Preas Ráiteas

Ráiteas Deireadh Bliana 2013 foilsithe ag an Údarás

Ráiteas eisithe ag Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach agus Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

• Tús curtha leis an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht
• Os cionn 600 post nua cruthaithe in 2013
• Tograí nua ceadaithe ina mbeifear ag súil le 560 post nua a chruthú
• An ráta ba lú caillteanas post feicthe
• Os cionn 1,000 rannpháirtí ar scéimeanna sóisialta fostaíochta

Athbhreithniú ar 2013
Cruthaíodh 616 post nua i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2013. Bhí 7,650 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana, comhdhéanta de 6,970 post lánaimseartha agus 680 post páirtaimseartha. Nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh, bhí glanmhéadú 96 post i gceist.

Cuireadh tús foirmeálta leis an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ag deireadh 2013 nuair a rinneadh fógraí i dtaca le Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sna contaetha Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Chiarraí. Is toradh iad na fógraí sin ar obair thrí bliana a dhírigh ar phróiseas nua pleanála teanga a chur ar bhunús reachtúil, agus is céim shuntasach chun tosaigh í seo i stair agus i dtodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht. Cuireann na fógraí seo tús le feidhmiú Acht na Gaeltachta, 2012 ina leagtar an bhéim ar phleanáil chomhtháite teanga ag leibhéal an phobail. I rith na bliana, d’oibrigh an tÚdarás go dlúth leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge leis an bhunsraith riaracháin agus na córais éagsúla oibre, atá mar chuid den phróiseas, a leagan síos.

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Le blianta anuas, tá Údarás na Gaeltachta dírithe ar fhorbairt a dhéanamh ar líon earnálacha ar a n-áirítear acmhainní nádúrtha agus mara, eolaíochtaí beatha, teicneolaíocht faisnéise, bia, déantúsaíocht nideoige, innealtóireacht agus tráchtearraí ardluacha eile atá intrádála go hidirnáisiúnta. Tháinig fás ar chomhlachtaí Gaeltachta sna hearnálacha sin, i dtéarmaí díolacháin agus i gcruthú fostaíochta, i rith na bliana. Is údar mór dóchais é go raibh an líon ba lú caillteanais post le tríocha bliain i gcliantchomhlachtaí Gaeltachta le linn 2013. Tá an laghdú leanúnach ar an ráta caillteanais post le roinnt blianta anuas ina léiriú dearfach ar an dóigh a bhfuil comhlachtaí Gaeltachta tar éis a mbonn fostaíochta a bhuanú le blianta anuas agus iad in ann díriú anois ar bhorradh a chur faoina bhfiontair agus an eacnamaíocht ar tí a theacht chuici féin.

Is í an earnáil easpórtála atá ina príomh-thiománaí in athshlánú na fostaíochta agus i bhfás eacnamaíochta sa tír, agus anuraidh mhéadaigh an díolachán easpórtála i gcliantchomhlachtaí an Údaráis go €464 milliún. Is fianaise í an méadú atá tagtha ar easpórtáil iomlán, mar chéatadán de dhíolachán, ó 45% go 59% ó bhí 2008 ann, go bhfuil na comhlachtaí Gaeltachta ag cur go leor dá bhfócas ar easpórtáil.

560 post nua ceadaithe don Ghaeltacht i rith 2013
Anuraidh, cheadaigh Údarás na Gaeltachta líon tograí ina bhfuiltear ag súil go ndéanfar infheistíocht iomlán measta de €44 milliún agus go gcruthófar 560 post nua iontu. Cruthófar breis agus leath de na poist sin i ngnólachtaí nua, agus cruthófar an chuid eile acu i gcliantchuideachtaí reatha de réir mar a bheidh siad ag forbairt a ngnóthaí. Táthar ag súil go dtiocfaidh na poist sin chun cinn in 2014 agus sna blianta ina dhiaidh sin nuair atá na tograí faoi lán seoil.

