Seimineár teicneolaíochta dírithe ar cuidiú le comhlachtaí costais a laghdú agus gnó a dhéanamh níos éifeachtúil

18 Lúnasa, 2016

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le Nualann Mhaigh Eo ag eagrú seimineár d’úinéirí gnó dírithe ar eolas a sholáthar faoi bhealaí le gnó a dhéanamh níos éifeachtúil ag baint úsáid as teicneolaíocht nua-aimseartha.

Díreoidh téamaí an tseimineáir ar theicneolaíocht a bhaineann le Néalríomhaireachta, Bainistiú Custaiméirí, agus Margaíocht agus Díolachán Digiteach agus beidh deis na teicneolaíochtaí seo a fheiceáil ag feidhmiú.

Beidh Seimineár Teicneolaíochta Mhaigh Eo ar bun in Óstán an Mhala Raithní Déardaoin, 25 Lúnasa, ó 6.30i.n. go dtí 9.30i.n.

Beidh cainteoirí i láthair ó Microsoft, Cloudstrong, OnePageCRM agus Happy Marketing & Media.

Beidh Elaine Moyles, Oifig Fostaíochta Áitiúil Mhaigh Eo, i láthair chomh maith chun cur i láthair a dhéanamh ar scéim trádáil ar-líne atá ar fáil le cuidiú le comhlachtaí áis ríomhthráchtáil a fhorbairt.

Beidh deis ag úinéirí gnó ceisteanna a chur ar na cainteoirí.

Tá an ócáid saor in aisce, ach ní mór spás a chur in áirithe roimh ré trí glaoch a chur ar 097 81418 nó trí r-phost a sheoladh chuig socoisdealbha@udaras.ie