Preas Ráiteas
Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an soláthar atá déanta sa Phlean Forbartha Náisiúnta don eagraíocht féin agus do na gnéithe sin den phlean atá dírithe ar thionscadail bhonneagair a mbeidh tionchar mór acu ar an nGaeltacht i rith na tréimhse 6 bliana 2007 – 2013.
S’iad na gnéithe is suntasaí den phlean a bhfuil impleachtaí don Ghaeltacht acu tá
- forbairt chalaphoirt Ros a’Mhíl,
- an soláthar substaintiúil d’fhorbairt chéibheanna agus seirbhísí do na hoileáin
- bóthar nua Chonamara
- an tacaíocht láidir do chláir fhorbartha tuaithe ar a n-áirítear clár LEADER agus soláthar leathanbhanda do cheantair thuaithe ar a n-áirítear na ceantair Ghaeltachta atá i limistéar CLÁR.
- forbairt bhóithre a dhéanfaidh éascaíocht rochtana do chontae Dhún na nGall.
Fáiltímid chomh maith roimh an ngeallúint go n-ullmhófar plean 20 bliain don Ghaeilge mar sé seo an chéad uair riamh a raibh soláthar ar leith don Ghaeilge i bPlean Forbartha Náisiúnta.