Tionchar Suntasach Eacnamaíoch ag Cliantchomhlachtaí an Údaráis ar Gheilleagar na Tíre
Tugann taighde a rinne Indecon International Economic Consultants in 2013 le fios go bhfuil tionchar suntasach ag cliantchomhlachtaí an Údaráis ar gheilleagar na hÉireann, agus meastar go gcuireann siad luach iomlán de thart ar €1.5 billiún leis. Léiríonn an anailís go bhfuil luach díolacháin de breis agus €787 milliún ag na comhlachtaí Gaeltachta seo. Lena chois sin, cuireann siad os cionn €409 milliún de chaiteachas díreach isteach sa gheilleagar, agus cuireann siad breis agus €358 milliún ar fáil do gheilleagar na tíre in olltáirgeacht intíre (GDP). Fosta, íocann comhlachtaí Gaeltachta thart ar €71 milliún in íocaíochtaí cánacha do Státchiste na hÉireann, bunaithe ar chánacha corparáideacha agus ioncaim a d’eascair óna ngníomhaíochtaí in 2012, agus bhí a gcaiteachas iomlán párolla cothrom le €200 milliún.

Ag Cothú Fiontair Ghaeltachta agus Cruthú Fostaíochta
Ionas go mbeidh sé in ann a theacht i dtír ar dheiseanna nua cruthaithe fostaíochta, teastaíonn infreastruchtúr gnó ón Údarás a bheidh in oiriúint do riachtanais a chliant agus do na gnólachtaí nua a bheidh ag teacht chun cinn. Ceann de na constaicí is mó a bhaineann le forbairt bhreise fiontraíochta agus le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht is ea an easpa infreastruchtúr oiriúnach don ghnó. In ainneoin an rathúnais a bhí sa tír suas go dtí 2006, is beag samplaí atá ann d’infheistíocht ón earnáil phríobháideach in infreastruchtúr ná saoráidí nua-aimseartha tionsclaíocha/fiontair i gceantair thuaithe, ná sa Ghaeltacht ach go háirithe.
De bharr srianta airgeadais le roinnt blianta anuas, ní raibh d’acmhainn ag an Údarás dóthain infheistíochta a dhéanamh ina phunann maoine. Tógadh sciar mór de phunann maoine fiontraíochta an Údaráis sna 70aidí agus sna 80aidí chun freastal ar thionscail traidisiúnta déantúsaíochta. Agus an earnáil traidisiúnta déantúsaíochta ag dul i léig go leanúnach, tá uasghrádú substaintiúil agus athchóiriú le déanamh ar na foirgnimh mhóra thionsclaíocha sin chun iad a thabhairt chuig an chaighdeán a theastaíonn ó fhiontair nua-aimseartha na linne seo.

‘Sé ár dtaithí ná go bhfuil sé níos éasca infheistíocht fiontair a mhealladh nuair a bhíonn fáil ar fhoirgnimh nua-aimseartha, d’ardchaighdeán atá réidh le húsáid. Ar an bhunús sin, tá athfhorbairt déanta ar líon teoranta d’fhoirgnimh an Údaráis le blianta anuas. Tá na foirgnimh sin ionann agus a bheith lán faoin tráth seo. Léiríonn an t-éileamh sin an gá atá le breis infheistíochta chaipitil sa Ghaeltacht le go mbeifear ábalta tuilleadh infheistíochta a mhealladh isteach. Tá athfhorbairt agus uasghrádú ar mhaoin ghnó an Údaráis riachtanach le cinntiú go mbeidh rath ar fheidhm forbartha fiontair agus cruthú fostaíochta na heagraíochta agus leanfaidh an tÚdarás air ag iarraidh teacht ar bhealaí leis an athfhorbairt seo a mhaoiniú, m.sh díol maoine.
Tá an easpa leathanbhanda ardluais ar chostas réasúnach ag cur as d’iomaíocht na gcomhlachtaí Gaeltachta agus caithfear leanúint den iarracht chun an easpa sin a leigheas.

