Míshástacht agus imní Bhord an Údaráis faoi mhaoiniú 2011

13 Nollaig, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta inniu (10ú Nollaig) sna Forbacha, léirigh Bord an Údaráis míshástacht an-mhór agus imní faoi mhaoiniú na heagraíochta don bhliain 2011 agus don todhchaí. I gcomparáid le €15m caipitil a bhí ar fáil ón Státchiste in 2010, ní bheidh ach €6m ar fáil in 2011. Tá €6.2m eile le cur ar fáil ó fhoinsí na heagraíochta féin ar a n-áirítear sprioc de €2m ó dhíolachán sócmhainní tráth a bhfuil an tóin tite as margadh na maoine. Creideann an tÚdarás go bhfuil feidhm fiontair an Údaráis á lagú de réir a chéile tráth a bhfuil sé á chruthú ag an fhoireann go bhfuil siad in ann torthaí fiúntacha a sholáthar don Státchiste agus don Ghaeltacht fiú san aeráid mharbhánta eacnamaíochta atá ann faoi láthair.

Ag cruinniú an Bhoird inniu ceadaíodh 55 togra a bhfuil €2.9m de chúnamh stáit i gceist iontu a chuirfidh 193 post nua ar fáil nuair a bheidh siad faoi lánseol. Ainneoin an ról lárnach atá ceaptha a bheith ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di de réir na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, is léir don Údarás go bhfuil an bonn á bhaint ó fheidhm fiontair na heagraíochta nuair a chaithfidh sé an sprioc fhostaíochta a laghdú ó 600 in 2010 go dtí 300 in 2011 tráth a bhfuil gá níos mó ná riamh le fostaíocht. Chinn Bord an Údaráis a iarraidh ar gach eagraíocht Ghaeltachta agus Ghaeilge ceist bheo a dhéanamh de thodhchaí an Údaráis i gcomhar le comhaltaí an Údaráis le hionadaithe poiblí, san olltoghchán atá le bheith ann go luath in 2011 san áireamh.