Na chéad tograí i Straitéis Nua Turasóireachta Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit McHugh

8 Feabhra, 2018

nóiméad léite

Pairc an Mhaimin

D’fhógair Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, TD, na chéad tograí atá ceadaithe faoi straitéis nua turasóireachta Údarás na Gaeltachta inniu (7/2/18). Faoin Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta a cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta i mí Meithimh 2017 tá tacaíocht ceadaithe do dhá thogra turasóireachta i nGaeltacht Dhún na nGall agus beidh fógraí ar na tograí rathúla eile á ndéanamh sna seachtainí amach romhainn.

Beidh tacaíocht faoin scéim á thabhairt d’Amharclann Ghaoth Dobhair agus d’Ionad Cois Locha i nDún Lúiche chun cur leis an gcumas bainistíochta in sna tograí straitéiseacha turasóireachta seo ar feadh tréimhse 2 bhliain.
Tugadh cuireadh i ndeireadh na bliana seo caite do thograí straitéiseacha turasóireachta Gaeltachta iarratais a dhéanamh ar an Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta agus tá sé de chead ag na tograí an tacaíocht i gcumas bainistíochta a úsáid de réir mar is mian leo i gcúrsaí bainistíochta forbartha, margaíochta agus feidhmiúcháin de réir riachtanais agus staid forbartha na dtograí. Forbrófar clár oiliúna foirmeálta do na bainisteoirí a cheapfar i gcomhair le hinstitiúidí tríú leibhéal chomh maith.

Dúirt Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin “Is mian liom ról Údarás na Gaeltachta a aithint sa straitéis seo don Ghaeltacht agus táim ag tnúth le tograí eile a fheiceáil chomh maith.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Tá áthas orainn na chéad tograí faoin scéim seo a fhógairt agus an maoiniú atá Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil do na tograí straitéiseach turasóireachta seo. Tá forbairt na turasóireachta lárnach do straitéis Údarás na Gaeltachta do na trí bliana atá romhainn agus muid ag súil le tionscnaimh rathúla eile a fhógairt sna seachtainí seo romhainn.”

Is i 1961 a hosclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair go hoifigiúil, agus cuireadh imeachtaí amharclainne agus imeachtaí cultúrtha áitiúla ar fáil do mhuintir Ghaoth Dobhair agus do chuairteoirí go dtí gur rinneadh athchóiriú ar an ionad le cúpla bliain.
Is ionad do chuairteoirí é Ionad Cois Locha atá ag bun an Earagail, láthair a thugann léargas do chuairteoirí ar stair agus ar chultúr an cheantair.