Preas Ráiteas

Ráiteas Deireadh Bliana 2017 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta

• 630 post nua cruthaithe in 2017
• Méadú ar an mbonn fostaíochta cúig bliana i ndiaidh a chéile
• Glanmhéadú de 155 post lánaimseartha in 2017
• 7,503 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
• 25 gnó nua tosaithe le 57 duine fostaithe iontu in 2017
• Tograí nua ceadaithe ina gcruthófar os cionn 471 post, le hinfheistíocht €28m
• Na chéad 3 phlean teanga Gaeltachta ceadaithe & 5 phlean teanga eile réitithe
• Tús curtha le forbairt Gréasán Digiteach na Gaeltachta
• Straitéis Nua na hEagraíochta 2018 – 2020 dírithe ar An Ghaeilge, Nuálaíocht & Fostaíocht

Súil Siar ar 2017
Cruthaíodh 630 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2017. Bhí glanmhéadú ann de 155 post ar an mbliain roimhe sin, rud a chiallaíonn go raibh 7,503 post lánaimseartha agus 606 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana. Tá ardú leanúnach bliantúil tagtha ar an mbonn fostaíochta sa Ghaeltacht le cúig bhliana anuas agus comhlachtaí Gaeltachta ag cur lena seasmhacht.
Bliain stairiúil ó thaobh na pleanála teanga a bhí in 2017, nuair a fíoraíodh dúthracht agus iarrachtaí na bpobal Gaeltachta le ceadú na gcéad trí phlean teanga agus tá cúig Phlean Teanga eile curtha faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag an tráth seo.

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Bhí ardú sa bhfostaíocht a dtacaíonn Údarás na Gaeltachta léi i ngach contae Gaeltachta in 2017. Is é seo an chéad uair ó 1996 a tharla sé go raibh ardú i ngach contae i mbliain amháin. Tá téarnamh áirithe le feiceáil i gcúrsaí fostaíochta i gceantair Ghaeltachta ach tá dúshláin shuntasacha fós le sárú i riar ceantar mar a rinneadh tuairisciú air i rith na bliana. Tá sé léirithe ag an Údarás an dul chun cinn maith gur féidir a bhaint amach ar mhéaduithe beaga buiséid agus creideann an tÚdarás go bhfuil na straitéisí cuí againn chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh sna blianta beaga seo romhainn ach na buiséid chuí a bheith ar fáil.

Seasmhacht fostaíochta le méaduithe beaga a bhí le feiceáil i ngach contae seachas Dún na nGall ina raibh méadú suntasach de 103 post in 2017. Tá fócas sonrach curtha ag Údarás na Gaeltachta ar Thír Chonaill le cúpla bliain anuas de bharr an líon ard post a cailleadh sa gcontae in 2014 agus den chuid is mó tá toradh na hinfheistíochta sin le brath anois in áiteanna éagsúla sa gcontae. Tá 242 post breise ar an talamh sa gcontae le trí bliana anuas agus comhlachtaí i nDún na nGall fós ag earcú daoine faoi láthair.
Go ginearálta, is ábhar misnigh é go bhfuil an bonn fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta anois ag leibhéal seasmhach agus ag an leibhéal is airde ó 2008. Is é seo an cúigiú bliain as a chéile go bhfuil ardú tagtha ar an mbonn fostaíochta sa nGaeltacht, áit a raibh ceithre bliana de laghduithe roimhe sin. Thosaigh 25 gnó as an nua sa nGaeltacht le linn na bliana agus bhí os cionn leathchéad duine fostaithe sna gnóthaí sin ag deireadh na bliana.

Is sna hearnálacha Bia & Dí, Seirbhísí, Déantúis Feistí Leighis agus Déantúsaíochta Traidisiúnta a léiríodh na méaduithe fostaíochta is mó i rith na bliana, cé nár sheachain na hearnálacha seo laghduithe sa bhfostaíocht ach oiread. Chonacthas na laghduithe is mó fostaíochta in earnáil na scannánaíochta/teilifíse, feirmeoireachta/próiseála éisc agus próiseála sonraí.

