Mol Nuálaíochta agus Digiteach gteic @Gaoth Dobhair oscailte

16 Aibreán, 2018

nóiméad léite

Osclóidh Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, TD., mol nuálaíochta agus digiteach ar ardchaighdeán, gteic @Gaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall inniu (Dé Luain, 16/4/18). I gcuideachta Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh déanfar an spás d’os cionn 1400 méadar cearnach a oscailt go hoifigiúil mar chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta.

Is gréasán de 30 mol nuálaíochta & digiteach é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta atá á bhunú i gceantair ar fud Ghaeltacht na hÉireann. Beidh na moil nuálaíochta seo fud fad Shlí mhaorga an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh agus beidh Port Láirge agus An Mhí in Oirthear Ársa na hÉireann san áireamh freisin. Beidh sé oileán Gaeltachta agus seacht n-oileán nach bhfuil sa Ghaeltacht áirithe chomh maith mar chuid lárnach den éiceachóras digiteach seo chun tacú le hinbhuanaitheacht phobal na n-oileán seo amach ón gcósta.

Tá 20 deasc shealaíochta agus spásanna roinnte do chian oibrithe agus ríomhoibrithe forbartha i gteic @Gaoth Dobhair agus deiseanna leathnaithe ann amach anseo freisin. Tá suas le 26 spás oifige lánfheistithe agus aonaid ghorlainne forbartha do ghnóthaí atá ag tosú nó ag fás ann chomh maith.

Mar chrann taca ag an bhforbairt tá rochtain idirlín ardluais ar féidir a theacht ar chumas leathanbhanda gigighiotáin ann. Éascaíonn na háiseanna nuafhorbartha comhdhála, cruinnithe, traenála agus físchomhdhála atá ar fáil ar chíos réasúnach do bhaill gteic agus d’eagraíochtaí eile féidearthachtaí móra maidir le gnó.

Faoi láthair meastar go bhfuil suas le 18 togra agus gnó ag feidhmiú i gteic @Gaoth Dobhair agus suas le 50 duine fostaithe iontu. Tá beocht ar leith san áis dá bharr agus tá an t-ionad anois mar chuid d’éiceachóras digiteach atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta agus atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 30 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.
Osclaíodh trí mhol go dtí seo, ceann i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, ceann i nDaingean Uí Chúis i gCo. Chiarraí agus inniu i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. Beidh trí mhol eile á n-oscailt agus ag cur fáilte roimh chustaiméirí ar an gCeathrú Rua, sa Spidéal agus i gCarna i gCo. na Gaillimhe roimh dheireadh 2018.

Beidh an mol ina bhorradh iontach d’iarthuaisceart Dhún na nGall, áit a mbeidh deis ag gnóthaí nua nó atá ag tosú amach lonnú ann. Áis a bheidh ann gur féidir le daoine forbairt a dhéanamh ar choincheap agus tacaíocht nó meantóireacht a fháil. Ina theannta sin tabharfaidh gteic@Gaoth Dobhair deis do dhaoine ón gceantar teacht ar ais agus cuid nó formhór a seachtain oibre a chaitheamh ag cian oibriú ón mol ar scála náisiúnta nó domhanda. Tacóidh a leithéid le pobail inbhuanaithe tuaithe a chothú.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Tá forbairt Gréasán Digiteach na Gaeltachta lárnach do straitéis forbartha an Údaráis sna blianta amach romhainn chun an scéal faoi cheantair tuaithe na hÉireann a athrú. Tacóidh an Gréasán le príomhchuspóir an Údaráis pobail inmharthana Gaeltachta agus Teanga a chruthú agus a chothú. Cúis ríméid dúinn go mbeidh na moil ina spreagadh do dhiaspóra na Gaeltachta filleadh ar a ndúchas agus a n-áit baile trí dheiseanna forbartha gnó nó cian oibrithe a thapú sna háiseanna den scoth atáimid ag iarraidh a fhorbairt.”