Ráiteas Deireadh Bliana 2015 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta

18 Eanáir, 2016

nóiméad léite

• 533 post nua cruthaithe in 2015
• Glanmhéadú suntasach de 215 post lánaimseartha
• An leibhéal is lú post a cailleadh riamh
• 7,869 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
• Tograí nua ceadaithe ina gcruthófar os cionn 580 post, le hinfheistíocht de €57m
• Ceanneagraíochtaí ag ullmhú pleananna teanga dá Limistéir Pleanála Teanga

Súil Siar ar 2015
Cruthaíodh 533 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis in 2015. Bhí glanmhéadú suntasach de 215 post lánaimseartha i gceist, an glanmhéadú is airde ó bhí 2005 ann. Bhí 7,869 post i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana, is é sin 7,268 post lánaimseartha agus 601 post páirtaimseartha.
Tharla an glanmhéadú ard de bharr cliantchomhlachtaí a bheith ag forbairt agus ag cur leis an fhostaíocht, comhlachtaí nuabhunaithe ag teacht chun cinn agus an líon an-íseal post a cailleadh le linn na bliana. Bhí titim shuntasach ar an líon post a cailleadh, ísliú de 50% ar an méid a cailleadh in 2014, agus an ráta caillteanais post is lú riamh.

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Tharla an fás san fhostaíocht den chuid is mó i gcomhlachtaí i nGaeltachtaí Dhún na nGall agus na Gaillimhe in 2015. Tá an bonn fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta anois ag leibhéal seasmhach; tá siad níos iomaíche agus tá líon níos airde díobh dírithe ar easpórtáil. Tháinig ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí a bhí ag feidhmiú sna hearnálacha cógaisíochta, feistí leighis, bia agus saindéantúsaíochta le linn na bliana. Tharla laghduithe poist den chuid is mó i bhfiontair atá ag feidhmiú sna hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta traidisiúnta.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe Mc Hugh TD “Is scéal thar a bheith dearfach na torthaí seo atá á bhfógairt ag an Údarás inniu. Léiríonn na figiúirí go raibh 215 duine breise ag obair i gcomhlachtaí Gaeltachta ag deireadh 2015 i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin. Tá an fás san fhostaíocht le feiceáil den chuid is mó i gcomhlachtaí atá ag easpórtáil agus taispeánann na figiúirí seo go bhfuil ag éirí le straitéis an Údaráis tacú le comhlachtaí Gaeltachta díriú ar easpórtáil.”

Ag teacht leis na hiarrachtaí atá ar siúl ag an Rialtas maidir le dlús a chur le fostaíocht sna réigiúin agus mar atá leagtha amach aige ina Phlean Gníomhaíochta d’Fhostaíocht, thug Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, le fios gur tharla os cionn leath de na glanmhéaduithe poist i nGaeltacht Dhún na nGall, is é sin 116 post. “Tá an tÚdarás ag díriú go leor dá acmhainní ar Ghaeltacht Dhún na nGall le breis agus bliain anuas de bharr an líon ard post a cailleadh sa cheantar in 2014. Tá áthas orainn a fheiceáil go bhfuil borradh tagtha faoi chúrsaí gnó sa cheantar de thoradh na hoibre sin. Tá bonn láidir faoi na comhlachtaí agus tá roinnt acu ag tabhairt faoi fhorbairtí nua, tá an infheistíocht atá déanta san infreastruchtúr gnó go háitiúil ag mealladh tograí nua, agus tá fás ar an líon fiosrúchán gnó atá á láimhseáil againn don cheantar. Tá áthas orainn freisin a bheith in ann tacú le Randox Teo tabhairt faoi na forbairtí suntasacha atá beartaithe acu sna blianta beaga amach romhainn.”
Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur ábhar dóchais an líon gnóthaí nua a bunaíodh ar fud na Gaeltachta in 2015. “Bunaíodh 30 gnó nua anuraidh agus ag deireadh na bliana bhí os cionn 60 duine fostaithe sna fiontair sin. Tá sé soiléir don Údarás go bhfuil deiseanna ann le tograí nua a mhealladh agus tá sé tábhachtach go leanfar leis na hiarrachtaí le hinfheistíocht sheachtrach agus intíre a mhealladh le fostaíocht a chruthú. Tá forbairt ar infreastruchtúr fisiceach agus gnó agus ar sholáthar seirbhísí iomaíoch leathanbhanda lárnach i gcur chun cinn na n-iarrachtaí sin.”

Thagair sé chomh maith don athstruchtúrú atá déanta ar earnáil na mara i ndeisceart Chonamara le dhá bhliain anuas. “Tá sé soiléir anois gurb é an modh is éifeachtaí leis an tionscal seo a fhorbairt ná trí phlean bainistíochta cuan aonair leis an bhuntáiste is fearr a fháil do phobail bheaga Ghaeltachta cois cósta.”, a dúirt sé.

