Ráiteas Deireadh Bliana 2018 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta

5 Feabhra, 2019

nóiméad léite

  • 589 post nua cruthaithe in 2018
  • An leibhéal is airde fostaíochta i gcliantchomhlachtaí le 10 mbliana
  • Glanmhéadú de 122 post lánaimseartha in 2018
  • 7,625 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
  • 525 post nua ceadaithe i dtograí ina mbeidh infheistíocht de €42m
  • 30 gnó nua tosaithe sa Ghaeltacht in 2018
  • 13 Plean teanga ceadaithe le buiséad de €1.49m
  • Bunús láidir tosaigh curtha le gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta
  • Branda ‘Gaeltacht na hÉireann’ forbartha agus seolta

Súil Siar ar 2018
Cruthaíodh 589 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2018. Bhí glanmhéadú ann de 122 post ar an mbliain roimhe sin, rud a chiallaíonn go raibh 7,625 post lánaimseartha agus 582 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana. Léiríonn na figiúirí seo an leibhéal is airde fostaíochta i gcliantchomhlachtaí ó bhí 2008 ann. Tá ardú leanúnach bliantúil tagtha ar an mbonn fostaíochta sa Ghaeltacht le sé bliana anuas agus comhlachtaí Gaeltachta ag cur lena seasmhacht.

Cuireadh céim shuntasach eile i gcrích i gcúrsaí Pleanála Teanga i rith 2018 le fostú na chéad Oifigigh Pleanála Teanga i limistéir éagsúla ar fud na tíre agus dá bhrí sin tús curtha le feidhmiú na bpleananna sna ceantair sin. Ag deireadh na bliana 2018 bhí plean teanga réitithe agus ceadaithe do leath (13) de na Limistéir Pleanála Teanga ar fud na tíre. Tá infheistíocht de €1.49m ceadaithe do fheidhmiú na bpleananna sin agus beidh fostaíocht dhíreach de 17 post i gceist le earcú Oifigigh Pleanála Teanga agus Oifigigh Chúnta.

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Tá méadú meáite le sonrú ar chúrsaí fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le sé bliana anuas agus ardú 10% tagtha ar an bhfostaíocht iomlán sa tréimhse sin. Cuireadh béim ar leith le roinnt blianta ar théarnamh, ar bhuanú agus ar sheasmhacht na gcomhlachtaí. Mar thoradh air sin, tháinig méadú sa bhfostaíocht ar 14% de chliantchomhlachtaí an Údaráis agus d’fhan an fhostaíocht seasmhach i 75% acu i 2018. Thosaigh 30 gnó as an nua sa nGaeltacht le linn na bliana agus bhí 76 duine fostaithe sna gnóanna sin ag deireadh na bliana. Is i réimsí na déantúsaíochta traidisiúnta agus táirgí leighis chomh maith le hearnáil na teilifíse is mó a bhí na comhlachtaí nua ag feidhmiú.

Is i gContaetha Dhún na nGall agus na Gaillimhe is mó a bhí ardú ar an bhfostaíocht in 2018. Go deimhin ba é 2018 an bhliain is lú riamh ar cailleadh poist i nGaeltacht Dhún na nGall agus tháinig méadú 4% ar an bhfostaíocht sa gcontae sin i 2018. Fágann sé seo go bhfuil an fhostaíocht sa gcontae ag an leibhéal is airde le 10 mbliana. Tá an leibhéal fostaíochta i gContae na Gaillimhe ag an leibhéal is airde ón mbliain 2000: cruthaíodh 237 post i 2018 sna hearnálacha déantús táirgí sláinte agus trealaimh leighis go príomha chomh maith leis an earnáil scannánaíochta agus teilifíse. Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil scéim nua oideachais fógartha ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le TG4 a mbeidh infheistíocht shuntasach de €160,000 ón dá eagraíocht á déanamh ann chun scileanna a neartú san earnáil seo.

Ba iad na hearnálacha Bia & Dí, Déantúis Feistí Leighis agus Scannánaíochta/Teilifíse a léirigh na méaduithe fostaíochta is mó i rith na bliana, cé nár sheachain na hearnálacha seo laghduithe sa bhfostaíocht ach oiread. Is in earnáil na Déantúsaíochta Traidisiúnta is mó a chonacthas laghduithe.

