Rúiseach ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga do Chiarraí Theas

25 Feabhra, 2019

nóiméad léite

Victor Bayda, Oifigeach Pleanála Teanga Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Theas ina sheasamh ar Thrá Bhaile an Sceilg

Tá sé fógartha ag Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthach, go bhfuil an Dr. Victor Bayda ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCiarraí Theas. Is ón Rúis ó dhúchas don Dr. Bayda, áit a raibh sé mar léachtóir le Gaeilge in Stát-Ollscoil Lomonosov Mhoscó le suas le cúig bliana déag. Is é an deichiú oifigeach pleanála teanga atá ceaptha faoin Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Tá aistir ar leith curtha dhó ag Victor ní hamháin ó Mhoscó go hUíbh Ráthach ach turas teanga chomh maith áit ar chur sé suim mhór i dteangacha in aois a trí bliana déag agus go háirithe teangacha ceilteacha. Bhí an Bhreatnais agus Gaeilge na hAlban mar ábhar spéise aige ach is sa Ghaeilge is mó a léirigh sé suim. Fiú agus é ag staidéar Isiltíris in Stát-Ollscoil Lomonosov Mhoscó ba sa nGaeilge a bhí a chroí agus thug sé faoi staidéar dochtúireacht sa Ghaeilge. Chaith sé tréimhsí in Éirinn, i gColáiste na Tríonóide agus i nGaeltacht Chonamara, ag foghlaim na teanga agus bhain amach líofacht le tacaíocht an phobail sa Spidéal agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

Onóir agus pribhléid mhór dom a bheith ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga anseo i gceantar álainn Chiarraí Theas.

Beidh sé mar dhualgas ar an Dr. Bayda feidhmiú an phlean teanga do Limistéir Pleanála Teanga Chiarraí Theas a chur i bhfeidhm i gcomhair le heagrais agus pobal an cheantair sna blianta seo romhainn. Roghnaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh mar Cheanneagraíocht na pleanála teanga i nGaeltacht Chiarraí Theas i ndeireadh na bliana 2014. Ceadaíodh a bplean i dteanga ag tús 2018 agus tá maoiniú de €100,000 ceadaithe dóibh chun tacú le feidhmiú an Phlean.

Deir Victor Bayda ar a cheapachán, “Onóir agus pribhléid mhór dom a bheith ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga anseo i gceantar álainn Chiarraí Theas. Táim fíor bhuíoch as an fháilte atá curtha romham chuig an gceantar le cúpla lá agus táim ag tnúth go mór le tosú ag obair leis an bpobal chun an Ghaeilge agus an ceantar seo a chur chun cinn. Tá dúshlán mór romhainn cinnte ach tá sé rí thábhachtach fócas dearfach a choinneáil ar cheantar Uíbh Ráthach agus na deiseanna atá ag an gceantar a thapú sna blianta atá romhainn.”

Deir Áine Ní Bheoláin, Bainisteoir, Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthach “Cuireann muid fáilte mhór roimh Victor Bayda agus guíonn muid gach ádh air san obair dhúshlánach atá roimhe. Cúis áthais dúinn go raibh spéis aige tabhairt faoin dúshlán pleanála teanga anseo in Uíbh Ráthach. Tá roinnt blianta spéisiúla romhainn i gCiarraí Theas le Plean Gnímh Tascfhórsa Uíbh Ráthach atá le foilsiú go luath chomh maith le feidhmiú an phlean teanga seo. Caithfear tabhairt faoi na dúshláin seo ar bhealach éagsúil nuálaíoch agus sin a bheidh á dhéanamh againn sna blianta atá romhainn.”