Tá tionchar suntasach eacnamaíoch ag cliantchomhlachtaí an Údaráis ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. De réir taighde ABSEI a rinneadh in 2017, meastar go raibh díolachan iomlán de €844m á dhéanamh ag na cliantchomhlachtaí an bhliain roimhe sin chomh maith le caiteachas díreach de €425m i ngeilleagar na hÉireann. Léiríonn sé seo go bhfuil luach maith á fháil ar infheistíocht an Stáit i gcruthú fostaíochta sa nGaeltacht. Lean an tÚdarás le roinnt infheistíochtaí caipitil straitéiseacha in áiseanna infreastruchtúir i rith 2017 chun réimsí dár bpunann maoine a thabhairt chun caighdeán a chabhróidh le tograí agus fostaíocht nua a mhealladh amach anseo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Tá muid thar a bheith sásta leis an leibhéal post a cruthaíodh i mbliana i gcomhthéacs ár n-acmhainní reatha agus gur éirigh linn an glanmhéadú post a bhí againn mórán a dhúbailt ó anuraidh. Is mór an t-ugach dúinn é go bhfuil rath ar ár straitéis forbartha agus ár spriocanna fostaíochta á sárú againn. Beidh straitéis nua na heagraíochta á cur i bhfeidhm againn as seo go ceann trí bliana agus an-áthas orainn cur le dea-thorthaí na heagraíochta agus dá bhrí sin le forbairt inmharthana na Gaeltachta. Fáiltíonn muid i gcónaí roimh ghnóthaí nua, mór agus beag araon, agus cuirfidh a leithéid le bonn fiontraíochta láidir sna ceantair tuaithe Ghaeltachta.”
Thagair an Príomhfheidhmeannach do spiorad agus dúthracht na bpobal Gaeltachta freisin “Tá na Gaeltachtaí ag tráth cinniúnach faoi láthair, áit a bhfuil dúshláin shuntasacha teanga agus socheacnamaíochta le sárú acu agus tá Údarás na Gaeltachta sásta go bhfuil na straitéisí cuí againn chun an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as an téarnamh eacnamaíoch náisiúnta atá á thuar ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chun ceadú do cheantair Ghaeltachta fás, forbairt agus bláthú mar phobail bhríomhara teanga. Beidh béim mhór againn sna blianta atá romhainn ar fhorbairt a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha agus daonna na Gaeltachta ar fad chun tairbhe na bpobal ar a bhfuil muid ag freastal.”

Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD “Is scéal an dearfach don Ghaeltacht na torthaí atá fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu. Díol suntais agus dóchais é go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach le sonrú sna torthaí agus go bhfuil borradh le sonrú ann – le 25 comhlacht nua tar éis dul i mbun gnó le cúnamh an Údaráis in 2017 agus 57 post cruthaithe dá réir. Le ceapadh bhord nua an Údaráis le gairid táim cinnte go mbeidh gach iarracht ar bun chun go leanfar leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Údarás i gcaitheamh an ama mar a bhaineann sé leis an gclár oibre atá idir lámha acu.
Tréaslaím le pobail na Gaeltachta agus leis an Údarás as an obair mhór atá curtha i gcrích acu maidir leis an phróiseas pleanála teanga sa bhliain atá caite. Is obair fíor-thábhachtach í seo i gcomhthéacs aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge mar a bhaineann sí leis an Ghaeltacht. Tá lúcháir orm gur éirigh leis an Údarás a chinntiú in 2017 go bhfuil an próiseas idir lámha i ngach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT) agus go bhfuil tosaíocht chuí tugtha dó i gcaitheamh na huaire.”

Tionchar eacnamaíoch chliantchomhlachtaí an Údaráis
Déanann cliantchomhlachtaí an Údaráis €425 milliún de chaiteachas díreach i ngeilleagar na tíre seo ar phárolla, ar sheirbhísí agus ar cheannach ábhar. D’íoc na cliantchomhlachtaí párolla €181 milliún, le €41,000 mar mheánphá an fhostaí sna comhlachtaí a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe iontu, in 2016. Tagann na figiúirí seo ó thaighde ABSEI a rinneadh in 2017, a léirigh go raibh díolachán iomlán €844 milliún ag cliantchomhlachtaí an Údaráis an bhliain roimhe sin. Cúrsaí easpórtála atá i gceist le €502 milliún den díolachán, sin cóimheas 60% idir easpórtáil agus díolachán. Tá sé suntasach gur san earnáil Bia & Dí is mó a dhéantar díolachán, le 20% den iomlán, agus go gcuirtear 40% de dhíolacháin Táirgí Leighis go dtí an Áis.

471 post nua ceadaithe don Ghaeltacht in 2017
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí nua ina gcruthófar 471 post agus ina ndéanfar infheistíocht iomlán mheasta de €28 milliún, de réir mar a dhéantar forbairt orthu sna cúpla bliain amach romhainn. Is do thograí i gContaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Chorcaí is mó a ceadaíodh poist i rith 2017, le ceadanna suntasacha i gContaetha Chiarraí agus Mhaigh Eo chomh maith. Tá sé le tabhairt faoi deara gur comhlachtaí sna hearnálacha feistí leighis, bia, seirbhísí agus saindéantúsaíochta atá ag dul i mbun fáis agus forbartha.