Tá tionchar suntasach eacnamaíoch ag cliantchomhlachtaí an Údaráis ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. De réir taighde ABSEI a rinneadh in 2018, meastar go raibh díolachán iomlán de €862m á dhéanamh ag na cliantchomhlachtaí an bhliain roimhe sin chomh maith le caiteachas díreach de €430m i ngeilleagar na hÉireann. Léiríonn sé seo go bhfuil luach maith á fháil ar infheistíocht an Stáit i gcruthú fostaíochta sa nGaeltacht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Tá na leibhéil fostaíochta inár gcliantchomhlachtaí ag méadú agus ag an leibhéal is airde le deich mbliana.
Ainneoin sin, níl aon dabht ach gur gá dár gcomhlachtaí a bheith fíoraireach ar an mbliain chorrach eacnamaíoch atá romhainn ach táimid dóchasach go bhfuil na straitéisí cuí againn chun tacú leo agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu agus go bhfuil na hacmhainní atá ar fáil don eagraíocht ag méadú de réir a chéile. Tá fáilte ar leith le cur roimh ardaithe inár mbuiséad caipitil agus roimh chistí seachtracha eile atá fógartha agus a thabharfaidh deis iontach dúinn tús fíor dhearfach a chur le 2019 agus borradh a chur faoi chur i bhfeidhm ár straitéis.”

Le bliain amháin dár bPlean Straitéiseach curtha i gcrích, agus i bhfianaise na spriocanna sonracha atá leagtha síos i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá muid sásta leis an leibhéal post a cruthaíodh i mbliana i gcomhthéacs ár n-acmhainní reatha agus leis an dul chun cinn atá déanta i réiteach agus ceadú pleananna teanga. Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí inmharthana na Gaeltachta go ndéantar forbairt fiontraíochta agus forbairt na teanga á chur chun cinn go comhuaineach lena chéile agus na hacmhainní cuí a bheith ar fáil dá réir. Is dúshlán suntasach feidhmiúcháin ann féin é seo a bhaint amach ach tá údar dóchais sa dul chun cinn atá déanta le roinnt blianta anuas. Díol dóchais agus suntais eile atá sa mhéid comhlachtaí ard- acmhainne ar thacaigh muid leo i mbliana agus is ábhar misnigh ceapadh na gcéad Oifigigh Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta. “

Tionchar eacnamaíoch chliantchomhlachtaí an Údaráis
Déanann cliantchomhlachtaí an Údaráis €430 milliún de chaiteachas díreach i ngeilleagar na tíre seo ar phárolla, ar sheirbhísí agus ar cheannach ábhar. D’íoc na cliantchomhlachtaí párolla €184 milliún, le €41,000 mar mheánphá an fhostaí sna comhlachtaí a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe iontu, in 2017. Is ó thaighde ABSEI, a rinneadh in 2018, a thagann na figiúirí seo. Léirigh an taighde céanna go raibh díolachán iomlán de €862 milliún ag cliantchomhlachtaí an Údaráis an bhliain roimhe sin. Cúrsaí easpórtála atá i gceist le €522 milliún den díolachán agus is san earnáil Bia & Dí is mó a dhéantar díolachán.

525 post nua ceadaithe don Ghaeltacht in 2018
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí nua ina gcruthófar 525 post agus ina ndéanfar infheistíocht iomlán mheasta de €42 milliún, de réir mar a dhéantar forbairt orthu sna blianta beaga amach romhainn. Is do thograí i gContaetha Dhún na nGall, na Gaillimhe, agus Mhaigh Eo is mó a ceadaíodh poist i rith 2017, le ceadanna suntasacha i gContaetha Chiarraí, Chorcaí agus na Mí chomh maith. Tá sé le tabhairt faoi deara gur comhlachtaí sna hearnálacha feistí leighis, bia, seirbhísí agus saindéantúsaíochta is mó atá ag dul i mbun forbartha.

Tá sé suntasach freisin gur ceadaíodh tacaíocht de €1.51m do sheacht gcomhlacht Tosú Ardacmhainne (High Potential Start Up) i rith 2018, a bheidh lonnaithe i gContaethe na Mí, na Gaillimhe, agus Mhaigh Eo. Comhlachtaí iad seo a meastar táirge le hacmhainn forbartha agus fáis sciobtha a bheith acu agus a mbeidh 10 bpost lánaimseartha agus díolachán de €1m bainte amach acu taobh istigh de 3 bliana.

