Pacáiste tacaíochta ceadaithe do Euro Iompú Teo

4 Aibreán, 2008

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBéal an Mhuirthead inniu (4 Aibreán) ceadaíodh pacáiste tacaíochta don chomhlacht Euro Iompú Teoranta le cuidiú leis an chomhlacht an gnó tógála agus déantús busanna agus mótarchóistí atá aige ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a dhaingniú agus a fhorbairt tuilleadh.

Cruthófar suas le 100 post nua nuair atá an infheistíocht iomlán déanta agus an fhorbairt críochnaithe thar na 3 bliana amach romhainn.

Tá an fhorbairt seo tagtha ar aghaidh tar éis don chomhlacht dul trí phróiseas scrúdaitheoireachta. Ag éirí as an phróiseas sin tá athbhreithniú déanta ar ghnó an chomhlachta, tá infheisteoir nua faighte – Pádraig J Ó Dochartaigh, tá struchtúr úr proifisiúnta bainistíochta curtha ina áit, agus tá infheistíocht bhreise déanta sa ghnó.

Tá sé beartaithe anois plean nua forbartha le hinfheistíocht iomlán €2.5 milliún a chur i bhfeidhm.

Tá 30 duine fostaithe sa ghnó faoi láthair.