Os cionn 580 post nua ceadaithe don Ghaeltacht in 2015
Anuraidh, cheadaigh Údarás na Gaeltachta líon tograí nua ina gcruthófar 586 post agus ina ndéanfar infheistíocht iomlán mheasta de €57 milliún de réir mar a dhéantar forbairt ar na tograí sin sna cúpla bliain amach romhainn. Ag cur san áireamh go raibh fócas faoi leith á dhíriú ag an Údarás ar Ghaeltacht Dhún na nGall anuraidh, is do thograí a bheidh ag forbairt sa cheantar seo is mó a ceadaíodh poist. Is comhlachtaí sna hearnálacha feistí leighis, saindéantúsaíochta, bia agus seirbhísí is mó atá le forbairt.

Tuilleadh fáis tagtha ar thionchar eacnamaíoch chliantchomhlachtaí an Údaráis
Taispeánann taighde ABSEI a rinneadh in 2015 go raibh díolachán iomlán de €843 milliún ag cliantchomhlachtaí an Údaráis. D’fhás easpórtáil 12% go €525 milliún, sin cóimheas easpórtáil le díolachán ag 62%. Tá tionchar suntasach ag comhlachtaí Gaeltachta ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. Caitear 73% den chaiteachas ar sheirbhísí Éireannacha, is é sin €388 milliún de chaiteachas díreach i ngeilleagar na hÉireann. D’íoc na cliantchomhlachtaí párolla de €192 milliún, le €41,000 mar mheán-phá an fhostaí sna comhlachtaí le 10 nó níos mó fostaithe iontu, meadú de 5% ar an bhliain roimhe.

Scéimeanna Sóisialta Fostaíochta
Tá ról agus tionchar tábhachtach ag na scéimeanna fostaíochta sóisialta, atá á mbainistiú ag an Údarás, ag cur taithí oibre agus oiliúint ar fáil do phobal na Gaeltachta. Anuraidh bhí os cionn 1,000 rannpháirtí agus 50 saoiste fostaithe ar 47 scéim ar fud na Gaeltachta. In 2015 thosaigh 387 rannpháirtí nua ar na scéimeanna agus chríochnaigh 397 rannpháirtí a dtréimhse ar scéim.

Gníomhaíochtaí Pleanála Teanga
Rinneadh tuilleadh dul chun cinn maidir leis an phróiseas pleanála teanga agus fógraíodh naoi gcinn eile de Limistéir Pleanála Teanga (LPT) le linn na bliana. Fógraíodh ceithre cinn i mí Feabhra agus roghnaíodh ceithre Cheanneagraíocht le dul i mbun oibre sna ceantair sin. Fógraíodh cúig LPT eile ag deireadh Mheán Fómhair agus tá measúnú á dhéanamh ar na hiarratais a fuarthas agus fógrófar cúig Cheanneagraíocht eile go luath. Fágann sé sin anois go mbeidh 18 gCeanneagraíocht i mbun oibre ag ullmhú pleananna teanga in 2016. Táthar ag súil go mbeidh pleananna teanga á gcur faoi bhráid an Aire le faomhadh i gcás 9 gcinn de na LPT i lár na bliana seo.

D’aontaigh an tÚdarás agus Foras na Gaeilge córas oibre maidir le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus cuirfear tús leis an phróiseas le cruinnithe eolais sna trí bhaile atá roghnaithe go luath. D’fhorbair an tÚdarás réimse d’acmhainní tacaíochta le cur leis an fheasacht i measc phobal na Gaeltachta faoin phróiseas pleanála teanga. Cuireadh leabhráin agus áiseanna eolais ar fáil atá dírithe ar thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Tá sé i gceist cur leis an réimse ábhair de réir a chéile agus tabhairt faoi fheachtas feasachta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn le linn 2016.

Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi phróiseas athbhreithnithe ar an soláthar oideachais i scoileanna Gaeltachta i rith na bliana. Lena chois sin, d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta próiseas comhairliúcháin faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ag deireadh na bliana le súil siar a chaitheamh ar an méid atá déanta chomh maith le breathnú chun tosaigh ar an tréimhse cúig bliana atá romhainn.