Punann Maoine agus uasghrádú foirgnimh
Tá Gaeltachtaí na tíre lonnaithe i gcuid de na ceantracha is áille sa domhan; is ceantracha tuaithe atá scoite amach cuid mhaith díobh. Níl sé in acmhainn na hearnála phríobháidí infreastruchtúr ná maoin chuí gnó a chur ar fáil sna ceantracha seo mar a tharlódh i gceantracha uirbeacha ar fud na tíre agus dá bhrí sin is fearr a fheidhmíonn an múnla atá ag Údarás na Gaeltachta le beagnach 40 bliain do na réigiúin seo. Tá punann maoine ag Údarás na Gaeltachta ar fud na nGaeltachtaí chun áiseanna gnó agus fiontraíochta a chur ar fáil do ghnónna ionas gur féidir iad a mhealladh le lonnú sna ceantracha tuaithe seo. Tá uasghrádú suntasach déanta ar chuid mhaith don mhaoin thar na blianta agus fostaíocht mhéadaithe á cruthú dá réir. Tá sciar eile den mhaoin áfach nach bhfuil inligthe agus gur gá uasghrádú cuimsitheach a dhéanamh air agus ceadaíonn an soláthar caipitil breise a fógraíodh i 2018 don eagraíocht tabhairt faoin obair sin de réir a chéile.

Os cionn 1000 rannpháirtí ar Scéimeanna Sóisialta Fostaíochta
Déanann Údarás na Gaeltachta bainistiú ar scéimeanna fostaíochta sóisialta (Scéim Fostaíochta Pobail, Scéim Shóisialta Tuaithe & Scéim TÚS), atá maoinithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, a bhfuil ról agus tionchar tábhachtach acu ag cur taithí oibre agus oiliúint ar fáil do phobal na Gaeltachta. Bhí ardú de 45 duine ar líon na rannpháirtithe ar Scéimeanna Shóisialta Fostaíochta sa nGaeltacht i rith 2018, le 1,093 rannpháirtí agus 49 saoiste fostaithe ar fud na Gaeltachta.

Dúshláin an Bhreatimeachta agus polasaithe idirnáisiúnta
Ní mórán atá soiléir faoin mBreatimeacht go fóill seachas go mbeidh tionchar mór aige ar eacnamaíocht na tíre seo. Beidh tionchar ag cibé cinneadh a dhéantar ar chomhlachtaí Gaeltachta freisin agus tá Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth lenár gcliaintchomhlachtaí lena chinntiú go bhfuil siad ar an airdeall, agus ag feabhsú struchtúr agus margaí a gcomhlachtaí oiread agus is féidir.
Ia minic gurb é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtála d’aon chomhlacht Gaeltachta a bheadh ag dul i mbun easpórtála don chéad uair. Mar thacaíocht dó seo agus an Breatimeacht buailte linn, d’aontaigh Údarás na Gaeltachta comhaontú ceangal cómhalartach Oifigí Gnó le Cumainn Tráchtála na hAlban ag deireadh 2018. Féachfar leis an gcomhaontú oifigiúil a shíniú go luath sa mbliain nua nuair a bhunófar oifigí trádála cómhalartacha chun tacú le comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain agus chun infheistíocht agus deiseanna trádála a éascú. Feidhmeoidh an socrú mar acmhainn luachmhar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag iarraidh a bpáirtíocht idirnáisiúnta gnó-go-gnó a leathnú.

De réir taighde uasdátaithe ABSEI na bliana seo, tá 28% de dhíolachán easpórtála ár gcliantchomhlachtaí, a bhfuil luach €148 milliún air, á dhéanamh sa Ríocht Aontaithe. Tá suas le 33% (€172) á dhéanamh san Aontas Eorpach agus 24% (€124m) i Meiriceá Thuaidh. Le suas le 60% de bhunábhar na gcliantchomhlachtaí á iompórtáil ar luach €233m is cinnte go mbeadh tionchar ag aon táillí trádála ar a leithéid. Má tharlaíonn an Breatimeacht gan socrú cuí d’fhéadfadh go mbeadh acmhainní breise ag teastáil chun cabhair a thabhairt do chomhlachtaí agus chun fostaíocht a chosaint.