Na Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta fós ag cur oiliúint agus taithí oibre thábhachtach ar fáil do dhaoine dífhostaithe
Déanann Údarás na Gaeltachta bainistiú agus riarachán ar an Scéim Fostaíochta Pobail, an Scéim Shóisialta Tuaithe, Tús agus Tús Nua. Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí maoiniú ar na scéimeanna fostaíochta sóisialta a bhfuil ról tábhachtach acu i soláthar taithí oibre agus oiliúna do phobail Ghaeltachta. In 2013, fostaíodh breis agus 1,000 rannpháirtí agus 49 maor i 49 scéim ar fud na Gaeltachta. I rith na bliana, thosaigh breis agus 300 rannpháirtí nua ar na scéimeanna agus chríochnaigh breis agus 260 rannpháirtí a gclár. Meastar go bhfuil fostaíocht faighte ag 30% díobh sin a chríochnaigh a gclár. Tá na scéimeanna fostaíochta sóisialta seo lárnach i bhforbairt an phobail agus i gcothabháil gníomhaíochtaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Gníomhaíochtaí Teanga
Le linn 2013 cuireadh dlús le hobair phleanála le feidhm a thabhairt d’Acht na Gaeltachta, 2012. Aontaíodh go mbeadh 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta i gceist agus rinneadh sainiú iomlán de réir toghrann ar na limistéir sin. Forbraíodh agus aontaíodh próiseas le heagraíochtaí a roghnú le dul i mbun pleananna teanga a ullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna limistéir lena mbaineann siad i réimsí an phobail agus an teaghlaigh, i réimsí oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.

I mí na Nollag 2013 rinne an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., na chéad fhógraí i dtaca le trí Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta. Tá tús curtha anois leis an phróiseas agus tá an tÚdarás freagrach as eagraíochtaí a roghnú chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir éagsúla. Tá iarratais á lorg ag an Údarás faoi láthair ó eagraíochtaí/coistí ar suim leo a bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga sna trí limistéir atá fógartha. Déanfar deich Limistéar Pleanála Teanga eile a fhógairt i rith 2014 agus beifear ag lorg iarratas ó eagraíochtaí sna limistéir sin de réir mar a dhéantar iad á fhógairt.
Tá dúshláin ag baint le pleanáil teanga agus beidh an tÚdarás ag obair go dlúth leis na pobail Ghaeltachta agus le páirtithe leasmhara eile le pleananna éifeachtacha teanga a fhorbairt a mbeidh mar aidhm acu pobal inmharthana Gaeilge a chinntiú sa Ghaeltacht. Aithníonn pobal na Gaeltachta go bhfuil creimeadh leanúnach ag tarlú don Ghaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht agus, dá bhrí sin, go bhfuil géarchéim teanga i mórán ceantar Gaeltachta. Is próiseas casta é an próiseas pleanála teanga, agus caithfear tabhairt faoin obair dhúshlánach seo le comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobail, le comhoibriú ón earnáil dheonach, ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach, agus oibriú as lámha a chéile chun tacú leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair éagsúla.

Fócas do 2014
In 2014, leanfaidh an tÚdarás air ag maoiniú réimse de thionscadail a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, le béim ar leith ar na hearnálacha a bhaineann le dobharshaothrú agus próiseáil éisc, eolaíochtaí beatha, bia, turasóireacht agus fiontair cruthaitheach (bainteach le tograí meán, ealaíon, teangabhunaithe agus cultúrbhunaithe). Cuirfear dlús lena fheidhmeanna maidir le pleanáil teanga de, agus tacófar le réimse de chláir forbartha pobail agus áitiúla a mbeidh sé d’aidhm acu forbairt a dhéanamh ar bhreis scileanna agus acmhainneachta ag leibhéal an phobail i réimse de thionscadail fiontraíochta agus pleanála teanga.
I rith na bliana, leanfaimid orainn ag díriú ar straitéis faoina bhfaighfear níos mó acmhainní agus maoinithe chun an gréasán riachtanach de sheirbhísí, infreastruchtúr gnó agus saoráidí a sholáthar a bheidh mar bhunchloch le hathshlánú inmharthana sa Ghaeltacht.