Preas Ráiteas

Ráiteas Deireadh Bliana 2014 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta

• 737 post nua cruthaithe, an líon is airde cruthú poist le 5 bliana
• 7,682 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
• Tograí nua ceadaithe ina gcruthófar 519 post nua, le hinfheistíocht de €42m
• Méadú 6% ar dhíolacháin agus ardú 6% ar easpórtáil i gchliantchomhlachtaí
• Naoi gCeanneagraíocht ag cur tús le plean teanga dá Limistéar Pleanála Teanga

Athbhreithniú ar 2014
Cruthaíodh 737 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis in 2014, an líon is airde cruthú poist ó bhí 2008 ann. Bhí 7,682 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana, comhdhéanta de 7,053 post lánaimseartha and 629 post páirtaimseartha. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glanmhéadú de 84 post ar an bhliain roimhe i gceist.

Tháinig borradh le linn 2014 ar imeachtaí agus ar na céimeanna ullmhúcháin a bhaineann leis an phróiseas pleanála teanga. Faoi dheireadh na bliana bhí naoi gCeanneagraíocht roghnaithe le tabhairt faoi phleananna teanga a réiteach sna naoi Limistéar Pleanála Teanga a fógraíodh le linn na bliana. Ag deireadh na bliana d’fhógair An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta liosta de bhailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Díreofar mar thús ar chathair na Gaillimhe, Leitir Ceanainn agus Daingean Uí Chúis.

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Is comhartha dóchais é an fás a tháinig ar an leibhéal cruthú fostaíochta le linn na bliana, an méid is mó fáis le cúig bliana anuas. Léiríonn na figiúirí fostaíochta gur mhéadaigh an líon post sna hearnálacha bia agus deoch, feistí leighis, feirmeoireacht éisc agus saindéantúsaíocht don chuid is mó. D’ardaigh an leibhéal díolacháin i gcomhlachtaí easpórtála agus an fhostaíocht sna comhlachtaí sin dá réir.

Thosaigh 28 gnó as an nua sa Ghaeltacht le linn na bliana agus bhí os cionn 100 duine fostaithe sna gnóthaí sin cheana féin ag deireadh na bliana. Lena chois sin, is údar mór dóchais an fhógra a rinne Randox Laboratories i mí na Samhna go bhfuil sé beartaithe aige infheistíocht shuntasach de €25milliún a dhéanamh ina áis ghnó ar an Chlochán Liath i gCo. Dhún na nGall agus an líon post a mhéadú ó 66 go 540 faoi 2020.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, “ Tá muid thar a bheith sásta gur tháinig ardú suntasach ar an méid post a cruthaíodh anuraidh agus gur éirigh leis an Údarás na spriocanna a bhí leagtha síos dó ag an Rialtas ó taobh cruthú fostaíochta agus ceadú tograí nua a bhaint amach. An dúshlán atá romhainn anois ná tógáil ar an mbunsraith seo, agus tograí agus infheistíochtaí nua a mhealladh chun na Gaeltachta.”

Tharla cailliúintí poist i roinnt comhlachtaí de réir mar athraíodh treo an ghnó agus mar d’athraigh cúinsí gnó agus margaí na gcomhlachtaí sin. Ba mhór an tionchar a bhí ag na cailliúintí poist a tharla i gceantar Ghaoth Dobhair le linn na bliana ach go háirithe. Anuraidh dúnadh aonad táirgeachta an chomhlachta Largo Foods i nGaoth Dobhair, d’aistrigh an comhlacht Nuance a ghnó go Londain, agus lig an comhlacht SIOEN le roinnt dá fhostaithe, rud a chiallaigh gur cailleadh 164 post sa cheantar. Cé go mbíonn cailliúint poist i gceist gach bliain, nuair a tharlaíonn líon ard acu in aon cheantar amháin, bíonn tionchar an-diúltach aige ar an chomharsanacht sin.

Agus é ag tagairt don líon post a cailleadh, dúirt an Príomhfheidhmeannach, “Caithfear aird a tharraingt ar an bhuille trom a fuair ceantar Ghaoth Dobhair nuair a cailleadh líon ard post ansin anuraidh agus tá gach iarracht a dhéanamh ag an Údarás malairt infheistíochta agus deiseanna fostaíochta a mhealladh le lonnú ar an bPáirc Ghnó ansin. Ar ndóigh, cruthaíonn easnaimh san infreastruchtúr, i soláthar leathanbhanda ar chostas iomaíoch, agus ganntanas foirgintí gnó d’ardchaighdeán constaicí le tograí a mhealladh chuig ceantar tuaithe. Cé go bhfuil an píblíne tograí folláin, caithfear breis acmhainní a chur ar fáil chun na tograí agus na poist seo a mhealladh chun na Gaeltachta.”

