Ros Dumhach Cógaisíochta Teo le 138 Post Nua a Chruthú i gCorr na Móna, i nGaeltacht na Gaillimhe

3 Feabhra, 2014

nóiméad léite

D’fhógair Ros Dumhach Cógaisíochta Teo (ag trádáil mar Rossport Pharmaceutical) inniu (3ú Feabhra 2014) go bhfuil siad le 138 post nua a chruthú agus infheistíocht €5.2 milliún a dhéanamh ag aonad nua táirgeachta i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Tabharfaidh na poist nua tacaíocht d’oibríochtaí an chomhlachta ar fud na hÉireann agus na hEorpa, áit a bhfuil Rossport ina dtáirgeoirí agus ina dáileoirí cheana féin den bhranda Nicofresh a chlúdaíonn toitíní leictreonacha agus táirgí a bhfuil nicitín iontu (NCP). Tá tús curtha le hearcaíocht do na poist cheana féin agus tá roinnt post ardoilte ar fáil, ar a n-áirítear poist do chéimithe i ndeimhniú cáilíochta agus i srianadh rialála.

Dúirt Brian Geraghty, Bainisteoir Stiúrtha Rossport, “Tá Nicofresh ag soláthar táirgí ardchaighdeáin toitíní leictreonacha do mhargadh na hEorpa ó 2007. Tríd an gcéim táirgeachta a lonnú sa tír seo, cinnteoidh Rossport Pharmaceutical go mbeidh rialú comhsheasmhach caighdeáin ar a dtáirgí, go mbeifear in ann cur lena réimse táirgí i margadh atá ag leathnú go tapa, agus go gcuirfear fostaíocht ar fáil go háitiúil.”

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta, go raibh áthas ar an Údarás a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht le tabhairt faoina phleananna forbartha. Dúirt sé, “Tá an comhlacht seo daingnithe go maith sa mhargadh cheana féin, agus iad imithe ó neart go neart ó bunaíodh an gnó in 2007. Tá na deiseanna fostaíochta a thiocfaidh as an bhfiontar seo sna trí bliana amach romhainn criticiúil do Chorr na Móna agus don cheantar Gaeltachta máguaird.”

Thug Stiúrthóir Táirgthe an chomhlachta, Tony Geraghty, aitheantas don tacaíocht atá a chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta don togra, “Leis an foirgneamh nua-aimseartha, réidh le n-úsáid, a chuir an tÚdarás ar fáil, bhí muid in ann tabhairt faoinár bpleananna forbartha i gCorr na Móna láithreach. Tá sé mar aidhm againn táirgí d’ardchaighdeáin a tháirgeadh, i saoráid ina bhfuil seomra íonghlan saintógadh don obair seo, agus é a easpórtáil ar fud na hEorpa. Déanfaidh seo forbairt agus fás an ghnó a dhaingniú agus chinntiú sa todhchaí. Tá sé i gceist againn céimithe cógasaíochta, taighde & forbairt, táirgthe, margaíochta agus loighistice a earcú ar an láthair seo sna míonna seo romhainn.