Seimineár eolais do ghnóthaí – Ag mealladh infheisteora nó ceannaitheoir domhanda

10 Aibreán, 2013

nóiméad léite

 

Tá Craobh an Iarthair de Chumann MBA na hÉireann i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag eagrú seimineár eolais do ghnóthaí den téama – Ag mealladh infheisteora nó ceannaitheoir domhanda. Is í aidhm na hócáide ná léargas a thabhairt ar cad iad na riachtanais agus na céimeanna atá le glacadh ag gnó le hinfheisteoir nó ceannaitheoir domhanda a mhealladh. Míneofar an tábhacht a bhaineann le straitéis, an teicneolaíocht / táirge ceart, féidearthacht fáis agus rochtain ar mhargaí a bheith ag comhlacht.

Labhróidh Damien Kelly, Ceannasaí Airgeadais Mylan agus Barry Comerford, Príomhfheidhmeannach Cambus Teo ar a dtaithí féin mar aon le Mike Moroney, léachtóir ó Scoil Ghnó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh an seimineár ar siúl in Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe, Déardaoin 18 Aibreán ag 5:15i.n. Le háit a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig sinead@udaras.ie