Olldhuaiseanna Ghníomh don Ghaeltacht 2004-2006 Bronnta

8 Nollaig, 2006

nóiméad léite

Rinne Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin agus Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin olldhuaiseanna Ghníomh don Ghaeltacht 2004 -2006 a fhógairt agus a bhronnadh in Óstán na Páirce, An Spidéal anocht (7 Nollag).

Bronnadh na mórdhuaiseanna speisialta seo ar ollbhuaiteoirí a bhfuil éacht bainte amach acu thar na tréimhse trí bliana. Rinneadh meastóireacht ar na heagrais agus an dul chun cinn atá déanta acu maidir le forbairt chultúrtha agus teanga, fiontair áitiúla, forbairt shóisialta agus aosach, forbairt agus caomhnú timpeallachta, an óige agus oideachas. Bhí dhá rannóg i gceist:

a) Forbairt Pobail

b) Cothú na Gaeilge mar theanga phobail (mar rannóg ar leith breise)

Ollbhuaiteoirí Ghníomh don Ghaeltacht 2004-2006:

Rannóg Forbartha Pobail

An Chéad Duais: Comharchumann Forbartha Árann Teo. €20,000

An Dara Duais: Forbairt na Dromada Teo. €10,000

An Tríú Duais: Comharchumann Chléire Teo. €5,000

Rannóg Forbartha Teanga

An Chéad Duais: Comharchumann Ráth Chairn Teo. €15,000

An Dara Duais Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair €10,000

An Tríú Duais (Roinnte idir) Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne €3,000

An Tríú Duais Comharchumann Shailearna Teo. €3,000

Déanann an tÚdarás comhghairdeas le gach eagras agus guíonn sí gach rath orthu sa todhchaí.