Práinn le forbairt infreastruchtúr na Gaeltachta – Príomhfheidhmeanach Údarás na Gaeltachta

19 Aibreán, 2006

nóiméad léite

Ag labhairt dó ag cruinniú poiblí i gCorr na Móna aréir dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Pádraig Ó hAoláin go gcaithfí aghaidh a thabhairt ar riachtanais infreastruchtúir na Gaeltachta a chur ar fáil ar bhonn práinne. “Sa lá atá inniu ann”, a dúirt sé, “siad bóithre, leathanbhanda agus leictreachas airtirí na forbartha. Cé go bhfuil feabhas mór ar na bóithre réigiúnacha le blianta beaga anuas tá géarghá tosaíocht níos airde a thabhairt don bhóthar nua ó Ghaillimh siar trí Chonamara, tá sé riachtanach go rachadh an Bord Soláthar Leictreachais i mbun pleanála athuair gan mhoill leis an líne ardchumhachta leictreachais a thabhairt siar go Camus agus tá gá le hidirghabháil stáit le seirbhís leathanbhanda ardluais a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta. D’uireasa an infreastruchtúir riachtanach sin is deacair don Údarás freastal cóir cothrom a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta atá scoite amach.”