Pleananna Forbartha nua a sheoladh d’Ionad Chú Chulainn, An Fál Carrach

31 Iúil, 2007

nóiméad léite

Ag ócáid san iarchlochar ar an Fhál Charrach, ag 12.00 meán lae(30 Iúil 2007), sheol Pat the Cope Ó Gallchóir, TD, Aire Stáit Cothú Sláinte agus Sábháilteacht Bia, Pleananna Forbartha d’Ionad Chú Chulainn. Chuir Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil do Choiste Chú Chulainn in 1995 leis an iarchlochar ar an Fhál Charrach a cheannacht le háiseanna agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine le riachtanaisí speisialta oideachais agus cúraim. Ba é Ionad Chú Chulainn ceann de na chéad tograí pobail sa Ghaeltacht a raibh baint lárnach acu le hoideachas agus cúram a chur ar fáil do dhaoine le riachtanaisí speisialta. Bhí an togra pobail seo ceannródach ar mórán dóigheanna ach go háirithe mar thogra pobail ag gníomhú san earnáil cúraim agus oideachais.

Sheol Pat the Cope Ó Gallchóir, TD, Aire Stáit Cothú Sláinte agus Sábháilteacht Bia, Pleananna Forbartha nua d’Ionad Chú Chulainn agus mar chuid de na pleananna seo beidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag dul i gceann an Ionaid agus a fhorbairt mar chuid de sheirbhís na Feidhmeannachta sa phobal san iarthuaisceart. Beidh an t-iontaobhas tithíochta, Oaklee Housing Trust, ag obair i gcuideachta leis an Fheidhmeannacht agus Coiste Chú Chulainn. Tá sé i gceist acu áiseanna tithíochta a fhorbairt do dhaoine le riachtanaisí speisialta foghlamtha trí athfhorbairt a dhéanamh ar shuíomh Ionad Chú Chulainn.

Le linn na hócáide dúirt an tAire Stáit, Pat the Cope Ó Gallchóir, TD, go raibh aitheantas ar leith ag dul “do Sally Mac Intyre agus na hoibríonnaí uilig agus do Choiste Chú Chulainn ar son na hoibre uilig a rinne siad leis an tseirbhís riachtanach éifeachtach seo a choinneáil ag gníomhú ar feadh dhá bhliain déag. Seirbhís thábhachtach pobail agus cúraim a thug aitheantas do riachtanaisí speisialta na ndaoine a d’fhreastal ar Ionad Chú Chulainn le dhá bhliain déag anuas …”.

Beidh na seirbhísí a bhí curtha ar fáil in Ionad Chú Chulainn anois á maoiniú agus á mbainistiú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus beidh stiúrthóirí Choiste Chú Chulainn ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don Fheidhmeannacht agus an t-iontaobhas tithíochta, Oaklee Housing Trust.