Páistí bunscoile Gaeltachta á spreagadh ag clár speisialta ETIM ‘An Chruinne’

8 Márta, 2019

nóiméad léite

Gaeltacht primary students An Chruinne
Gaeltacht primary students An Chruinne

Tá ‘An Chruinne’, clár speisialta Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM), á mhúineadh i mbunscoileanna Gaeltachta chun daltaí a spreagadh i dtreo suim in ábhair ETIM. Beidh an clár píolótach seo de chuid Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland á reáchtáil don dara bliain i 16 bhunscoil i 7 gceantar Gaeltachta i gcontaetha Dhún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí.

Seoladh clár ‘An Chruinne’ do 2019 go hoifigiúil ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D., agus ag an gcraoltóir agus iar-iriseoir le RTÉ, Máire Treasa Ní Cheallaigh, atá fillte ar ais ar chúrsaí oideachais le gairid chun tabhairt faoi chéim leighis.

Taispeánann staidéar a rinne Microsoft Ireland nach bhfeiceann 30% de dhaltaí in Éirinn cén bhaint atá ag ábhair ETIM lena saol agus creideann 44% de dhaltaí meánscoile go bhfeileann ábhair ETIM níos fearr d’fhir ná do mhná.

Agus é seo ar intinn aici ag seoladh ‘An Chruinne’, dúirt Máire Treasa Ní Cheallaigh, “Tuigeann muid ar fad an tábhacht a bhaineann leis an eolaíocht, agus is iontach an rud é go bhfuil sé á spreagadh anois i measc an aosa óig, go háirithe i measc cailíní. Cheap mé go raibh sé spéisiúil gur léirigh taighde a rinne Girls in STEM gur mhothaigh beagnach leath de na scoláirí a ceistíodh gur fheil an eolaíocht níos fearr d’fhir ná do mhná, agus gur theastaigh eiseamláir ó na scoláirí ar fad chun iad a choinneáil spreagtha.

Ach an oiread leis an spórt, tá ról lárnach ag mná san eolaíocht a chaithfear a thabhairt chun suntais agus tá dul chun cinn mór déanta le blianta beaga anuas. Is céim dhearfach eile í clár ‘An Chruinne’.”

Ghlac Máire Treasa Ní Cheallaigh an cinneadh filleadh ar an oideachas agus dul le hábhar dochtúra. Thug sé seo chun suntas di an tábhacht a bhaineann le suim san eolaíocht a spreagadh i bpáistí agus i ndaoine óga agus deiseanna dearfacha agus taithí phraiticiúil a thabhairt dóibh a thabharfaidh misneach dóibh tabhairt faoi na hábhair seo san oideachas dara leibhéal agus ina dhiaidh.

“Ní dhearna mise eolaíocht don Ardteistiméireacht, mar sin nuair a thosaigh mé mo chéad téarma mar mhac léinn leighis, mhothaigh mé go raibh mé céim ar chúl i gcomparáid le daoine eile i mo rang. Nuair a bhí mé ar scoil níor thuig mé an luach a bhain leis na hábhair seo, ná cé chomh hábhartha agus a bheadh siad i mo shaol. Má fhaigheann páistí taithí dhearfach ar na hábhair ETIM agus iad sa bhunscoil, b’fhéidir nach mbeidh siad chomh faiteach amach anseo roimh na hábhair seo agus osclóidh sin suas an oiread deiseanna dóibh.”

Tá cúig mhodúl sa gclár a mhúintear in ardranganna na bunscoile a bhaineann le hábhair ETIM agus tá sé tábhachtach go mbeadh clár den chineál seo á riaradh trí mheán na Gaeilge sna bunscoileanna Gaeltachta.

Ag tagairt don togra dúirt an Phríomh-Aoire agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D, “Tá sé tábhachtach go spreagtar aos óg na Gaeltachta i dtreo ábhair ETIM. Is gá na scileanna a thabhairt dóibh chun an tsamhail Ghaeltachta atá acusan a fhíorú agus beidh todhchaí níos gile agus níos nuálaí don Ghaeltacht mar thoradh air.”

Ag cur leis, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh “Tá nuálaíocht agus an Ghaeilge mar chlocha coirnéil do straitéis Údarás na Gaeltachta do na blianta amach romhainn agus cuireann an clár seo an dá rud sin ar fáil go cothrom. Tá sé ríthábhachtach dúinn aos óg na Gaeltachta a spreagadh chun na nuálaíochta agus spéis sna hearnálacha ETIM a spreagadh iontu ina dteanga dhúchais féin. Tá muid fíorshásta a bheith ag obair i gcomhar le Junior Achievement Ireland, scoileanna Gaeltachta agus gnóthaí áitiúla chun fiontraithe agus eolaithe na todhchaí a spreagadh.”

Dúirt Helen Raftery, Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland, “Tá ríméad orainn go bhfuil tacaíocht leanúnach Údarás na Gaeltachta againn agus muid ag obair le scoileanna áitiúla agus oibrithe deonacha chun suim a mhúscailt san aos óg san eolaíocht agus sna scileanna a theastóidh uathu amach anseo. Nuair a dhéantar nasc idir an t-ábhar atá daltaí ag staidéar sa seomra ranga leis an domhan taobh amuigh den seomra ranga, cuidíonn sé leis an eispéireas foghlama, agus bealach iontach chun é sin a dhéanamh ná tríd an obair a dhéanann oibrithe deonacha ó chomhlachtaí agus na hearnálacha seo i gcomhar le múinteoirí. Tá gá le heiseamláir don aos óg chun iad a spreagadh i dtreo staidéar ar ábhar ETIM agus cuireann láithreacht an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D., béim air sin.”