Ag tagairt don athbhreithniú seo, dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Bhí ról lárnach ag an Údarás san obair seo. I measc nithe eile, d’eagraigh sé trí sheisiún sa Ghaeltacht le deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta a dtuairimí faoi na moltaí polasaí faoin soláthar oideachais i scoileanna Gaeltachta a chur i láthair fheidhmeannaigh shinsearacha na Roinne Oideachais agus Scileanna. Fáiltíonn muid fosta roimh an phróiseas comhairliúcháin faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag deireadh na bliana. Tá súil ag an Údarás go leagfar síos tosaíochtaí praiticiúla, réalaíocha, intomhaiste don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh de thoradh an chomhairliúcháin agus na díospóireachta.”

Dúirt sí, “Ó thosaigh cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht, is léir go bhfuil na pobail ag tabhairt faoin obair go fonnmhar, dúthrachtach agus iad i gcomhpháirtíocht leis an Stát chun dul i ngleic le dúshlán na Gaeilge ina gceantar. Tá bunús maith oibre leagtha síos ach tá an tréimhse cúig bliana atá romhainn criticiúil má tá toradh le bheith ar an méid atá curtha i gcrích go dtí seo. Beidh gá le straitéis chomhordaithe shoiléir, chomh maith le hacmhainní cuí, chun tógáil ar an bhunsraith atá leagtha síos go dáta agus le cinntiú go mbeidh rath ar an obair. Is cur chuige chomhtháite a bheidh i gceist leis na pleananna teanga, áit a mbeidh an Ghaeilge fite fuaite i ngach réimse de shaol an phobail: sa saol sóisialta, i saol eacnamaíoch na gceantar, agus sa chóras oideachas. Tá pobal láidir inmharthana riachtanach má tá rath le bheith ar an Ghaeltacht mar phobal teanga faoi leith.”

1) Tá an anailís i dtuarascáil Insight Statistical Consultants bunaithe ar na figiúirí as an ABSEI (Tuarascáil um Shuirbhé Bliantúil Gnó ar Thionchar Eacnamaíoch) is déanaí. Rinne an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta an suirbhé ABSEI in 2015 ar gach gníomhaireacht forbartha.
2) Déanann Údarás na Gaeltachta bainistiú agus riaradh ar An Scéim Fostaíochta Pobail, An Scéim Shóisialta Tuaithe, Tús agus Tús Nua, atá maoinithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Fócas do 2016
De thairbhe díograis agus seasmhacht ár gcliantchomhlachtaí, tá téarnamh suntasach le feiceáil anois sa Ghaeltacht. Ba mheasa an ghéarchéim eacnamaíoch sa Ghaeltacht de bharr go bhfuil sí lonnaithe den chuid is mó i gceantair atá scoite amach. Creideann an tÚdarás go láidir, in ainneoin na constaice seo, gur féidir níos mó fostaíochta a chruthú sa Ghaeltacht ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil. Trí leanúint lenár gcur chuige comhoibríoch i gcothú fiontraíochta sna réigiúin ar fad, is féidir linn tuilleadh post a chruthú sna blianta beaga amach romhainn.

Is dúshlán don eagraíocht é tógáil ar rath ár gcuid cliant agus díriú ar fhás earnálacha ina bhfuil poitéinseal faoi leith, ar nós acmhainní nádúrtha, eolaíochtaí beatha, innealtóireacht, seirbhísí trádála idirnáisiúnta agus turasóireacht. Má bhaintear an leas is fearr as na hearnálacha seo agus an tacaíocht chuí á chur ar fáil, feicfear méadú suntasach i líon na bpost a chruthófar faoi 2020.

Don bhliain amach romhainn beidh an tÚdarás ag díriú ar fhorbairt a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha na Gaeltachta, ar nós acmhainní mara, turasóireacht chultúrtha, forbairtí teangabhunaithe agus fuinneamh in-athnuaite. Cuirfear béim faoi leith ar fhorbairt thograí breisluacha bia sa chomhthéacs seo. Beidh céimeanna á nglacadh le tógáil ar dhúshraith na gcomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, idir theicneolaíocht faisnéise agus bhitheicneolaíocht. Díreofar ar theagmháil a chruthú agus a chothú le diaspóra na Gaeltachta ar fud an domhain le taithí, scileanna nó infheistíocht a mhealladh abhaile.

Cuirfear na chéad phleananna teanga faoi bhráid an Aire le faomhadh le linn 2016 agus fáiltíonn an tÚdarás roimh an dúshlán nua a bhainfidh le cur i bhfeidhm na bpleananna sin sna seacht mbliana amach romhainn. Cuirfear tacaíocht ar fáil le cuidiú leis na Limistéir a bhfuil tús le cur le próiseas foirmeálta pleanála teanga iontu go fóill agus leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, ar mhaithe lena n-ullmhú don obair.

Is féidir Athbhreithniú de réir na gCeantar Gaeltachta a fháil ach teagmháil a dhéanamh le a.nifhlatharta@udaras.ie nó glaoch ar 091-503100.