Poist nua do cheantar Chill Charthaigh i dTír Chonaill

2 Márta, 2009

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord an Údaráis a tionóladh sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, Dé hAoine seo caite (27 Feabhra), ceadaíodh pacáiste tacaíochta idir chaipitil agus oiliúna don chomhlacht Cuan Tamhnaigh Teo atá lonnaithe i gCill Charthaigh, i gCo. Dhún na nGall. Is é Jonathan Hackett, príomhstiúrthóir an chomhlacht fíodóireachta Botany Weaving Mill Ltd i mBaile Átha Cliath, úinéir Chuan Tamhnaigh Teo.

Tá an comhlacht i mbun gnó ag táirgeadh cairpéid eitleán agus ag cur seirbhís chríochnúcháin fíodóireachta éadaigh ar fáil don tionscal aerthaistil. Mar chuid d’fhorbairt nua tá sé i gceist ag an chomhlacht anois díriú ar ábhar éadaigh a chur ar fáil don mhargadh busanna agus traenach mar tá custaiméirí aimsithe acu san earnáil iompair sin tríd an chomhlacht Botany Weaving Mill Ltd.

Tá 39 duine fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus meastar go mbeidh sé seo ag méadú go 77 thar na trí bliana seo amach romhainn de réir mar a chuirfear an plean forbartha seo i bhfeidhm.