Scéimeanna Sóisialta Fostaíochta
Bhí ardú de 72 duine ar líon na rannpháirtithe ar Scéimeanna Sóisialta Fostaíochta sa nGaeltacht i rith 2017, le 1,048 rannpháirtí agus 50 saoiste fostaithe ar fud na Gaeltachta. Thosaigh 412 rannpháirtí nua ar na scéimeanna in 2017 agus chríochnaigh 340 rannpháirtí a dtréimhsí ar scéimeanna. Tá ról agus tionchar tábhachtach ag na scéimeanna fostaíochta sóisialta (Scéim Fostaíochta Pobail, Scéim Shóisialta Tuaithe & Scéim TÚS), atá á mbainistiú ag an Údarás, ag cur taithí oibre agus oiliúint ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Dúshláin an Bhreatimeachta agus polasaithe idirnáisiúnta
Ní féidir a shéanadh ach go bhféadfaí gurb é an Breatimeacht ceann de na dushláin is mó a bheidh le sárú ag comhlachtaí Gaeltachta sna blianta atá romhainn. Meastar go ginearálta agus sonraí á soiléiriú de réir a chéile go mbeidh tionchar éigin ag an mórathrú polaitiúil seo ar gach gnó agus saoránach ar an oileán seo. De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtála d’aon chomhlacht a bheadh ag dul i mbun easpórtála don chéad uair. De réir taighde uasdátaithe ABSEI na bliana seo, tá beagnach 30% de dhíolachán easpórtála ár gcliantchomhlachtaí, a bhfuil luach €147 milliún air, á dhéanamh sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach araon. Tá impleachtaí anseo do chostais reatha na gcomhlachtaí, le suas le 60% de bhunábhar na gcliantchomhlachtaí á iompórtáil ar luach €227m.
Tá go leor oibre curtha i gcrích ag Údarás na Gaeltachta as féin agus go díreach leis na cliantchomhlachtaí is mó a mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht orthu lena chinntiú go bhfuil siad ag pleanáil go straitéiseach agus go bhfuil a ngnó chomh hiomaíoch agus barainneach agus is féidir. Tá an tÚdarás ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i gcur chuige comhordaithe maidir le gnóthaí idirnáisiúnta in 2018 agus leanfar leis an scéim tacaíochta & comhairleoireachta ‘Bí Réidh’, atá á riaradh ag an Údarás dá chliantchomhlachtaí. Is in Earraí Adhmaid (23%), Páipéar (16%), Miotal Bunúsach & Déanta (13%), agus Bia/Deoch (12%), atá formhór na heaspórtála chuig an Ríocht Aontaithe á déanamh ag cliantchomhlachtaí an Údaráis agus is Earraí Mara, Bia/Deoch, Ábhair Ríomhairí agus Fearais Leighis is mó atá á n-easpórtáil chun an Aontais Eorpaigh. Déanann cliantchomhlachtaí an Údaráis díolachán suntasach (25% de dhíolachán easpórtála) i Meiriceá Thuaidh chomh maith ar chóir a bheith airdeallach faoi agus an tionchar a bheadh ag aon athruithe polaitiúla agus polasaithe air á mheas.

Gníomhaíochtaí Pleanála Teanga
Bhí gníomhaíochtaí pleanála teanga ar siúl i ngach ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) don chéad uair i rith 2017. Le cois na 18 bpobal a bhí i mbun na pleanála teanga ag tús na bliana, cuireadh tús le próiseas ullmhúcháin pleananna in cúig LPT agus in aon Bhaile Seirbhíse Gaeltachta amháin i rith na bliana. Sin iad LPT Chléire, LPT Mhaigh Eo Thiar, LPT Na Rosann, LPT Mhaigh Cuilinn agus LPT Na Gaeltachta Láir. Cuireadh tús le próiseas ullmhúcháin plean teanga do Dhaingean Uí Chúis, atá liostaithe mar cheann de na 16 bhaile a d’fhéadfadh aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach plean teanga a bheith aontaithe do na bailte sin.

Eagraíodh sraith cruinnithe poiblí sna trí LPT atá timpeall ar Chathair na Gaillimhe, ar ar fhreastail líon mór daoine orthu, agus rinneadh fógra maidir leis na ceantair sin ag cur fáilte roimh iarratais ó cheanneagraíochtaí chun tabhairt faoi phleananna teanga a réiteach do na trí LPT. Tá meastóireacht ar na hiarratais sin curtha i gcrích agus cuirfear moladh faoi bhráid Bhord an Údaráis go gairid chun cead a fháil bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas.

