghlacadh mar chúram orthu féin agus díriú ar bhun-phrionsabail an ghnó. Is féidir le pleanáil mhaith straitéiseach an gnó a chosaint agus cuir ar a chumas an géarchéim eacnamaíochta a shárú agus fiú a bheith níos láidre mar ghnó i ndiaidh na géarchéime.

Chuige sin, tá Údarás na Gaeltachta ag eagrú sraith seimineáir dár teideal – Conas dul i nGleic leis na Deacrachtaí Eacnamaíochta. I measc na n-ábhair a bheidh á gclúdach ag speisialtóirí beidh bainistiú sreabhadh airgid, conas díolacháin a choimeád agus a mhéadú, déileáil le fiacha agus le hathruithe san ionad gnó.

Cuirfear tús leis na seimineáir ar 25 Feabhra agus tá tuilleadh eolais le fáil ag www.udaras.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Judy Ní Dhubháin ag 091 503129 nó judy@udaras.ie.