Spléachadh ar an todhchaí do rannpháirtithe ETIM ‘An Chruinne’ Údarás na Gaeltachta!

25 Meitheamh, 2018

nóiméad léite

Mar chlabhsúr ar chlár ETIM ‘An Chruinne’ Údarás na Gaeltachta na bliana seo, reáchtáil Cambus Medical atá lonnaithe sa Spidéal ‘lá scoile sa saol oibre’ do dhaltaí Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

"Is iad seo na fiontraithe agus na heolaithe a bheidh againn sa todhchaí agus is iad a chruthóidh agus a fhorbróidh Gaeltacht na todhchaí.”

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh

Tugadh na daltaí ar thuras timpeall áis ardteicneolaíochta Cambus Medical sa Spidéal, comhlacht a bhfuil taithí fhairsing aici ag soláthar hipeatiúbanna (hypotubes) agus réitigh micreachomhpháirt beachta ar fáil do thionscal na ngaireas leighis le dhá bhliain déag óna láthair oibre i gConamara. Faoi láthair agus na daltaí seo ag tabhairt a n-aghaidh ar oideachas dara leibhéal, b’iontach an deis í go bhfeicfidís na róil éagsúla agus na féidearthachtaí ó thaobh oibre de, atá agus a bheidh ar fáil sa nGaeltacht i saol na heolaíochta agus na hinnealtóireachta de. Spreag Barry Comerford, Príomhfheidhmeannach agus comhbhunaitheoir Cambus Medical na daltaí le bheith díograiseach agus gach rud a fheiceann siad a thástáil agus a cheistiú go fonnmhar, le linn a saoil, “Sáróidh tú fadhbanna a thiocfaidh romhat ach a bheith diongbháilte agus díograiseach”, a deir Comerford.

B’áit oiriúnach é Cambus Medical le cuairt a thabhairt air mar gur oibrigh fostaithe Cambus Medical le daltaí i scoileanna na Gaillimhe le naoi mbliana anuas agus chuir ar a gcumas scileanna eolaíochta, fiontraíochta agus fostaíochta a shealbhú trí dheiseanna foghlamtha nuálaíocha agus idirghníomhacha a chur ar fáil trí chláir éagsúla de chuid Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland. Bhí an turas mar chríoch oiriúnach ar chláir ETIM ‘An Chruinne’ Údarás na Gaeltachta a reáchtáladh i gcomhar le Junior Achievement Ireland a raibh fáil ag os cionn 400 daltaí bunscoile air i nGaeltachtaí ar fud na tíre i mbliana.

Cuireann an clár An Chruinne ranganna eolaíochta ar fáil trí Ghaeilge agus tugann sé ugach do dhaltaí i rang a sé i mbunscoileanna Gaeltachta staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht sa meánscoil. Cuireadh traenáil agus tacaíocht ar fáil do dhaoine ó eagraíochtaí éagsúla a thug a gcuid ama go deonach le hoideachas a chur agus suim na ndaltaí a chothú in Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM). Cúig mhodúl atá sa gclár ‘An Chruinne’ a chuimsíonn bunphrionsabail na heolaíochta agus a dhíríonn aird na ndaltaí ar a tábhacht ina saol ó lá go lá.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh le linn dó a bheith ag fógairt go leanfadh an clár don bhliain acadúil 2018/2019: “Tá sé tábhachtach d’Údarás na Gaeltachta agus dár gcliantchomhlachtaí aos óg na Gaeltachta a spreagadh chun na nuálaíochta agus spéis sna hearnálacha seo a spreagadh iontu ina dteanga dúchais féin. Tá muid faoi chomaoin ag Cambus Medical, a bpáirtnéirí comhfhiontair Freudenberg Medical agus cliantchomhlachtaí eile a thug a gcuid ama go flaithiúil chun suim an chéad ghlúin eile a mhúscailt sa nuálaíocht agus san eolaíocht agus béim a chur ar na deiseanna iontacha atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Is iad seo na fiontraithe agus na heolaithe a bheidh againn sa todhchaí agus is iad a chruthóidh agus a fhorbróidh Gaeltacht na todhchaí.”