Tionóladh ócáid stairiúil in Amharclann Ghaoth Dobhair i rith na bliana, áit ar fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe Mc Hugh, TD, go raibh na chéad trí phlean teanga a réitíodh faoin bpróiseas ceadaithe. Is iad sin pleananna teanga do LPT Iar-Thuaisceart Dhún na nGall, LPT Chois Fharraige agus LPT Chloich Cheann Fhaola. Cuireadh cúig Phlean Teanga eile: LPT Na nDéise, LPT Mhúscraí, LPT Na Ceathrún Rua, LPT Dhúiche Sheoigheach/Thuar Mhic Éadaigh agus LPT Chiarraí Theas faoi bhráid na Roinne i rith na bliana. Táthar ag súil go gceadófar na pleananna seo ar fad sa chéad ráithe de 2018. I bhfianaise an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh i réiteach pleananna teanga cuireadh in iúl don eagraíocht go raibh méadú ag teacht ar bhuiséad pleanála teanga an Údaráis chun tús a chuir le feidhmiú na bpleananna teanga.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Is cúis dóchais agus spreagadh dúinn ar fad an dúthracht atá caite ag pobail na Gaeltachta le réiteach pleananna teanga dá gceantar, obair atá fós ag leanúint ar aghaidh i gcuid mhaith limistéar. Is in 2018 a shroichfear an chéim is dúshlánaí den phróiseas, is é sin feidhmiú na bpleananna in sna pobail agus ag cur dlús le céimeanna a chuideoidh lena chinntiú gurb í an Ghaeilge a bheidh mar ghnáththeanga phobail ar fud na Gaeltachta sna blianta atá amach romhainn.”

Lena chois sin, dúirt sí, “Tá forbairt inmharthana na Gaeltachta, na n-oileán Gaeltachta agus dá réir sin cothú pobail bhríomhair teanga mar phríomhchuspóir agus fócas ag Údarás na Gaeltachta agus beidh sé seo mar threoir againn maidir lenár bpolasaithe agus ár gcinntí ar fad sna cúig bhliana atá amach romhainn.”

Gréasán Digiteach na Gaeltachta
D’oscail Údarás na Gaeltachta Moil Dhigiteacha agus Nuálaíochta i nGaoth Dobhair agus i mBéal an Mhuirthead i rith 2017 chomh maith le mol digiteach i gcomhar le páirtithe eile i nDaingean Uí Chúis. Tá na moil mar chuid de straitéis an Údaráis Gréasán Digiteach na Gaeltachta a bhunú. Beidh Moil Dhigiteacha á bhforbairt i 30 ionad ar fud na Gaeltachta, san áireamh seacht n-oileán Gaeltachta agus sé oileán Galltachta chun tacú le inmharthanacht na bpobal. Aonaid nuálaíochta ag cur spás oifige le ceangal idirlín d’ardchaighdeán chomh maith le háiseanna gorlann gnó agus nuálaíochta a bheidh i gceist.

Dearcadh i dtreo 2020
Tá dhá bhunphrionsabal i straitéis an Údaráis don tréimhse trí bliana 2018 – 2020: Caomhnú agus neartú na Gaeilge agus forbairt Nuálaíochta agus cruthú Fostaíochta. Is iad na prionsabail seo croílár straitéis na heagraíochta. Déanfar gach iarracht na cúinsí cuí a chruthú, ionas go mbeidh an Ghaeltacht mar áit ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail ann agus áit a mheallfaidh an gnáthphobal, fiontraithe agus cuairteoirí araon chun cónaí, maireachtáil agus oibriú ann.

Chuige sin caithfear tacú le hacmhainní teanga, pobail agus cultúrtha agus forbairt á dhéanamh orthu, nuálaíocht a chothú agus fiontraíocht a mhéadú. Díreofar ar chláir agus tionscadail taighde chun an nuálaíocht agus an fhiontraíocht a chothú mar chodanna dílse den chlár forbartha. Creideann an tÚdarás go bhfuil deiseanna suntasacha anseo do na ceantair Ghaeltachta ar fad, ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chun an straitéis a chur i bhfeidhm ina iomláine.

Díreoidh Fóram Fiontraíochta Ghaoth Dobhair, atá ag teacht chun críche, agus Tascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh atá ina thús, ar fhorbairt na fiontraíochta agus deiseanna fostaíochta a mhéadú agus an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní ar fad atá sna ceantair sin.

