SpinVox Teo. le 41 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair

28 Meán Fómhair, 2008

nóiméad léite

Inniu (29 Meán Fómhair 2008), d’fhógair SpinVox Teo. go raibh siad le 41 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá tús curtha ag an chomhlacht lena bhfeachtas earcaíochta agus tá siad dóchasach go mbeidh na poist nua líonta taobh istigh de chúpla mí. Tá 30 duine fostaithe ag SpinVox i nGaoth Dobhair faoi láthair agus de thairbhe na fostaíochta breise seo beidh 71 fostaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá tacaíocht á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta don togra seo.

Is bunaitheoir agus ceannaire domhanda é SpinVox sa réimse seirbhísí cumarsáide a aistríonn guthteachtaireachtaí go téacsteachtaireachtaí. Cuireann an comhlacht na seirbhísí éagsúla seo ar fáil do chomhlachtaí teileachumarsáide idirnáisiúnta macasamhail Alltel, Cincinnati Bell, Sasktel, Rogers, Telus, Telstra, Vodacom san Aifric Theas, Vodafone sa Spáinn and Livejournal agus tá siad i ndiaidh conradh a fhógairt le Skype. Tá an tseirbhís aistrithe gutha go téacs á cur ar fáil ag SpinVox ar na cúig mór-roinn i mBéarla, i bhFraincis, i Spáinnis agus i nGearmáinis. Tá an Phortaingéilis á forbairt acu i láthair na huaire.

Ag tagairt don fhorbairt seo, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údáras na Gaeltachta, “Is dea-scéal an cinneadh seo go bhfuil SpinVox Teo lena ngnó a mhéadú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, go háirithe do Ghaeltacht Dhún na nGall agus don lucht saothair áitiúil. Tá ríméad orainn a bheith in ann tacú leis an bhforbairt seo agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le mo bhuíochas a chur in iúl d’oibrithe an chomhlachta. Is cinnte gur toradh é an méadú seo ar an saothar atá curtha isteach ag na fostaithe sa ghnó seo le cúpla bliain anuas. Tá forbairt an chomhlachta seo ina fianaise ag chuile duine, go háirithe i dtimpeallacht eacnamaíoch an lae inniu, go bhfuil ardtosaíocht ag cothú na fiontraíochta i straitéis an Údaráis agus go bhfuil ag éirí leis an straitéis seo. Ina chuideachta seo níl amhras ar bith ná go bhfuil an tacaíocht rialta céanna á tabhairt ag an Rialtas do chothú na fiontraíochta”.