Moltaí an Bhoird Snip

17 Iúil, 2009

nóiméad léite

Aithníonn Údarás na Gaeltachta an gá atá le ciorruithe a dhéanamh ar chaiteachas poiblí agus an gá atá le hatheagar a chur ar ghnéithe áirithe den struchtúr riaracháin stáit ar mhaithe le hathbheochan na heacnamaíochta náisiúnta. Ach easaontaíonn An tÚdarás go mór le moltaí an Bhoird Snip nua maidir leis na feidhmeanna a bhaineann leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge.

Sé tuairim mheáite an Údaráis gur chun aimhleasa na Gaeltachta agus na Gaeilge a bheadh sé deireadh a chur leis an Roinn Stáit agus an Aireacht atá freagrach as cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus na feidhmeanna sin a aistriú chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Ní léir ó na moltaí céard a tharlóidh d’fheidhmeanna an Údaráis seachas an fheidhm fiontair a mholtar a aistriú chuig olleagras náisiúnta nua faoi choimirce Fhiontraíocht Éireann.

Tá an tÚdarás go mór i bhfabhar comhpháirtíochtaí le heagrais eile stáit ar mhaithe le luach airgid níos fearr a fháil don cháiníocóir. Creideann sé áfach, go bhfuil sé riachtanach go mbeadh Roinn ar leith stáit freagrach as sainfheidhm na Gaeltachta agus na Gaeilge agus go mbeadh eagras forbartha ar leith ann a dhéanfadh sainchúram de ghnéithe forbartha, teanga agus sóisialta na Gaeltachta trí chlár chuimsitheach infheistíochta mar atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é.

Tá ard-leibhéal comhoibrithe faoi láthair idir an tÚdarás agus Fiontraíocht Éireann agus creideann an tÚdarás gur féidir cuspóirí an Rialtais a bhaint amach ó thaobh na fiontraíochta de trí thógáil ar an dúshraith chomhoibrithe atá ann agus sin a fhorbairt seachas trí chomhnascadh le holleagras náisiúnta mar atá molta.

Tá súil ag an Údarás go bpléifidh pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge trí chéile na moltaí seo go cúramach, go meáfaidh siad na himpleachtaí a bhainfeadh lena gcur i bhfeidhm mar pholasaí Rialtais agus go gcuirfidh siad a dtuairimí fúthu in iúl dá gcuid iondaithe poiblí in am tráth.