Tá an tÚdarás ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile ar chur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht agus leanfar leis an scéim tacaíochta agus comhairleoireachta ‘Bí Réidh’, atá á riaradh ag an Údarás dá chliantchomhlachtaí. Is in Earraí Adhmaid (26%), Páipéar (18%), Miotal Bunúsach & Déanta (18%), agus Bia/Deoch (7%), atá formhór na heaspórtála chuig an Ríocht Aontaithe á déanamh ag cliantchomhlachtaí an Údaráis agus is Earraí Mara, Bia/Deoch, Ábhair Ríomhairí agus Fearais Leighis is mó atá á n-easpórtáil chun an Aontais Eorpaigh.

Gníomhaíochtaí Pleanála Teanga
Bliain rathúil agus stairiúil a bhí in 2018 ó thaobh na pleanála teanga de agus clochmhílte shuntasacha bainte amach. Faoi dheireadh na bliana bhí 13 plean teanga ceadaithe agus tús curtha le feidhmiú i mbeagnach gach LPT. Anuas ar sin tá 3 phlean eile curtha faoi bhráid An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, do LPT Thuaisceart Dhún na nGall, Dhún na nGall Theas agus Cheantar na nOileán. Táthar ag súil go mbeidh 8 bplean teanga eile réitithe agus curtha faoi bhráid na Roinne i rith 2019. Ciallóidh sé sin go bhféadfadh go mbeadh suas le 24 plean teanga á gcur i bhfeidhm i 23 LPT agus Baile Seirbhíse Gaeltachta amháin faoi dheireadh 2019.
Is mór an t-uchtach agus an infheistíocht a bheidh ansin do phobail na teanga ar fud na tíre. Faoi láthair tá Oifigigh Pleanála Teanga ceaptha i 4 LPT agus próiseas earcaíochta ar siúl in 8 LPT faoi dheireadh na bliana. Tá buiséad de €1.49m ceadaithe d’fheidhmiú na 13 plean teanga atá ceadaithe agus beidh 17 de phoist idir Oifigigh Pleanála Teanga agus Oifigigh Cúnta ceangailte leis seo.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Le sé bliana anuas tá méadú tagtha ar an bhonn fostaíochta i gcliantchomhlachtaí an Údaráis achan bhliain agus tá clochmhíle shuntasach sáraithe ó thaobh na pleanála teanga de chomh maith. A bhuíochas don dúthracht a chaith na pobail Ghaeltachta le réiteach na bpleananna, beidh tairbhe agus sásamh le baint anois as a bhfeidhmiú. Is é seo an tús i ndáiríre le feachtas buanaithe na teanga sa Ghaeltacht agus cuireann muid fáilte roimh an soláthar maoinithe a bheidh ar fáil ag na pobail chun a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm. Deis iontach atá anseo do phobail Ghaeltachta infheistíocht dhíreach a fháil agus aird a tharraingt ar chúrsaí teanga in achan cheantar.

Tá spreagadh agus beocht ar leith le sonrú ar fhorbairt na n-ionad nuálaíochta agus na mol digiteach gteic ar fud na Gaeltachta. Is mór an spéis atá á léiriú go háitiúil agus go náisiúnta iontu agus tabharfaidh siad solúbthacht níos mó don Údarás tacú le comhlachtaí nuálacha atá ag tosú amach nó atá ag iarraidh préamhacha níos doimhne a chur i dtalamh. Tá fáilte mhór le cur roimh acmhainní breise atá faighte chun an éiceachóras teicneolaíochta seo a chothú agus deis a thabhairt dúinn diaspóra na Gaeltachta a mhealladh ar ais chuig a gceantracha féin.”

Dearcadh i dtreo 2019
Cé go bhfuil an buanú fostaíochta atá léirithe agus an tseasmhacht post ríthábhachtach do chliantchomhlachtaí atá lonnaithe i gceantracha réigiúnacha tuaithe, tá bliain chinniúnach os a gcomhair ag comhlachtaí agus pobail na Gaeltachta. Gan aon chinnteacht faoi chúrsaí Breatimeachta go fóill d’fhéadfadh bliain chorrach éiginnte a bheidh roimh chomhlachtaí Gaeltachta a bhíonn ag brath ar mhargaí, ar tháirgí agus ábhair ón Ríocht Aontaithe.

