Seimineár Lae do na hIonaid Seirbhísí Teanga Gaeltachta i nGaillimh

27 Bealtaine, 2009

nóiméad léite

Tá seimineár lae a reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta do stiúrthóirí na nIonad Seirbhísí Teanga in Óstán Bhaile Chlár na Gaillimhe inniu (Dé Céadaoin 27 Bealtaine).

Tá 32 Ionad Seirbhísí Teanga anois bunaithe ag an Údarás ar fud na Gaeltachta agus tá stiúrthóirí na nIonaid á dtabhairt le chéile le plé a dhéanamh ar fhorbairt na nIonad agus ar a ngníomhaíochtaí margaíochta.

Is é Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin a thabharfaidh an t-aitheasc oscailte agus beidh cainteoirí ann ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus ón chomhlacht margaíochta, Bane Mullarkey.

Cuireann na hIonaid Seirbhísí Teanga an Teastas Eorpach sa Ghaeilge ar fáil ar fud na Gaeltachta mar aon le réimse cúrsaí eile – cúrsaí gramadaí agus ranganna comhrá ina measc. Tá an Teastas Eorpach sa Ghaeilge creidiúnaithe ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus é aitheanta go hidirnáisiúnta. Cuirtear cúrsaí de chuid Acadamh na hOllscolaíocht Gaeilge ar fáil – an Dioplóma san Aistriúchán agus an Dioplóma sa Ghaeilge i roinnt de na hIonaid Seirbhísí Teanga ar fud na Gaeltacht chomh maith.

Tá fáil sna hIonaid seo ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine ag gach leibhéal cumais. D’fhreastal os cionn 900 duine ar chúrsaí éagsúla Gaeilge sna hIonaid ar fud na Gaeltachta anuraidh.