Preas Ráiteas

Na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an chinneadh atá glactha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, líon na Limistéar Pleanála Teanga a mhéadú ón naoi gcinn déag a bhí fógartha roimhe seo go sé cinn is fiche. Tá sé seo ag eascairt as plé a bhí ag an Údarás le hionadaithe ó na heagrais phobail Ghaeltachta agus comhphlé leanúnach le feidhmeannaigh na Roinne. Seo a leanas briseadh síos ar na Limistéir Pleanála Teanga atá le sainiú go hoifigiúil go fóill.

Dún na nGall
1. Tuaisceart Dhún na nGall – ceantar Fhánada, Leithinis Ros Goill agus mórcheantar an Tearmainn.
2. Gaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann (Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir).
3. Cloich Chionnaola – Gort an Choirce, An Fál Carrach, Machaire Rabhartaigh.
4. Na Rosa – An Clochán Liath, Ailt an Chorráin, Leitir Mhic an Bhaird.
5. Árainn Mhór.
6. An Ghaeltacht Láir – Baile na Finne, Gleann Fhinne.
7. Dún na nGall Theas (leithinis Shliabh Liag).
8. Oileán Thoraí.

Maigh Eo
1. Acaill, An Corrán agus Dumha Éige).
2. Gaeltacht Iorrais .

An Mhí
1. Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Gaillimh
1. Oileáin Árann.
2. Ceantar na nOileán & Béal an Daingin (ón Tuairín siar).
3. An Cheathrú Rua (ó Dhroichead Chasla siar go dtí an Tuairín).
4. Conamara Láir (ó Chamas go Sraith Salach; Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna agus an Caiseal san áireamh).
5. Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.
6. Cois Fharraige (ó Dhroichead Chasla soir go dtí Sruthán na Líbeirtí; Na Forbacha agus An Spidéal san áireamh).
7. Ceantar Mhaigh Cuilinn.
8. Bearna agus Cnoc na Cathrach.
9. Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe – Mionlach agus Tír Oileáin.
10. Baile Chláir, Baile an Bhriotaigh, An Carn Mór agus ceantair eile an Eachréidh.

Ciarraí
1. Ciarraí Thiar.
2. Ciarraí Theas.

Corcaigh
1. Múscraí
2. Cléire

Port Láirge
1. Na Déise

Tuigeann an tÚdarás óna phlé leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go ndéanfar fógra oifigiúil maidir le comhdhéanamh na Limistéar Pleanála Teanga faoi lár an tsamhraidh. Is faoin fhógra sin a dhéanfar sainiú beacht, oifigiúil maidir leis na Limistéir sin. Tuigtear dúinn chomh maith go bhfuil an reachtaíocht thánaisteach faoina ndéanfar sainiú ar na critéir pleanála teanga a bhainfidh leis na Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge idir lámha ag an Roinn faoi láthair.

Lena chois sin, tá obair ullmhúcháin idir lámha ag an Údarás chun córais chuí a shocrú faoina roghnófar eagraíochtaí le tabhairt faoi phleanáil teanga. Tá treoirlínte maidir le pleananna teanga á n-ullmhú ag an staid seo ag an trí eagraíocht atá páirteach sa phróiseas seo (an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta) a bheidh mar thacaíocht do na heagraíochtaí pobail.