Dúirt sé fosta, “Fáiltíonn muid roimh an fócas neartaithe atá á chur ag an Rialtas ar pholasaithe faoi leith a dhíríonn ar fhorbairt fiontraíochta agus fostaíochta go réigiúnach agus beidh muid ag obair lenár gcomheagraíochtaí an Gníomhaireacht Forbartha Tionscail (Eire) agus Fiontraíocht Éireann agus ag feitheamh ar dheiseanna forbartha don Ghaeltacht dá bharr.”

Os cionn 500 post nua ceadaithe don Ghaeltacht i rith 2014
Anuraidh, cheadaigh Údarás na Gaeltachta líon tograí nua ina gcruthófar 519 post agus ina ndéanfar infheistíocht iomlán measta de bheagnach €42 milliún de réir mar a thagann na tograí sin chun cinn sna cúpla bliain amach romhainn. Is comhlachtaí sna hearnálacha bia, saindéantúsaíocht agus seirbhísí is mó atá le tabhairt faoi na forbairtí beartaithe. Anuas ar sin, tá an píblíne tograí sláintiúil go maith agus beidh an tÚdarás ag súil le tacú le Randox Teo chun a bpleananna dá láthair ar an Chlochán Liath a bhaint amach.

Treochtaí gnó agus Tionchar Eacnamaíoch na gCliantchomhlachtaí
Is comhartha dóchais an fás de 6% a tháinig ar dhíolacháin i gchliantchomhlachtaí an Údaráis ón bhliain roimhe. Léiríonn taighde a rinne Insight Statistical Consultants in 2014 go bhfuil luach díolacháin de bhreis agus €826 milliún anois ag na comhlachtaí Gaeltachta. D’fhás easpórtáil 6% go €493 milliún, agus tá méadú breise de 4% tuartha don bhliain seo chugainn. Tá fás tagtha ar dhíolachán i gcomhlachtaí san earnáil bia agus deoch, saindéantúsaíocht, agus comhlachtaí atá ag plé le feistis leighis agus ceimiceáin ach go háirithe ag dul ó neart go neart. Leanann an titim i ndíolachán i gcomhlachtaí atá ag feidhmiú san earnáil déantúsaíochta thraidisiúnta. Lena chois sin, déanann cliantchomhlachtaí an Údaráis €417 milliún de chaiteachas díreach i ngeilleagar na tíre seo ar phá-rolla, seirbhísí agus ceannach ábhar.

Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta
Leanann ról agus tionchar tábhachtach na scéimeanna fostaíochta sóisialta atá á bhainistiú ag an Údarás sa Ghaeltacht. Anuraidh bhí 1,024 rannpháirtí, 50 saoiste fostaithe ar 47 scéim ar fud na Gaeltachta. Tá ról tábhachtach ag na scéimeanna seo ag cur taithí oibre agus traenáil ar fáil do phobal na Gaeltachta. Is fiú os cionn €15 milliún na scéimeanna seo go bliantúil do gheilleagar na Gaeltachta.

Gníomhaíochtaí pleanála teanga
Cuireadh dlús leis an phróiseas pleanála teanga i rith na bliana. Fógraíodh naoi gcinn de Limistéir Pleanála Teanga le linn na bliana agus roghnaíodh naoi gCeanneagraíocht le tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair sin. Oibreoidh na Ceanneagraíochtaí go dlúth leis an Údarás agus le grúpaí pobail a bhfuil tionchar ag a gcuid imeachtaí ar chaomhnú agus ar bhuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Teastaíonn cur chuige comhtháite atá bunaithe ar dhea-chleachtas pleanála teanga chun pobal teanga a neartú. Tá comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobal, an Stáit agus na n-earnálacha príobháideacha agus deonacha ríthábhachtach chun an sprioc seo a bhaint amach.