É sin ráite, leanfaidh Údarás na Gaeltachta le feidhmiú na spriocanna atá leagtha amach dó ina Phlean Straitéiseach féin agus i straitéisí náisiúnta eile lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta 5 Bliana an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, An Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, Plean Gníomhaíochtaí do Phoist, Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin – Plean Comhtháite Muirí.
Tá Údarás na Gaeltachta dóchasach go bhfuil na polasaithe, straitéisí agus tionscnaimh chuí á gcur i bhfeidhm acu chun an sprioc de 8,000 post lánaimseartha a bhaint amach faoin mbliain 2020.

Ar na tionscnaimh a mbeidh béim faoi leith orthu in 2019 beidh:

gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta
Tá forbairt an ghréasáin de 30 mol nuálaíochta agus digiteacha – gteic – mar ghné lárnach de straitéis an Údaráis chun cianoibriú a chur chun cinn agus chun tacú le comhlachtaí nuálacha lonnú sa Ghaeltacht. Cheithre mhol atá oscailte faoi láthair i nGaoth Dobhair, An Cheathrú Rua, Béal an Mhuirthead agus An Daingean agus táthar ag súil go mbeidh moil oscailte i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Carna, Na Forbacha, Árainn Mhór agus Inis Mór go gairid chomh maith chun borradh eile a chur faoin éiceachóras digiteach gigighiotán nua atá ag fás sa Ghaeltacht.

De bharr na tacaíochta suntasaí de €2.8m a fógraíodh in 2018 faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, beifear ag díriú ar thrí thogra eile a chur i gcrích roimh dheireadh 2019 a chuirfidh go mór le gréasán gteic mar seo a leanas:

  • €1.5m ceadaithe chun an t-urlár uachtarach neamhfhorbartha de gteic@GaothDobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus 1,725 méadar cearnach de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil;
  • €548,000 chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic@AnSpidéal a fhorbairt i gConamara;
  • €795,000 chun 8 nIonad Nuálaíochta/Moil Dhigiteacha/Láthair Barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo, san áireamh Béal an Mhuirthead, An Eachléim, Gaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh.

Tascfhórsaí agus Fóraim
Sprioc náisiúnta de chuid an Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe atá i dTascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh atá faoi stiúir Údarás na Gaeltachta agus a bhfuil leagtha roimhe forbairt na fiontraíochta agus deiseanna fostaíochta a mhéadú agus an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní ar fad atá sna ceantracha sin. Déanfar tuairisc dheiridh agus plean gníomhaíochta an tascfhórsa a fhoilsiú go luath in 2019. Cuireadh múnla nua comhairliúcháin i bhfeidhm go náisiúnta don tascfhórsa seo a bhfuiltear ag súil a mhacasamhail a úsáid in áiteanna eile ar fud na tíre.
Déanfar tuairisc dheiridh Fhóram Fiontraíochta Ghaeltacht na Mí a fhoilsiú i mí Márta 2019 chomh maith, ina mbeidh moltaí san áireamh chun fócas nua a chur ar na deiseanna forbartha fiontraíochta atá sa gceantar seo agus leas a bhaint as a ngaireacht do Bhaile Átha Cliath.
Ar bhonn áitiúil, d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta Tuairisc Fheidhmithe ‘Ag Forbairt na Fiontraíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair’ i mí Bealtaine 2018 a bhí ina thuairisc deiridh ag an bhFóram Forbartha Fiontraíochta a bunaíodh i 2014. Léirigh an tuairisc fheidhmithe gur sáraíodh na spriocanna fostaíochta a bhí leagtha síos le ceadú 313 post lánaimseartha i rith tréimhse an phlean Tá Plean Gníomhaíochta 5 Bliana d’Iorras Aithneach forbartha ag pobal Iorras Aithneach i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Tá an plean curtha le chéile chun cúrsaí fostaíochta, fiontraíochta agus infreastruchtúir a chur chun cinn i gceantar Chonamara Láir, a raibh cuid dena toghranna aitheanta mar cheantair a bhí faoi mhíbhuntáiste ag an áisíneacht Pobal.

