Ochtar Oifigigh Pleanála Teanga ceaptha ar fud na tíre

6 Feabhra, 2019

nóiméad léite

Oifigigh Pleanála Teanga ó Limistéir Pleanála Teanga éagsúla in éineacht le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag cruinniú eolais agus oiliúna in Óstán Bhaile Chláir

Tá ochtar Oifigigh Pleanála Teanga ceaptha i limistéir pleanála teanga ar fud na tíre agus tuilleadh á gceapadh seachtain i ndiaidh seachtain. Léiríonn na ceapacháin clochmhíle shuntasach sa bpróiseas pleanála teanga áit a bhfuil feidhmiú na bpleananna ag tosú sna pobail sna limistéir pleanála teanga éagsúla. Tá cuid de na hoifigigh ag tabhairt faoina bpoist le roinnt míonna agus cuid eile acu atá díreach ag tosú.

Is iad na ceanneagraíochtaí a fhostaíonn an tOifigeach Pleanála Teanga agus i limistéir áirithe tá cead acu Oifigeach Pleanála Teanga agus Oifigeach Cúnta a fhostú. Tá buiséad bliantúil de €100,000 nó €150,000 ar fáil do na ceanneagraíochtaí chun an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm ina gceantair.

Ag deireadh na bliana 2018 bhí plean teanga réitithe agus ceadaithe do leath (13) de na Limistéir Pleanála Teanga ar fud na tíre. Tá infheistíocht de €1.49m ceadaithe do fheidhmiú na bpleananna sin agus beidh fostaíocht dhíreach de 17 post i gceist le earcú Oifigigh Pleanála Teanga agus Oifigigh Chúnta.

Anuas ar sin tá 3 phlean eile curtha faoi bhráid An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, do LPT Thuaisceart Dhún na nGall, Dhún na nGall Theas agus Cheantar na nOileán. Táthar ag súil go mbeidh 8 bplean teanga eile réitithe agus curtha faoi bhráid na Roinne i rith 2019. Ciallóidh sé sin go bhféadfadh go mbeadh suas le 24 plean teanga á gcur i bhfeidhm i 23 LPT agus Baile Seirbhíse Gaeltachta amháin faoi dheireadh 2019.

Tá na hoifigigh pleanála teanga ag teacht le chéile don chéad uair mar ghrúpa inniu, 6 Feabhra 2019, ag cruinniú eolais agus oiliúna atá eagraithe ag Údarás na Gaeltachta do na ceanneagraíochtaí pleanála teanga agus do na hoifigigh pleanála teanga agus na hoifigigh cúnta. Is in Óstán Bhaile Chlár i mBaile Chlár na Gaillimhe atá an ceardlann eolais agus oiliúna ar siúl. Beidh cainteoirí ó Údarás na Gaeltachta, An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Muintearas agus eagraíochtaí eile chomh maith le hoifigigh pleanála teanga atá i mbun an chúraim cheanna féin páirteach sa gceardlann.

Staid reatha na pleanála teanga de réir mar a bhaineann sé leis na pleananna atá ceadaith

Comharchumann Ghaoth Dobhair Dónal Ó Cnáimhsí
Oisín Mac Éo (Oifigeach Cúnta)
Pobal Eascarrach Mícheál Mac Aoidh
Comhlucht Forbartha na nDéise Irial Ó Ceallaigh
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Rosaí Nic Cárthaigh
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Cristín de Mórdha (Oifigeach Cúnta)
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Cristín Ní Eanacháin
Gaeilge Iorrais Laoise Ní Dhúda
Forbairt Chonamara Láir Briocán Baireád
Comharchumann Ráth Chairn Hannah Ní Bhaoill

break

LPT Ceanneagraíocht Staid Reatha Allúntas Buiséid Líon Poist
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair OPT fostaithe agus an plean á fheidhmiú. €140,000 2
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh Pobal Eascarrach OPT fostaithe agus an plean á fheidhmiú. €100,000 1
Cois Fharraige Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga Comhlacht á bhunú agus spás oifige á réiteach. €150,000 2
Na Déise Comhlucht Forbartha na nDéise OPT fostaithe agus an plean á fheidhmiú. €100,000 1
Múscraí Comharchumann Forbartha Mhúscraí OPT fostaithe agus an plean á fheidhmiú. €100,000 1