Fógraíodh liosta de bhailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta i mí na Nollag. Is é Údarás na Gaeltachta, má tá an baile lonnaithe sa Ghaeltacht, nó Foras na Gaeilge, i gcás baile atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht, a bheidh ag lorg eagraíochtaí sna bailte sin maidir le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga. Díreofar ar dtús ar chathair na Gaillimhe, ar Leitir Ceanainn agus ar Dhaingean Uí Chúis.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach an Údaráis, go raibh dul chun cinn nach beag déanta in 2014 maidir leis an phróiseas pleanála teanga: “Tar éis tréimhse réamh-ullmhúcháin a bhain le bunú struchtúir agus leagan síos próiseas le cúpla bliain anuas, tá Ceanneagraíochtaí i mbun oibre anois le pleananna teanga a réiteach do na Limistéir Pleanála Teanga atá fógartha.”

Thagair sí fosta do na dúshláin a bhaineann leis: “Is próiseas casta é an próiseas pleanála teanga. Is dúshlán don Stát agus don Údarás é creimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht a stopadh agus borradh a chur faoi úsáid agus forbairt na teanga. Ach ní bhaineann ceist na teanga sa Ghaeltacht le Roinn amháin Stáit (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) ná leis an Údarás amháin. Baineann an próiseas pleanála teanga go dlúth agus go dílis le réimsí forbartha eacnamaíochta agus sóisialta, le gnóthaí riaracháin agus leis na cláir oibre a reáchtáltar faoi choimirce Ranna eile Stáit – an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Sláinte agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ach go háirithe. Tá gá le comhpháirtíocht, le cur chuige comhtháite agus tiomanta, agus comhoibriú idir na gníomhaireachtaí ábhartha Stáit agus na pobail áitiúla lena chinntiú go gcuirfear na tacaíochtaí cuí ar fáil le cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht agus le cur le húsáid na Gaeilge mar theanga phobail mar atá leagtha síos sa reachtaíocht”, a dúirt sí.

Fócas do 2015
In 2015, leanfaidh an tÚdarás air ag maoiniú réimse de thionscadail a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, le béim ar leith ar micreathionscadail agus comhlachtaí atá ag tosú as an nua. Fáiltíonn an tÚdarás roimh thiomantas athnuaite an Rialtais i leith forbairt réigiúnach na tíre ina iomláine, agus leanfaidh muid ar aghaidh inár n-iarrachtaí, i gcomhair lenár gcomhghleacaithe i bhFiontraíocht Éireann agus an Gníomhaireacht Forbartha Tionscail (Eire), le infheistíocht shuntasach soghluaiste a mhealladh chuig an Ghaeltacht.

Léiríonn taighde idirnáisiúnta go bhfuil fáil ar fhoirgintí oiriúnacha mar chuid lárnach den chinneadh a dhéanann infheisteoirí maidir le lonnú gnó. Leanfaimid leis an obair athchóirithe agus athfhorbartha ar mhaoin an Údaráis in 2015, agus é mar aidhm againn foirgintí d’ardchaighdeán a bheith ar fáil do chliaint nua agus reatha, do chomhlachtaí ag gach staid de ghnó, i ngach earnáil.

Tá Slí Fhiáin an Atlantaigh, le tacaíocht ó Fáilte Éireann, ar cheann de na tionscnaimh turasóireachta is rathúla le blianta beaga anuas. Le níos mó ná an ceathrú cuid den tSlí, atá 2,500 km ar fhad, ag dul tríd an Ghaeltacht, beidh an tÚdarás ag díriú ar thacaíocht a thabhairt dár gcliaint agus iad ag cur chun cinn Slí Fhiáin an Atlantaigh trí tháirgí nuálaíocha agus mealltacha a chur ar fáil a léiríonn uathúlacht na Gaeltachta don chuairteoir. Tá an tÚdarás ag súil go leanfar leis an fhorbairt ar Chultúrlann Chonamara, ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, Conamara. Ní amháin go ndéanfaidh an t-ionad cuairteoirí seo comóradh ar cheann de cheannairí Éirí Amach 1916, ach cuirfidh sé suíomh tarraingteach ar fáil do chuairteoirí, agus beidh sé mar cheann de na tograí stairiúla ar Shlí Fhiáin an Atlantaigh a rachaidh chun leasa an phobal áitiúil chomh maith leis an réigiún thart timpeall air.

Leanfaidh an tÚdarás air ag cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga in 2015 sna Limistéir Pleanála Teanga atá fós le fógairt agus cuirfear tús leis an phróiseas sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta aitheanta go dtí seo.