Branda – Gaeltacht na hÉireann
Rinneadh an branda ‘Gaeltacht na hÉireann’, branda nua atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta, a sheoladh i rith 2018. Tá an branda forbartha chun gur féidir ceantracha Gaeltachta na tíre agus feabhas a dtáirgí a chur chun cinn ar fud an domhain faoi aon bhratach amháin. Stampa aitheantais atá i gceist do gach rud a thionscnaítear sa nGaeltacht agus beidh sé mar léiriú físiúil ar an mbeocht, fiontraíocht, saibhreas cultúrtha, dúchas agus teanga uathúil atá sna réigiúin Ghaeltachta. Leanfar le seachadhadh agus fás an Bhranda i rith 2019 i measc chomhlachtaí, eagraíochtaí agus phobail na Gaeltachta.

Turasóireacht
Beidh fócas ar leith á chur ar fhorbairt straitéiseach na turasóireachta sa Ghaeltacht i rith 2019 chomh maith le cumasú agus forbairt áiseanna agus táirgí turasóireachta. Leanfar le tacaíocht a chur ar fáil do 10 n-oifigeach turasóireachta faoin Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta atá ar bun ar fud na tíre. Beidh méadú ar scileanna agus feabhas ar tháirgí mar thoradh ar an scéim. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh daoine breise le scileanna cuí fostaithe san earnáil sin. Féachfar le hinfheistíochtaí caipitil a dhéanamh in áiseanna turasóireachta i mbliana agus leanfar le feachtais mhargaíochta éagsúla a chur ar siúl chun feabhas na Gaeltachta mar cheannscríbe turasóireachta a chraobhscaoileadh. Tá sé i gceist tús a chur le forbairt cúig tionscnamh straitéiseach turasóireachta mar pháirtíocht idir pobail áitiúla, Údarás na Gaeltachta, Fáilte Éireann agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi mar atá luaite sa bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tograí Eorpacha
Tá forbairt thograí fuinnimh inathnuaite, acmhainní nádúrtha agus fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha lárnach i straitéis na heagraíochta agus beidh fócas ar leith á chur sna blianta beaga atá amach romhainn ar leas a bhaint as tograí Eorpacha éagsúla. Tá scéimeanna LECo, Safer, React, RegEnergy, Digi2Market agus Horizon 2020 fíorthairbheach do cheantracha Gaeltachta agus tacóidh siad le cumasú na bpobal ar chúrsaí fuinnimh inathnuaite, athrú aeráide, acmhainn bia mara agus acmhainní fuinnimh. Tá Údarás na Gaeltachta páirteach agus mar cheanneagraíocht ar roinnt tograí Eorpacha faoi láthair agus ta súil ag an eagraíocht go mbeidh rath ar iarratais mhaoinithe eile atá déanta le tamall anuas.

Páirc na Mara
I bhfianaise an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh ar na staidéir measúnaithe timpeallachta ar an suíomh ina mbeidh Páirc na Mara, páirc nuálaíochta mara i gCill Chiaráin i gConamara, táthar ag súil go mbeidh iarratas pleanála do mhórthogra Pháirc na Mara réidh sa gcéad leath de 2019. Cúis mhór dóchais don togra a bhí sa maoiniú caipitil de €2m a ceadaíodh do MICD Páirc na Mara, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo, chun ionad nuálaíochta agus forbartha mara a fhorbairt ar Pháirc na Mara. Is faoin dara babhta den Chiste Forbairt Fiontraíochta Réigiúnach atá á riaradh ag Fiontraíocht Éireann a ceadaíodh an tacaíocht a mbeidh infheistíocht gnáthscaireanna de €400,000 á cur ag Údarás na Gaeltachta leis an togra chomh maith.
Samhlaítear go mbeidh forbairt Pháirc na Mara ina chumasóir tábhachtach i leith fhorbairt an tionscail mhuirí ina iomláine, ní hamháin i gCill Chiaráin agus i gConamara ach ar leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus go fiú ar leibhéal idirnáisiúnta.

Is í aidhm Údarás na Gaeltachta ná an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú tríd is tríd ó thaobh fhorbairt na Gaeltachta de agus pobail Ghaeltachta fhéinmhuiníneacha, inbhuanaithe a spreagadh agus a neartú. Tá freagrachtaí agus dualgais straitéiseacha ar Údarás na Gaeltachta don Ghaeltacht agus tá cur chuige comhtháite aige i leith fhorbairt na Gaeltachta. Tá an tÚdarás in áit uathúil le ról ceannaireachta a ghlacadh i bhforbairt agus i leathnú na Gaeilge mar theanga phobail agus i bhforbairt chomhtháite eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta de réir na n-acmhainní a chuirtear ar fáil dó.