Bunaíodh Fóram Fiontraíochta Ghaeltacht na Mí ag deireadh 2017 chun fócas nua a chur ar na deiseanna forbartha fiontraíochta atá sa gceantar seo agus leas a bhaint as a ngaireacht do Bhaile Átha Cliath.

Leanfar le feidhmiú an Phróisis Pleanála Teanga le dúthracht agus cuirfear gach tacaíocht gur féidir ar fáil do na pobail a bheidh ag staideanna éagsúla den phróiseas le Pleananna Teanga a réiteach nó a fheidhmiú ina gceantar. Is tréimhse fíorthábhachtach í seo, ní don phleanáil teanga amháin ach don Ghaeilge mar ghnáththeanga laethúil na bpobal Gaeltachta.

Beidh ról fíorthábhachtach i straitéis na heagraíochta ag Gréasán Digiteach na Gaeltachta a bheidh ag soláthar 30 aonad nuálaíochta le ceangal leathanbhanda ardluais a thabharfaidh deis do chomhlachtaí nua teicneolaíochta tosú amach nó lonnú sna ceantair tuaithe a chuimsíonn na Gaeltachtaí. Tabharfaidh na forbairtí seo deis do phobal na Gaeltachta filleadh uirthi nó fanacht ina gceantar féin trí dheiseanna cianoibre ag oifigí nó deasca sealaíochta sna moil chéanna. Dá bhrí sin, beidh togra Diaspóra na Gaeltachta ina ghné shuntasach de straitéis an Údaráis chun pobal na Gaeltachta atá ar imirce thar lear nó atá scaipthe ar fud na tíre a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta, le pobail bhríomhara teanga agus cultúir a chothú. Táthar ag súil gur féidir na deiseanna fostaíochta, maireachtála, sóisialta, teanga agus cultúir atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta a chur ar a súile dóibh chomh maith le gach eolas, comhairle agus tacaíocht gur féidir a chur ar fáil dóibh ar an rogha aistriú abhaile.

Tá forbairt tograí fuinnimh inathnuaite, acmhainní nádúrtha agus fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha lárnach i straitéis na heagraíochta. Tá an obair phleanála do Pháirc na Mara, páirc nuálaíochta mara i gCill Chiaráin i gConamara tosaithe agus táimid ag tabhairt aghaidh go fonnmhar ar an togra straitéiseach mara seo, áit a mbeidh gníomhaíocht taighde agus tráchtála araon ann. Tá Údarás na Gaeltachta tar éis páirtithe straitéiseacha a thabhairt le chéile chun pleananna a chur i dtoll a chéile ar bhun comhoibríoch, a chuirfidh ar chumas Údarás na Gaeltachta páirc nuálaíochta muirí chomhaimseartha a fhorbairt, chun fás san earnáil a chur chun cinn agus chun fás eacnamaíoch sa gceantar a chumasú, agus dá réir sin, fostaíocht tháirgiúil a chur ar fáil do ghlúnta amach anseo sa gceantar Gaeltachta tuaithe seo. Samhlaítear go mbeidh forbairt Pháirc na Mara ina chumasóir tábhachtach i leith fhorbairt an tionscail mhuirí ina iomláine, ní amháin i gCill Chiaráin agus i gConamara ach ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal náisiúnta freisin.

Tá sé mar fhís ag an Údarás ‘go ndéanfar forbairt ar an nGaeltacht mar cheann scríbe turasóireachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar cheantar uathúil ina ndéantar ceiliúradh agus forbairt ar acmhainn nádúrtha na teanga, an chultúir, na timpeallachta agus na hoidhreachta.’ Chuige sin, go luath in 2018 fógróidh an tÚdarás na tograí straitéiseacha turasóireachta a gheobhaidh tacaíocht tríd an Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta, tionscnamh chun tacú le forbairt bainistíochta i dtograí straitéiseacha turasóireachta, a fheidhmeoidh ar bhun píolótach ar feadh tréimhse dhá bhliain.

Is í aidhm Údarás na Gaeltachta ná an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú tríd is tríd ó thaobh fhorbairt na Gaeltachta de agus pobail Ghaeltachta fhéinmhuiníneacha, inbhuanaithe a spreagadh agus a neartú. Tá freagrachtaí agus dualgais straitéiseacha ar Údarás na Gaeltachta don Ghaeltacht agus tá cur chuige comhtháite aige i leith fhorbairt na Gaeltachta. Tá an tÚdarás in áit uathúil le ról ceannaireachta a ghlacadh i bhforbairt agus i leathnú na Gaeilge mar theanga phobail agus i bhforbairt chomhtháite eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta de réir na n-acmhainní a chuirtear ar fáil dó.